€5,500 íoctha ar litir lámhscríofa Ghaeilge ó pheann an Phiarsaigh ag ceant

Bhí ábhar a bhain le Pádraig Mac Piarais agus le Micheál Ó Coileáin i measc na n-earraí a díoladh ar an gceant ar líne

€5,500 íoctha ar litir lámhscríofa Ghaeilge ó pheann an Phiarsaigh ag ceant

Díoladh an bhunchóip de litir lámhscríofa Ghaeilge de chuid Phádraig Mhic Phiarais inné ar €5,500 ar ceant ar líne de chuid an chomhlachta ceantálaithe Adam’s as Baile Átha Cliath.

Triúr a bhí san iomaíocht leis an litir a cheannach agus d’ardaigh an praghas 17 uair le linn an cheant. Ba í tuairim na gceantálaithe gur idir €5,000 agus €7,000 a rachadh an litir.

Ar pháipéar sainchlóite de chuid An Claidheamh Soluis ar a raibh sé ina eagarthóir ag an am a scríobh an Piarsach an litir chuig an seanchaí agus poblachtach Micheál Mac Ruairí as Tuaisceart Mhaigh Eo ar an 19 Deireadh Fómhair 1904. Ó theaghlach Mhic Ruairí a fuair an díoltóir an litir seo mar chomhartha buíochais as leacht chuimhneacháin a thógáil ina chuimhne.

 

D’oibrigh Mac Ruairí mar gharraíodóir ag Scoil Éanna i mBaile Átha Cliath agus bhí sé in Ard-Oifig an Phost leis an bPiarsach le linn Éirí Amach na Cásca 1916. Cuireadh i bpríosún i Frongoch na Breataine Bige é tar éis an Éirí Amach agus bhí sé ar dhuine acusan a mhúin Gaeilge do phríosúnaigh eile na réabhlóide a bhí i ngéibheann ansin.

Admháil atá sa litir go raibh scéal de chuid Mhichíl Mhic Ruairí faighte aige agus go gcuirfí i gcló í “chomh luath agus a bheas áit agam dó”. Bheadh moill ar feadh “sgathamh beag” mar go raibh go leor ábhar i nGaeilge Chonnacht ag an eagarthóir. Bheadh “na Muimhnigh agus na hUltaigh ag clamhsán” dá gcuirfí tuilleadh i gcló, a dúirt an Piarsach. Mhol sé don seanchaí tuilleadh seanscéalta a scríobh ach nach bhfoilseofaí iad go dtí go mbeadh an ceann a bhí i seilbh an eagarthóra foilsithe ar dtús.

Ag an gceant céanna díoladh cóip de leabhar an Phiarsaigh ‘Suantraidhe agus Goltraidhe’ a bhí tiomnaithe ag an údar ina lámh féin leis an teachtaireacht “Do Cholm Ó Lochlainn, ó Phádraic Mac Piarais, 20 Bealtaine 1914”. Íocadh €1,500 ar an leabhar a raibh beirt san iomaíocht lena cheannach ag an gceant. Íocadh €400 ar bhunchóip de ghrianghraf den Phiarsach, pictiúr a bhfuil cóipeanna de foilsithe go forleathan.

Íocadh €500 ag an gceant céanna ar phictiúir neamhchoitianta do Mhicheál Ó Coileáin agus é ina shuí i ngluaisteán oscailte agus mála cáipéisí ar a ghlúine agus €300 ar chárta cuimhneacháin Gaeilge ar bhás Mhichíl Uí Choileáin ar a bhfuil an ceannteideal “Níor mhór leis a anam ar leas a charad”.

Fág freagra ar '€5,500 íoctha ar litir lámhscríofa Ghaeilge ó pheann an Phiarsaigh ag ceant'