‘Chreid mé, i m’aigne linbh, go raibh ar chumas mo mháthar mé a chosaint ar héileacaptair Iosrael’

Seo an chéad alt i sraith alt le Al-Orjwan Shurrab faoi aistear máthar in aimsir chogaidh

‘Chreid mé, i m’aigne linbh, go raibh ar chumas mo mháthar mé a chosaint ar héileacaptair Iosrael’

Ceantar Shujaiya ina bhallóga. Pictiúr le Nadera Mushtaha.

Is oideachasóir agus scríbhneoir de bhunadh Gaza í Al-Orjwan Shurrab. Tá sraith alt á scríobh aici mar gheall ar a saol féin agus ar shaol mhuintir Gaza ó thosaigh an cogadh i nDeireadh Fómhair 2023. Beidh aistriúcháin ar chuid de na hailt sin á bhfoilsiú ar www.tuairisc.ie sna seachtainí amach romhainn, le caoinchead Orjwan

‘Níl ann ach tinte ealaíne…’

An seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Mhúscail mé go luath ar maidin, ag déanamh réidh le dul go scoil an rialtais, áit a raibh mé ag múineadh Béarla. Lá ciúin suaimhneach a bhí ann agus bhí muintir an tí fós ina gcodladh – m’fhear céile Mohammed agus ár mbeirt pháistí óga, mac agus iníon. Ansin, mar a bhuailfeá do dhá bhos ar a chéile, tháinig claochlú ar an saol agus ar gach a raibh ann.

Na buamaí a chuala muid i dtosach. Ach is de bhunadh Gaza muid agus tá seanchleachtadh againn ar thorann na buamála. Le blianta anuas, níor chaith muid dhá lá i ndiaidh a chéile gan pléascanna a bheith le cluinstin againn. Ach, roinnt uaireanta an chloig ina dhiaidh sin tháinig an scéal creathnach chugainn, go raibh fórsaí na frithbheartaíochta i ndiaidh ruathar a thabhairt thar an teorainn le hIosrael agus gialla a thabhairt leo. Is ansin a bhí a fhios againn gurbh é an cogadh a bhí i ndán dúinn. Cogadh dearg.

I gceantar na teorann, in oirthear Khan Younis, atá an scoil suite (cé gur ‘a bhí’ ab fhearr dom a scríobh). Thosaigh mo chomhghleacaithe sa ghrúpa WhatsApp ag seoladh teachtaireachtaí chun a chéile. Dúirt siad go raibh trodaíocht dhian ann agus nach bhfillfeadh siad ar an obair go mbeadh fios níos fearr acu cad é go díreach a bhí ag titim amach. Chuaigh an eagla ag cúrsáil trí mo chuisle. D’fhill mé ar mo sheomra agus fuair mé m’fhear céile romham, ag cuardach na scéalta ba dhéanaí ar a ghuthán.

Chuaigh cúrsaí chun donais ansin, ach ní d’aon bhuille amháin. Chuir muid an teilifís ar siúl agus d’amharc ar Al Jezeera. Ní raibh a fhios againn cad é a bhí romhainn, ach níor shamhail duine ar bith againn go mbeadh muid mar atá muid inniu.

Ameera, deirfiúr chéile an údair

Ach oiread le ceantar ar bith eile cois teorann, bíonn Khan Younis i gcónaí contúirteach nuair a théann an choimhlint le hIosrael i ngéire. Tharla, mar sin, go raibh muidne i measc na chéad daoine arbh éigean dóibh a dtithe a fhágáil. Thriail muid ar theach mo dheirféar céile, atá in Khan Younis ach atá píosa níos faide ar shiúl ón teorainn. An chéad oíche a chaith muid ann, ní raibh stad ar an bhuamáil. Chuir mé an páistí ina luí luath, nó is le linn na hoíche is measa a bhíonn an bhuamáil i gcónaí.

Ba í mo mháthair mo chrann taca riamh. Is cuimhin liom gur dhúirt sí liom, in aimsir chogaidh eile, ‘Ná bíodh eagla ort. Tá mise leat. Tá do mháthair leat. Ní ligfidh mise d’aon ní ná d’aon neach tú a ghortú.’ Agus chreid mé, i m’aigne linbh, go raibh ar chumas mo mháthar mé a chosaint ar héileacaptair Iosrael. Is é mo shealsa anois é mo chlann féin a chosaint, agus tá mé scanraithe.

Trí bliana d’aois atá Orjwan bheag anois. I gcaitheamh na mblianta sin, rinne Iosrael dhá ionsaí eile orainn. In 2021 a bhí an chéad cheann acu. Rinne mé mo sheacht ndícheall an t-am sin aithris ar shampla mo mháthar, sa dóigh is nach dtabharfadh m’iníon faoi deara go raibh aon ní as bealach ann. D’éirigh liom, ach ní hionann an t-ionsaí seo agus na hionsaithe a tháinig roimhe.

Beidh cuimhne agam go deo ar an chéad oíche den chogadh seo. An bladhaire dearg úd a nochtann roimh gach pléascadh. Rinne mé sleachta as an Chórán a sheinm ar an ghuthán, chomh hard agus ab fhéidir le nach gcluinfeadh na páistí an torann amuigh. Le bánú an lae tháinig pléasc a bhain croitheadh as an teach, a bhris na fuinneoga agus a d’oscail gach doras a bhí druidte. Thug gach duine againn rúid ar a cuid páistí féin. Rug mise barróg ar Orjwan agus ar Mizar, mo mhac.

Orjwan agus a hiníon, Orjwan Bheag

Rinne Ameera agus Abeer, deirfiúracha Mohammed, a mic óga a fháisceadh chucu féin. Dúirt mo mháthair chéile linn ár gceannbheart a chaitheamh orainn agus dul síos staighre, nó meastar leibhéal na talún a bheith ar an áit is sábháilte le linn ruathar buamála. Bhí muid cinnte go dtitfeadh tuilleadh buamaí sa chomharsanacht, mar b’in ár dtaithí riamh. Bíodh sin mar atá, níor tharla dada ar feadh uaireanta an chloig.

Shuigh mé síos agus Orjwan agus Nizar ar mo ghlúin. D’inis mé scéilíní beaga grinn dóibh le misneach a chur iontu. Dúirt mé le Orjwan go raibh daoine iontach dalba ag tógáil clampair amuigh, agus go raibh pionós tuillte go maith acu. Shásaigh sin í. D’fhiafraigh mé de Nizar cad é a bhí sé a iarraidh dá bhricfeasta. Rud a chuidigh liom: trí lá sular thosaigh an cogadh, d’éirigh le Abeer a céim ollscoile a bhaint amach. Rinne muid an ócáid a cheiliúradh le tinte ealaíne. B’in an chéad uair a chonaic mo pháistí féin a leithéid.

Scanraigh siad ar dtús ach níorbh fhada gur tháinig an lúcháir in áit na heagla.

D’éist Orjwan agus Nizar le bloscadh na mbuamaí amuigh. Dar leo, ní raibh ann ach tinte ealaíne.

Fág freagra ar '‘Chreid mé, i m’aigne linbh, go raibh ar chumas mo mháthar mé a chosaint ar héileacaptair Iosrael’'

  • Caoimhín

    Bhain mé sult as an alt seo. Táim ag súil leis na hailt eile. Tá súil agam go dtiocfaidh síocháin ar ais go Phalaisín.