Tá “cic sa tóin” de dhíth ar phobal na Gaeltachta ach tá faillí á déanamh ag gluaiseacht na Gaeilge i ‘tobar beo’ na teanga, dar leis an scríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain.
Agus Léacht Uí Chadhain á thabhairt aige i mBaile Átha Cliath aréir, dúirt Ó Neachtain go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge “róthrodach, gearánach” agus nach dtig déanamh d’uireasa na Gaeltachta in ainneoin na n-éachtaí atá déanta lasmuigh di.
Maidir le cúrsaí amharclainne, mhaígh sé go mbíonn lucht drámaíochta ag fónamh do mholtóirí agus ‘theatre goers’ seachas don phobal a shantaíonn an éigse.
Is lena mharbhna álainn féin don Chadhnach a chuir Ó Neachtain ceann lena chaint chumasach.
Le linn na léachta céanna phléigh sé a chaidreamh féin leis an gCadhnach. Ainneoin gaol cleamhnais a bheith aige le húdar Cré na Cille, agus gur as an gcoirnéal céanna de Chonamara an bheirt acu, ba i mBaile Átha Cliath a bhí cónaí ar an gCadhnach le linn óige Uí Neachtain. Dá bharr sinn, ba ina dhiaidh sin a chuir siad aithne ar a chéile. Fearacht go leor, sheachain sé an Cadhnach de bharr an cháil a bheith air a bheith taghdach.
Mar sin féin, ba as an gcomhluadar agus as an mbéaloideas céanna a fáisceadh Máirtín agus Joe Steve, agus rinne sé cur síos oilte ar an bhfiannaíocht agus an nathaíocht a mhúnlaigh an Cadhnach agus go deimhin é féin.
Thug sé léargas beoga freisin ar shaibhreas an bhéaloidis le linn a óige féin agus ar an gcaoi ar athraigh sé leis an saol.
Thug sé léargas freisin ar Cré na Cille, agus mhaígh sé nach bhfuil de bhréag sa leabhar sin ach an séanadh ag a thús nach bhfuil aithris ann ar bheo ná ar mharbh.
Bheadh sé féin in ann ainm a chur le go leor de na carachtair, a dúirt sé. Bhí sé in aois a seacht tráth a fhoilsithe, ach níor chuala sé trácht ná iomrá air an uair sin ag airneán ná teach cuartaíochta.
Den chuid is mó, ní raibh léamh na Gaeilge an uair úd ach acu siúd a raibh oideachas ollscoile orthu, agus b’fhéidir gur amhlaidh an scéal fós.
Ba nuair a rinne Johnny Chóil Mhaidhc Cré na Cille a chóiriú do Raidió na Gaeltachta, agus ina dhiaidh sin nuair a bhí sé páirteach i leagan stáitsithe den leabhar sa Taibhdhearc, a chuir Joe aithne cheart ar an saothar.
Mhaigh sé go bhfuil dhá dhráma ar mithid iad a stáitsiú do na Gaeil gach deich mbliana – aistriúchán Mháirtín Uí Chorrbuí ar An Strainséara Dubh le Gerald Healy, agus Cré na Cille.
Bhain an dara leath dá chuid cainte, le ceist na drámaíochta agus na drámaíochta amaitéaraí go háirithe. Mothaíonn sé go bhfuil drámaí atá oiriúnach don phobal á mbrú i leataobh ag saothair anall as Meiriceá a bhfuil duaiseanna bainte amach acu.
Dúirt Ó Neachtain go mbíonn lucht drámaíochta ag fónamh do mholtóirí agus ‘theatre goers’ seachas don phobal a shantaíonn an éigse.
Ag tagairt dó do chás na teanga féin, d’éiligh sé go láidir go seasfaí leis an teanga sa Ghaeltacht ainneoin na n-éachtaí atá déanta ar a son lasmuigh di. Ghéill sé go bhfuil cic sa tóin ag teastáil ó phobal na Gaeltachta féin maidir le ceist na teanga, dúirt go bhfuil faillí á déanamh mar sin féin ag gluaiseacht na Gaeilge ar thobar beo na Gaeilge labhartha nach dtig déanamh dá uireasa.
Tá gluaiseacht na Gaeilge róthrodach, gearánach, dar leis.
Agus é ag caint ar dhearcadh an Stáit i leith na Gaeilge, dúirt sé fiú más féidir an teanga a streachailt astu ‘gur aniar as a dtóin’ a thiocfaidh sí seachas “óna gcroí”.
