Ba mhaith an teideal ar chlár faisnéise é Have You Never Heard of Bill Fuller? Deir go leor daoine gur chuala siad trácht ar Bill Fuller ach is beag duine go bhfuil an scéal ar fad acu. Agus go deimhin, tar éis uair go leith a chaitheamh ag féachaint ar an scannán seo, bhí daoine fós ag rá nach raibh an scéal ina iomláine cloiste acu.
Bhí a fhios agam gur chuala mé a ainm luaite le scéal Teach Furbo, mar a tugadh ar an Connemara Coast Hotel, i dtús ama. Agus tá an teach ósta sin luaite sa scannán faisnéise seo, ach is beag a chloiseann muid faoi, tá an oiread eile le hinsint faoin bhfear eisceachtúil, rúnda seo.
Taispeánadh an scannán mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath agus toisc gurb é an chéad léiriú é, bhí go leor de na daoine a bhí bainteach leis, sa lucht féachana. Bhí gaolta le Fuller ann chomh maith le daoine a casadh air i rith a shaoil agus, bhí tráchtairí agus ceoltóirí a bhí páirteach sa scannán ann freisin. Ina measc bhí seanmhéit liom ó RTÉ, Colm O’Callaghan, an t-eagarthóir coimisiúnaithe a spreag an smaoineamh. Bhí an stiúrthóir David Burke ann chomh maith le duine de na léiritheoirí, Seán Ó Cualáin.
Cad é an rud is mó a luaitear le Bill Fuller? Braitheann sé sin ar an té a bhfuil tú ag caint leis. Fear mór hallaí damhsa a bhí ann tráth. Ach in Éirinn, i Sasana agus i Meiriceá, ba thógálaí, infheisteoir, fear mór bannaí ceoil, óstán, agus ag deireadh a shaoil. sirtheoir óir a bhí ann freisin. An fear a thug Johnny Cash go hÉirinn. Agus a thug Brendan Bowyer go Las Vegas.
Chuir Fuller stáitse ar fáil i dteach ósta McGonagles (an Crystal Ballroom tráth) do bhannaí ceoil nua-aimseartha – U2 agus a leithéid, nuair nach raibh mórán áiteacha ann a dhéanfadh a leithéid, agus chabhraigh sé le forbairt na mbannaí ceoil sna hallaí damhsa.
Fear é a bhí thar cionn ag féachaint chun cinn agus ag tabhairt faoi deara cá raibh an chéad deis eile le punt a shaothrú.
Bhí sé óg go maith nuair a chuaigh sé ar imirce go Londain. Thit sé amach lena athair faoi rud éigin a bhain le hairgead agus socrú síos agus thug sé a aghaidh ar an mbád bán. Murach gur tharla an t-aighneas sin, cá bhfios nach mbeadh a shliocht fós ag feirmeoireacht i gCiarraí? Ach caolseans gur mar sin a bheadh. Ní duine é Bill Fuller a shocraigh síos aon áit.
Thosaigh sé i mbun tógála i Sasana tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Bhí go leor glanadh suímh le déanamh ar dtús. Dúradh faoi gur leag seisean gach rud nach raibh leagtha ag Hitler roimhe. Híreáil sé na céadta oibrí tógála agus ar an bpointe chonaic sé deis eile. Nach mbeidís sin ag iarraidh áit le dhul tar éis na hoibre? Nach mbeadh fonn damhsa orthu?
Thóg sé hallaí damhsa a bhain cáil amach -The Buffalo Club i Londain, an Crystal i mBaile Átha Cliath, chomh maith le hallaí eile sa bpríomhchathair agus i mbailte eile thíos faoin tír. Ach ní duine é a rinne aon rud ar scála beag, bhí na hallaí tógtha go maith, maisithe go deas agus spás iontu do na céadta damhsóir. Phós Bill Fuller agus bhí ceathrar clainne acu. Duine díobh sin an iníon a d’inis scéal an ‘Electric Ballroom’ sa scannán.
