Chuig Colm Ó Gaora as Ros Muc a scríobh an Piarsach litir a díoladh ar €5,000

Fianaise aimsithe a dheimhníonn gur eolas míchruinn a bhí ag na ceantálaithe gur chuig seanchaí as Maigh Eo a seoladh an litir

Chuig Colm Ó Gaora as Ros Muc a scríobh an Piarsach litir a díoladh ar €5,000

Tá sé deimhnithe anois nár chuir Pádraig Mac Piarais an litir a díoladh ar ceant an tseachtain seo chuig an seanchaí as Maigh Eo, Micheál Mac Ruaidhrí, mar a mhaígh an comhlacht ceantálaithe.

Ba chuig Colm Ó Gaora, údar agus poblachtánach as Ros Muc i gConamara, a seoladh an litir a scríobhadh ar pháipéar sainchlóite de chuid An Claidheamh Soluis ar a raibh Pádraig Mac Piarais ina eagarthóir ag an am.

Íocadh €5,500 ag ceant ar líne de chuid an chomhlachta ceantálaithe Adam’s as Baile Átha Cliath ar an bhunchóip den litir lámhscríofa Ghaeilge ó pheann an Phiarsaigh, a bhfuil an 19 Deireadh Fómhair 1904 luaite uirthi.

Maíomh sna nótaí eolais a bhí le léamh i gcatalóg an cheant gur ó theaghlach Mhic Ruairí a fuair uncail leis an díoltóir an litir mar chomhartha buíochais as leacht chuimhneacháin a thógáil i gcuimhne Mhichíl Mhic Ruaidhrí.

Deir Cuan Ó Seireadáin, iarchartlannaí Chonradh na Gaeilge agus saineolaí ar An Claidheamh Soluis, go bhfuil sé “céad faoin gcéad cinnte” gur chuig Colm Ó Gaora as Ros Muc a seoladh an litir.

Admháil atá i litir an Phiarsaigh go raibh scéal de chuid Choilm Uí Ghaora ‘Scolb Glas Mac Rí in Éirinn’, faighte ag an eagarthóir agus go gcuirfí i gcló é “chomh luath agus a bheas áit agam dó”.

Dúradh sa litir go mbeadh moill ar feadh “sgathamh beag” ar fhoilsiú an scéala mar go raibh go leor ábhar i nGaeilge Chonnacht ag an eagarthóir. Bheadh “na Muimhnigh agus na hUltaigh ag clamhsán” dá gcuirfí tuilleadh i gcló, a dúirt an Piarsach.

Dúirt Cuan Ó Seireadáin, a bhí i mbun tionscnamh a rinne digitiú ar An Claidheamh Soluis, nach bhfuil “amhras ar bith” air ach gur seoladh an litir atá i gceist chuig Colm Ó Gaora, i Ros Muc.

“Foilsíodh scéal Choilm Uí Ghaora ina shé chuid in eagráin an nuachtáin idir mí na Nollag 1904 agus Feabhra 1905. Ainm cleite Choilm ‘An Gruagach Bán’ a bhí luaite leis an gcéad chúig shliocht den scéal ach bhí an t-ainm ‘Colm Ó Gearraigh as Ros Muc’ le feiceáil ag críoch an scéil,” a dúirt Ó Seireadáin.

In alt a foilsíodh ar an suíomh seo dhá bhliain ó shin, mhaígh Seosamh Ó Cuaig, colúnaí de chuid Tuairisc.ie, gur chuig a sheanuncail, Colm Ó Gaora, a seoladh an litir chéanna, a foilsíodh in athuair in eagrán na bliana sin den iris Ghaeilge Biseach.

Dúirt Ó Cuaig ina cholún go raibh “údar maith” aige lena cheapadh gur chuig a sheanuncail a seoladh an litir mar gur foilsíodh é ina leabhar beathaisnéise Mise, a foilsíodh den chéad uair i 1943.

“Nuair a scríobh Colm an leabhar Mise bhí sé chomh bródúil as an litir sin gur chuir sé ina luí ar na foilsitheoirí cóip di a chur i lár an leabhair,” a scríobh Seosamh Ó Cuaig san alt.

