Chaith an stair a scáil dhorcha ar an Tuaisceart i mbliana

Ní raibh an chuma ar an scéal go raibh páirtí ar bith in ann tionchar dearfach a imirt ar chúrsaí sa Tuaisceart le bliain

Chaith an stair a scáil dhorcha ar an Tuaisceart i mbliana

Chaith an stair a scáil dhorcha ar chúrsaí sa Tuaisceart anuraidh, gan amhras. I mí Fheabhra, 2023, ciontaíodh iarbhall de chuid arm na Breataine, David Holden, as dúnorgain Aidan McAnespie sa bhliain 1988. Caitliceach de bhunadh Thír Eoghain a bhí ann mar McAnespie. Bhí sé 23 bliain d’aois nuair a scaoileadh marbh é agus é ag trasnú na teorann. Pianbhreith trí bliana ar fionraí a tugadh do Holden.

Labhair muintir McAnespie i ndiaidh na trialach, á rá gurbh fhearr leo dá dtabharfaí pianbhreith choimheádta do Holden ach, ar a laghad, go raibh sólás de shórt inteacht le fáil as an chás cúirte féin agus cuid de phróiseas an chneasaithe a bhí ann.

Tharla an mhí chéanna gur scaoileadh ball den PSNI, John Caldwell, ar an Ómaigh i dTír Eoghain. Gortaíodh Caldwell go dona agus chaith roinnt seachtainí faoi dhianchúram sláinte. Tuairiscíodh go raibh baint ag an IRA Nua leis an ionsaí.

Cuireadh le tubaistí an PSNI níos faide anonn sa bhliain, i mí Lúnasa, nuair a scaoileadh sonraí príobháideacha agus gairmiúla bhaill an fhórsa amach de thaisme. Sárú ar shonraí den tsórt ba mheasa a bhí ann don PSNI a thug mioneolas ar bhaill de chuid na seirbhíse. D’éirigh príomhchonstábla an fhórsa, Simon Byrne, as a phost i Meán Fómhair mar thoradh ar an chonspóid sin agus cúrsaí eile.

Tharla fosta gur thug príomh-aire nua na Breataine, Rishi Sunak, cuairt ar Bhéal Feirste i mí Feabhra le labhairt ar phrótacal Thuaisceart Éireann agus cúrsaí trádala idir, agus taobh istigh den, Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Bliain a bhí an tionól ar fionraí faoin am ar thug sé a chuairt. Ní raibh toradh fiúntach ar a chuid oibre nó bhí an tionól ar fionraí go fóill faoi mhí na Nollag.

Bhí dea-chomhartha beag fostaíochta ann i mí Aibreáin; d’fhógair an longlann stairiúil i mBéal Feirste, Harland & Wolff, go raibh an chéad bhád iomlán dá gcuid tógtha acu le fiche bliain. Bhí an comhlacht sásta leis sin mar thús, a dúirt siad i ráiteas, nó thug sé deis dóibh cur leis an fhórsa saothair agus scileanna nua riachtanacha a charnadh agus iad ag ullmhú le hobair a dhéanamh ar longa de chuid an Chabhlaigh Ríoga sa bhliain 2025.

Bíodh is nach raibh an tionól féin ag feidhmiú, bhí ar na páirtithe iarrthóirí a chur chun tosaigh sna toghcháin áitiúla i mí na Bealtaine. D’éirigh go maith le Sinn Féin sna toghcháin sin agus rinne na vótóirí an páirtí ba mhó sa Tuaisceart díobh, rud nach bhféadfaí a shamhlú thiar sna 1980idí fuilteacha agus gluaiseacht na poblachta ag cur béim ar chúrsaí polaitíochta den chéad uair.

Bíodh sin mar atá, ní raibh an chuma ar an scéal go raibh páirtí ar bith – mór, measartha ná beag – in ann tionchar dearfach a imirt ar chúrsaí sa Tuaisceart chomh fada agus a bhain sé le cúrsaí an aráin laethúil de. D’éirigh an brú a bhí ar an chóras oideachais agus sláinte agus ceannairí polaitíochta an cheantair as láthair ón tionól. Seanscéal agus meirg air faoin am seo an oiread sin gearán a chluineann tú faoin dá chóras, ag an chosmhuintir ach go háirithe, moill mhór ar choinní otharlainne a fháil, mar shampla, agus easpa tacaíochta ar scoil, mar shampla eile.

Fuarthas amach i nDeireadh Fómhair go raibh ar 17,500 bean dul faoi thástáil nua smearaidh arís nó go raibh na húdaráis i ndiaidh fabht sa chóras a aithint, fabht a bhí ag dul siar tamall maith de bhlianta. Ní beag an líon daoine é sin agus tá tástáil smearaidh riachtanach do chuid mhór ban mar chuid dá gcúram sláinte. Ní amháin go raibh an oiread sin ban i gceist leis an tástáil a athdhéanamh ach bhí an oiread sin ama i gceist leis an fhadhb chéanna a aithint agus beatha ban i mbaol le linn an ama ar fad.

Rinne saoistí móra an oideachais gearán i mí na Nollag faoi chúrsaí airgeadais, ag impí ar Aire Stáit an Tuaiscirt tuilleadh acmhainní a chur ar fáil agus deireadh a chur le rotha mór an tearcmhaoinithe, á rá go raibh múinteoirí agus daltaí thíos leis. Leoga, rinne lucht na gceardchumann eile agóid i mí na Nollag fosta agus polaiteoirí ag teacht le chéile arís le cainteanna a reachtáil leis an tionól a athbhunú.

Le linn mhí na Nollag fosta, rinne a chuid cairde comóradh ar Edgar Graham, léachtóir óg ollscoile ar Ollscoil na Ríona, polaiteoir agus ball den UUP a mharaigh an tIRA Sealadach 40 bliain roimhe sin. Bhí Graham ar champas na hollscoile agus é ag caint le cara nuair a scaoileadh chun báis é. 29 bliain d’aois a bhí sé agus an tuairim ag mórán tráchtairí gurbh ábhar ceannaire páirtí a bhí ann agus go raibh sé ar dhuine de na daoine ba léannta a bhí ag plé le polaitíocht na n-aontachtaithe ag an am.

Scáil na staire, agus briseadh croí, ag tús agus deireadh na bliana agus an saol mór achrannach sa mhullach ar an iomlán léir.

Fág freagra ar 'Chaith an stair a scáil dhorcha ar an Tuaisceart i mbliana'