Ainneoin an tábhacht a bhaineann le cearta a éileamh, dar leis, is gá freisin an dream nach bhfuil Gaeilge acu ach a bhfuil dea-thoil acu di a mhealladh leis an gcruthaitheacht agus an ealaíon.
Caint iontach a bhí fite, fileata gan bunchleite isteach ná barrchleite amach.
Is eagal liom, áfach, go raibh cuid den lucht éisteachta chomh cleachta anois ar liathuisce de Ghaeilge nár bhain siad lántairbhe as a chaint chraicneach chréúil.
Is mithid an tobar a neartú go mbeidh fíoruisce Ghaeilge na Gaeltachta ar fáil do níos mó againn!
Eoin Ó Murchú
Is íontach a fheiceail go bhfuil an spiorad céanna I gcónaí ag Joe Steve is a thug sé isteach leis I nGluaiseacht Chearta sibhialta na Gaeltachta blianta ó shoin. B’fhiú don aos óg foghlaim uaidh is bheith gníomhach; b’fhiú do Ghluaiseacht na Gaeilge gan dul ar strae agus an tobar beo – is cén chaoi é a leathnú amach – a choinneail i dtosach aigne.
Pól Ó Braoin
Togha fir is ea Joe… Duine de laochra mór na teanga é féin agus an t-ádh orainne Gaeil é bheith inár measc… Go bhfága Dia an tsláinte aige… :)
Angela Ní Mhuirí
“Is eagal liom, áfach, go raibh cuid den lucht éisteachta chomh cleachta anois ar liathuisce de Ghaeilge nár bhain siad lántairbhe as a chaint chraicneach chréúil.” – ZZZZzzzz. Conas a bheadh a fhios ag an scríbhneoir céard a thuig nó nár thuig an lucht éisteachta? Ag déanamh a léamh fhéin ar chúrsaí atá sé ansin….
Aonghus
Toisc go ndúirt daoine éagsúla liom go raibh deacrachtaí acu é a thuiscint
Mairin Ui Cheide
An bhfuil aon seans go gcuirfidh I gcló an léacht duinne nach raibh in ann a bheith iláyhair. Nuair a labhríonn Jeo Steve, is fiú éisteacht!! Tá an bóthar seo súilte aige, le cluasa agus súile oscailte. Tá a údaras saothraigh go maith aige. Go bhfága Dia a neart agus a bhrí aige
Donncha Ó hÉallaithe
Aréir líonadh Seanscoil Sailearna, i gCois Fharraige, don ceathrú uair le daoine a bhí ag iarraidh seó ilmheánach a chuir Joe Steve le chéile faoin mbaint a bhí ag Cois Fharraige le 1916 agus Cogadh na Saoirse agus faoin Éirí Amach i gCois Fharraige a thosaigh le bunú Chumann Forbartha Chois Fharraige 50 bliain ó shin, as a d’eascair go leor. Domsa ba é an buaicphoinnte ná na déagóirí ag an deireadh ag léamh amach forógra gearr a thug le fios go mbeidís siúd dílis don fhís a bhí ag Joe Steve agus ag na daoine eile a bhunaigh an Cumann Forbartha agus a bhunaigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Is seoid de dhuine é Joe Steve agus is laoch é, ar pribhléid dom aithne a bheith agam air.
Manus
Aisteach go cheapann Joe Steve go bhfuil leithéid de rud agus gluaiseacht na Gaeilge ann agus go bhfuil sí “ró-throdach”. Nárb é “Dearg le Fearg”an t-aon rud trodach a tharla le 20 bhliain. Damp squib” a bhí ansin. Ní eagraíocht sa tír (atá ar son athbheochaint na Gaeilge) trodach níos mó agus cén caoi go mbeadh f’íor throid á thosú ag eagraíochtaí atá ag braith ar Deontais Stáit!
Nár tugadh ciceanna sa tóin do muintir na Gaeltachta i leabhar Hindley Death of the Irish language” i 1992 sa Staidéir Chuimsitheach i 2002? Ní léir go riabh tionchar ar bith ag na ciceanna tóin sin ach an muileann Deontai ag meilt leis i gcónaí.
Donncha Ó hÉallaithe
“Nár tugadh ciceanna sa tóin do muintir na Gaeltachta i leabhar Hindley Death of the Irish language” i 1992 sa Staidéir Chuimsitheach i 2002? Ní léir go riabh tionchar ar bith ag na ciceanna tóin sin ach an muileann Deontai ag meilt leis i gcónaí.” Dá mbeifeá i Seanscoil Sailearna aréir, b’fhéidir nach mbeadh tú chomh siniciúl sin faoin nGaeltacht, a Mhánais.