Ceolchoirmeacha Ospís na Gaillimhe

Dhá chór ón mBreatain Bheag ag teacht go dtí an Ghaillimh, Cór Mebion Ardudwy agus Cana-Mei-Gei.

galwayhospicelogo2014rgb-750x400

Tá dhá cheolchoirm cuimhniucháin eagraithe i nGaillimh don 28ú agus 29ú de Dheireadh Fómhair i gcuimhne ar na daoine go léir a fuair fóirithint ó sheirbhísí Ospís na Gaillimhe in imeacht na mblianta.

Dhá chór ón mBreatain Bheag atá ag teacht, Cór Mebion Ardudwy agus Cana-Mei-Gei.

Tá na córacha ag iompar a gcuid costas féin agus tabharfar a dteacht isteach uile d’Ospís na Gaillimhe.

Beidh Cór Fear agus Cór ban ar stáitse sna ceolchoimeacha seo, iad ag canadh ar dtús báire as a chéile agus ar deireadh le chéile.

Beidh meascán breá d’amhráin á gcanadh acu le clár trítheangach i nGaeilge, i mBéarla agus sa Bhreatainis.

Dar ndóigh, tá cáil idirnáisiunta bainte amach ag córacha na Breataine Bige cé gur córacha fir is coitianta a chloistear sa tír seo. Is ócáid ar leith é go bhfuil an dá chór seo ar stáitse le chéile agus bígí cinnte go mbainfidh muintir na Gaillimhe sult as a gcomhluadar agus as na seisiúin ceoil a bheas ar siúl i ndiaidh na hócáide.

Tá cáil bainte amach ag na córacha seo i gcomórtais éagsúla sa Bhreatain Bheag agus chanadar ar stáitsí éagsúla ar fud na hEorpa, in áíteanna mar an Ostair, an Danmhairg agus an Ghearmáin.

Tharla sé go raibh aithne mhaith ag Phil Mosterd, teanór agus ceann de phríomhaithe Cór Mebion Ardudwy ar Chatherine Ní Oibicín, bean a raibh cáil agus cion uirthi sna Gaeltachtaí uile de bharr a cuid oibre le gníomhaíochtaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta.

Le linn a tréimhse mar cheann feadhna ar an nGaelacadamh, bhí ról lárnach aici a chinntiú go raibh córas éifeachtach ann chun na healaíona traidisiúnta a sheacadadh ó ghlún go glúin.

D’fhostaigh sí ealaíontóirí gan scoth mar mhúinteoirí sa nGaelacadamh agus bhí os cionn dhá mhíle foghlaimeoir ag freastal ar ranganna sular éirigh sí as an obair de bharr tinnis.

Bhásaigh Catherine bliain go hAibreán seo caite, go ndéana Dia grásta uirthi.

Chonaic Phil an chabhair thar cuimse a fuair Catherine ón Ospís le linn di a bheith tinn agus bheartaigh sé na ceolchoirmeacha seo a thiomnú don Ospís as ucht na hoibre a dhéanann siad do na heasláin.

Tháinig Phil anall chuig aifrean cuimniúcháin cinn bhliana Chatherine san Aibreán seo caite agus thosaigh sé ag réiteach do na ceolchoirmeacha ansin.

Bhí ceolchoirm ag Cór Mebion Ardudwy I séipeal na bhForbacha trí bliana ó shin agus d’éirigh go hiontach maith leis an oíche sin a bhí eagraithe ag Catherine d’Áras Mhic Dara.

Beidh cupán tae agus dreas ceoil le fáil Tigh Phadhraicín tar éis na hócáide, mar sin bí ann, bain sasamh as an oíche agus tabhair cabhair don Ospís leanacht leis an dea-obair.

Is iad muintir na Gaillimhe agus muintir Chonamara a choinníonn an Ospís ag obair.