Rinne Ó Cuaig trácht sa cholún céanna ar an chuntas a thug Colm Ó Gaora féin ina bheathaisnéis ar fhoilsiú an scéil ‘ Scolb Glas Mac Rí in Éirinn’.

‘Babhta amháin dá raibh an Piarsach ar saoire san áit seo, thug mo ghnó mé in aon turas go dtí é agus beart de mo chuid scríbhinní agam. Thaispeáin mé dó iad agus cheadaigh mé é. Thug sé gach uile mhisneach dom leanúint orm. Chomhairligh sé dom ceann de na seanscéalta a chur chuige. Ghlacas a chomhairle agus ba é an ceann a thit isteach i m’intinn a chur chuige: Scolb Glas Mac Rí in Éirinn. Ó m’athair a thógas síos an scéal céanna. Leis an aimsir chuir an Piarsach faoi chló ina pháipéar é. Ní fhaca tú riamh mac ba ríméadaí ná mise nuair a chonaic mé mo scéal féin ar an gClaidheamh ina dhiaidh sin. Scéal fada a bhí ann, agus chaith sé seacht nó ocht de sheachtainí ag rith tríd an bpáipéar.’

Dúirt Cuan Ó Seireadáin gur léir gur údar bróid d’údar Mise litir an Phiarsaigh toisc gur foilsíodh é “ar bhealach snasta” mar fhillteán ina leabhar “tráth a raibh páipéar agus airgead gann”.

“Ní dhéanann sé ciall ar bith go ndéanfadh Ó Gaora iarracht mar sin i dtaobh foilsiú na litreach ina leabhar beathaisnéise murach gur chuige féin a cuireadh an litir.”

Dúirt Ó Seireadáin chomh maith go raibh “fianaise láidir” ann a chuaigh “in aghaidh” na tuairime gur chuig Micheál Mac Ruaidhrí a cuireadh litir an Phiarsaigh.

Meastar nár chuir Mac Ruaidhrí aithne ar an Phiarsach go dtí go ndeachaigh sé ag obair mar gharraíodóir i Scoil Éanna, a bunaíodh i 1908, tamall i ndiaidh sheoladh na litreach.

In alt faoi Mhicheál Mac Ruaidhrí a foilsíodh san Irish Independent roinnt blianta ó shin rinneadh tagairt den “drochradharc” a bhí ag an seanchaí as Maigh Eo agus dúradh nach raibh léamh ná scríobh aige. Ar ndóigh ní raibh gach duine ar aon intinn faoi sin mar is léir ó na nótaí beathaisnéise ar ainm.ie

Born with poor eyesight, Micheál spent little time at school and couldn’t read or write, but notwithstanding this he went on to become one of the best known figures of the Gaelic revival in the closing years of the 19th century. 

Dar le Ó Seireadáin gur “beag seans” dá mb’amhlaidh an cás go mbeadh litir á scríobh ag an Phiarsach chuig fear Mhaigh Eo.

“Is í an cheist mhór atá i m’intinn agamsa anois, cén chaoi a bhfuair muintir Mhic Ruaidhrí an litir a seoladh chuig Colm Ó Gaora?” a dúirt Cuan Ó Seireadáin.

Fág freagra ar 'Chuig Colm Ó Gaora as Ros Muc a scríobh an Piarsach litir a díoladh ar €5,000'

  • Peadar Mac Mághnais

    Foillsíodh The Letters of P.H.Pearse (Colin Smythe 1980 agus Bhí Séamus Ó Buachalla mar eagarthóir ar an leabhar. Tá an litir chonspóideach i gcló ar leathanach 391, agus ag an am sin bhí an litir i seilbh Museum Poiblí Chorcaí (L. 95/ MPC) Rinneadh tagairt arís don litir sa nóta beathaisnéise a scríobh Ó Buachalla faoi Colm Ó Gaora ar chúl an leabhair.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Cén fáth a raibh an litir i Museum Poiblí Chorcaí, meastú?

  • Conchita Rooney

    Tà go leor litreacha bunchòip thuas sa Museum Naisiunta i BAC, a d’fhag mo uncail, Peadar O’Gaora, mac le Colm O’Gaora ann. Bhì litreacha ó Pharaic Mac Piaras and daoine cailiuil eile ag an àm sin ann. B’ fhiù glaoch a dheanamh chun na litreacha a fheiceáil.