Chomh beadaí le peata sionnaigh…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Chomh beadaí le peata sionnaigh…

Am maith é séasúr na Nollag ag daoine atá beadaí. Chomh beadaí le peata sionnaigh, a deirtí.

Deirtí gur peata circe, peata muice agus peata mná na trí pheata ba mheasa amuigh. Ní raibh mórán cainte ar bith an uair sin ar an bpeata fir, cé go raibh, agus go bhfuil, peataí den sórt sin ann freisin .

Leis an gceart a rá bhí ráiteas eile ag imeacht: Peata sagairt, peata bacaigh agus peata muice.

Mac caillí is peata baintrí an dá mháistir is mó a bhí le fáil a ceapadh. Chreidtí go mbíodh a gcuid páistí siúd millte. Peata máthar leagan eile air. D’fhéadfadh peata beag an teaghlaigh a bheith ann chomh maith.

Bhí leigheas simplí go leor sa Sean-Tiomna ar an bpeataireacht seo: ‘An té a choiglíonn an tslat, fuathaíonn a mhac, An té a bhíonn fial ag ceartú, bíonn grá aige dó.’

Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht lena rá ar bhealach eile.

Tá mo bhróga nua ina bpeataí agam a deirtí i gcontae an Chláir i.e. – go raibh duine ag tabhairt aire mhaith dóibh.

Peata raithní a thugtaí ar pháiste a gineadh taobh amuigh den phósadh.

Peata lae a bheadh i lá breá le linn tréimhse drochaimsire. Lá Éamoin an chait leagan eile air.

Chomh beadaí le peata sionnaigh. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Chomh beadaí le peata sionnaigh…'