Craolfar anocht ar TG4 den chéad uair clár faisnéise faoi shaol agus faoi shaothar an cheoltóra mór le rá Noel Hill agus faoin drochionsaí a rinneadh air a d’fhág gortaithe go dona é ina chorp agus ina intinn.
Deir Hill sa chlár, Noel Hill – Aisling Ghéar go mbraitheann sé doicheall roimhe i nGaeltacht Chonamara mar gheall ar an ionsaí a rinneadh air.
Deir Hill nach aon “paranoia” atá air ach go bhfuil olc ar dhaoine leis agus an dearcadh acu gurb é ba chúis le duine “dá gcuid féin” a bheith i bpríosún.
In 2015, gearradh téarma priosúin seacht mbliana ar thógálaí ó Chonamara Michael Folan as Leitir Mealláin, as ionsaí tromchúiseach a dhéanamh ar an gceoltóir tradisiúnta i leithreas i dteach tábhairne ar oíche Lá ‘le Stiofáin 2008.
D’fhág an t-ionsaí go mbeadh na gortuithe ag cur as do Hill ar feadh a shaoil.
Agus an phianbhreith á fhógairt ag an mBreitheamh Rory McCabe i gCúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe, dúirt sé gur ionsaí “uafásach, gránna agus brúidiúil” a bhí ann agus go mba uafásach an méid a bhí fulaingthe ag an íobartach dá bharr.
Tá moladh faighte cheana féin ag an scannán faisnéise nua, a stiúir Paddy Hayes. Dúradh i léirmheas a foilsíodh sa Journal of Music in Ireland go raibh “an-chreidiúint go deo” ag dul do lucht déanta an scannáin as an tslí ar láimhseáil siad “ábhar íogair” an scéil agus as scannán “iontach” a chur ar fáil.
Dúradh chomh maith go raibh ábhar duairc sa scannán a ardaíonn “ceisteanna crua” faoi phobal, ceart agus féiniúlacht.
- Beidh Noel Hill – Aisling Ghéar le Magamedia Productions ar TG4 anocht ag 9.30pm
CluainSceach
Bhí an clár ar fheabhas…