Cérbh é Liam de Paor a shínigh mo chóip dara láimhe de An Druma Mór i 1969?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is iomaí turas a chuireann leabhar de i gcaitheamh a shaoil. Nár bhreá dá bhféadfadh cóip leabhair a scéal féin a insint?

Cérbh é Liam de Paor a shínigh mo chóip dara láimhe de An Druma Mór i 1969?

Tháinig mo chóip féin de Onder de zoden, sin é m’aistriúchán go hÍsiltíris de Cré na Cille, sa phost an lá cheana. Mí go leith a thug an turas ón Ísiltír go dtí an Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, ar an leabhar bocht. An t-achar céanna is a thógfadh sé, is dócha, sa bhliain 1949 – nuair a foilsíodh Cré na Cille i bhfoirm leabhair den chéad uair.

Chuir sé sin ag smaoineamh mé. Faoi dheireadh, tar éis turas trasna an Atlantaigh agus tréimhse fhada i bpoll dubh d’oifig chustaim éigin, bhí Onder de zoden ar ais san áit ar tháinig sé ar an bhfód: árasán i gcathair Salvador. 

Ach ar ndóigh thosaigh aistear Cré na Cille i bhfad roimhe sin. Cá raibh cónaí ar an gCadhnach nuair a scríobh sé a mhórshaothar? Céard a bhí á chaitheamh aige nuair a bhí sé i mbun pinn? An é nach mbíodh air ach a chuid fo-éadaí, mar a bhí ormsa cuid mhór den am agus a shaothar á aistriú agam? Ní dócha é – is mór idir aeráid na hÉireann agus aeráid na Brasaíle tar éis an tsaoil – ach is cinnte go mbeadh neart scéalta suimiúla faoin gCadhnach ag Caitríona Pháidín agus a cuid comhchorpán dá mbeadh ar a gcumas iad a insint.

Is iomaí turas a chuireann leabhar de i gcaitheamh a shaoil, ach bíonn dhá mhóraistear i gceist: an t-aistear ó aigne an scríbhneora go dtí an clódóir, agus an t-aistear ón gclódóir go dtí seilf leabhar i dteach léitheora éigin. Ag an gclódóir a chuirfinn féin an teorainn idir an dá chatagóir, óir is ag an bpointe sin a chailleann an scríbhneoir smacht ar a shaothar.

An chéad mhóraistear a bhíonn faoi chaibidil agam ar na leathanaigh seo go hiondúil, ach bheadh an dara móraistear chomh suimiúil céanna dá mbeadh ar chumas leabhar scéalta a insint seachas an scéal idir a gclúdach tosaigh agus a gclúdach cúil. 

Ag breathnú ar mo sheilfeanna féin, feicim seanchóip dara láimhe de An Druma Mór a cheannaigh mé, blianta fada ó shin, i siopa leabhar Uí Chionnaith i nGaillimh, a bhí fós lonnaithe ar an tSráid Ard an t-am sin. Bainim an leabhar anuas ón tseilf agus feicim gur bhreac an chéad úinéir a ainm ar an gcéad leathanach, i bpeannaireacht dhubh:

Liam de Paor
November
MCMLXIX

Cérbh é Liam de Paor? An raibh sé ag stealladh báistí nuair a cheannaigh sé an chóip sin de leabhar Sheosamh Mhic Ghrianna i mí na Samhna 1969? Cár cheannaigh sé an leabhar, i siopa Uí Chionnaith féin, b’fhéidir? Cá bhfios nár cheannaigh – tá an siopa sin ar an bhfód ó bhí an bhliain 1940 ann. Ar mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe é Liam de Paor, b’fhéidir? An raibh teach á roinnt aige le mic léinn eile? Ar phós sé bean a bhí in aon rang leis? Ar rugadh páistí dóibh? Céard a thug air – nó ar dhuine éigin eile – an chóip úd de An Druma Mór a dhíol (ar ais?) le siopa Uí Chionnaith? Cén fhad a chaith an leabhar ar sheilfeanna an tsiopa ansin, go dtí an lá gur cheannaigh mise é? Agus an dtuigeann an leabhar go bhfuil sé sa Bhrasaíl anois?

Seasaim siar ó mo chuid seilfeanna, agus ritheann sé liom go bhféadfaí leabhar a scríobh faoi thuras gach uile leabhar acu.

Agus ritheann sé liom, leis, nach bhféadfaí a leithéid a scríobh riamh faoi ‘leabharlann’ lán ríomhleabhar.

Fág freagra ar 'Cérbh é Liam de Paor a shínigh mo chóip dara láimhe de An Druma Mór i 1969?'

  • Eoin Ó Riain

    Seans gurb é an Liam de Paor, Staraí é? Scríobh sé agus a bhean Máire leabhair ar an gCríostaíocht in Éirinn fadó. Ait go leor scríobh Vincent Morley ina bhlag ar chúrsaí staire faoi cupla lá ó shin (https://cstair.blogspot.ie/2017/10/alt-dearmadta.html). Is cuimhin liom Liam de Paor a bheith ar chláracha teilifíse sna seachtóidí!

  • derry o' sullivan

    Athair Louis de Paor?

  • Anna Heussaff

    A Alex, seans maith go bhfuil freagra aimsithe agat ar line nó ó dhaoine eile, ach déarfainn gur úinéir cáiliúil a bhí ag do chóip den Druma Mór: seandálaí, staraí agus tráchtaire ab ea Liam de Paor, a fuair bás sa bhliain 1998. D’fhoilsigh sé roinnt leabhar agus bhí colún Gaeilge aige san Irish Times de réir mar is cuimhin liom. Bhí sé pósta ar feadh riar maith blianta le Máire de Paor, staraí ealaíne agus seandálaí í féin, agus bean an-lách ar fad a bhí ag obair mar thaighdeoir ar shraith teilifíse Cúrsaí ag deireadh na 1980í/tús na 1990í nuair a bhí mé féin sa phost céanna. Ní raibh aithne agam ar Liam ach ón méid a chonaic is a chuala mé, ba dhuine léannta, tuisceanach, géarchúiseach é. Bain sult as an gceangal, más ea! Beannachtaí, Anna

  • Seán Mag Leannáin

    Más é an Liam de Paor a ndéanann Anna agus Eoin tagairt dó is mac leis Diarmaid de Paor, Leas Runaí Ghinearálta reatha an ASTI (Ceardchumann na Múinteoirí Meánscoileanna).

  • Alex Hijmans

    Go raibh maith agaibh ar fad as bhur mbarúil a thabhairt, cá bhfios nárbh é a bhí ann dáiríre!