Bhí cáil mhór ar na halla sin (an ‘Buffalo’ go dtí gur athraíodh na t-ainm) toisc gur ann a cuireadh go leor de na bannaí ceoil ‘rac’ ar an stáitse den chéad uair. Ag tráth amháin bhí an comhlacht traenacha faoi thalamh i Londain ag iarraidh an Ballroom a leagan chun forbairt a dhéanamh ar an gcóras traenach. Ach throid Fuller go fíochmhar as gcúirt agus bhuaigh sé a chás. Tá an Electric Ballroom ann i gcónaí. Ach tá go leor eile de na hionaid a d’fhorbair sé, imithe as radharc agus as cuimhne.
Nuair a chuaigh sé go Meiriceá d’fhág sé a bhean agus a chlann i Sasana, agus thosaigh sé ag cur coirmeacha ceoil chun cinn sna Stáit. Chonaic sé go raibh tallann ar leith ag an amhránaí óg Carmel Quinn agus d’éirigh thar cinn léi ar an stáitse thall. Bhí cáil uirthi go forleathan agus í in ann Halla Carnegie a líonadh gan stró. Phós sé í agus bhí clann eile aige.
Insíonn duine de na hiníonacha an scéal faoin gcaoi a bhfuair sí féin amach go raibh an dara clann ann. Dúradh léi dul suas go dtí seomra leapan in óstán toisc go raibh duine ansin a bhí ag iarraidh castáil léi. B’in é an chéad uair a bhfuair sí amach go raibh deirfiúr eile aici. Ar nós go leor a bhfuil páirt acu i scéal Bhill Fuller, daoine tuisceanacha, deasa a bhí iontu agus níl acu ach cuimhní dearfacha, is cosúil, faoin bhfear áirid seo. Ba léir go ndearna Carmel Quinn saibhreas airgid le linn a saoil cantaireachta ach ní dócha go bhfaca sí féin mórán den teacht isteach sin. Bill a bhíodh i mbun na bpingineacha i gcónaí.
Bhí sé le tuiscint gur fear mór ban a bhí ann. Bhí scéal an-suimiúil ann faoi bhean i Meiriceá a bhí faoi thriail maidir le dúnmharú a fir chéile. D’íoc Bill na costais go léir a bhain leis an gcás agus leis an achomharc – bille na milliún dollar, ba chosúil, agus ar deireadh saoradh í ach níor chuala muid focal eile fúithi ina dhiaidh sin.
Bhí an t-iarAire Rialtais agus buaiteoir boinn Uile-Éireann, Jimmy Deenihan páirteach sa chlár. Ciarraíoch eile ar ndóigh agus fear a d’fhéadfadh a bheith imithe ar mhalairt treo nuair a bhí sé óg. Bhí cion ag Bill air agus thairg sé post dhó i Meiriceá. D’inis Jimmy dúinne go raibh Fuller sásta íoc as an gcoláiste thall, ach níor ghlac sé leis an tairiscint. Is dócha gur chaill sé an seans dul ag mianadóireacht óir le Bill Fuller.
Sa lucht féachana i ndiaidh an scannáin labhair daoine faoin aithne a bhí acu air. Bhí smacht iomlán ag Fuller ar na ceoltóirí a bhí faoina stiúir ag an am. Lá amháin bhí an Royal ar stáitse agus iad réidh le taispeántas ceoil a dhéanamh i gcomhair ‘éisteacht’ le haghaidh Caesar’s Palace i Las Vegas. Seans mór a bhí anseo le ‘briseadh isteach’ i Meiriceá.
Bhíodar ar sórt stáitse ciorclach agus iad ag dul timpeall ag fanacht le tús a chur leis an éisteacht. Bhuail an fón ar an mballa. Ghlac Bill Fuller seilbh ar an bhfón, dúirt cúpla focal agus leag ar ais arís é. Nuair a tháinig an banna ceoil timpeall ar an stáitse ciorclach arís i ngar do Bhill Fuller, bhéic sé amach – ‘Bhí cúpla ag do bhean chéile aréir san ospidéal. Tá chuile dhuine go maith.’
Agus bhí an cúpla sin le Eddie Sullivan, fear an trumpa, duine den bheirt ón Royal Showband atá fós beo, sa lucht féachana le cruthú go raibh siad fós ‘go maith’.
Fág freagra ar 'Chuala go leor daoine trácht ar Bill Fuller ach is beag duine go bhfuil an scéal ar fad acu'