Ceol Sheáin Uí Riada le bheith mar chuid d’insealbhú Joe Biden in Washington

Deir mac Sheáin Uí Riada, Peadar, gur cúis mhór bhróid dá mhuintir go mbeidh ceol a n-athar á seinm ag an ócáid

Ceol Sheáin Uí Riada le bheith mar chuid d’insealbhú Joe Biden in Washington

Beidh nasc go deo idir insealbhú Joe Biden in Washington D.C. tráthnóna agus Gaeltacht Mhúscraí.

Tá Patricia Treacy, veidhleadóir ó chontae Lú, le seinm ag ócáid insealbhaithe Biden agus ceann de na poirt a bheidh á sheinm aici ná Ag Críost an Síol, a chum Seán Ó Riada, duine de mhórcheoltóirí agus de mhórchumadóirí na hÉireann.

Deir mac Uí Riada, Peadar, gur cúis mhór bhróid í dá chlann go mbeidh ceol a n-athar á sheinm ag ceann de na hócáidí is stairiúla dá bhfuil ann. 

Tráthúil go maith tá comóradh leathchéad bliain le déanamh ar bhás Sheáin Uí Riada níos deireanaí in 2021.

Deir Peadar Ó Riada go bhfuil gean ar leith ag muintir na hÉireann sa tír seo agus thar sáile ar Ag Críost an Síol ó chum a athair é in 1968.

“Bhí Ag Críost an Síol le cloisteáil roimhe seo ag sochraidí uachtarán, insealbhuithe agus ócáidí eile sa tír seo agus thar lear.

“Is dóigh go mbíonn Ag Críost an SíolÁr nAthair le cloisteáil in áit éicint ar fud an domhain gach uair den lá agus den oíche, aon áit go mbíonn Éireannaigh ag sochraid nó pósadh nó baisteadh nó ceiliúradh éigin. Sin iad an dá cheann is comónta a úsáidtear,” arsa Ó Riada.

Peadar Ó Riada

“Bíonn daoine níos Gaelaí nuair a bhíonn siad thar lear.”

Ní hé seo an chéad uair go mbeidh ceol Uí Riada á sheinm d’Uachtarán Mheiriceá, áfach.

Nuair a tháinig John F. Kennedy go hÉirinn i 1963, rinneadh scannán den chuairt darbh ainm Kennedy’s Ireland.

“Maraíodh Kennedy sula raibh aon seans é a thaispeáint,” a deir Ó Riada. “Ba é Seán a rinne an ceol don scannán sin. 

“Nuair a théann tusa sall go dtí an Kennedy Centre i Meiriceá, sin é an ceol a airíonn tú.”

“Bhí saghas ceangal ann riamh,” a deir sé.

Patricia Treacy

Déanfar Joe Biden a insealbhú mar an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá níos deireanaí tráthnóna agus cuireann an ceoltóir Gaeltachta fáilte roimh theacht an Uachtaráin nua.

“Fear uasal é. Déarfainn [go n-éireoidh leis] má thugtar cead a chinn dó, tá taithí mhaith aige ar an áit toisc go raibh ocht mbliana aige mar leasuachtarán agus bhí sé tamall fada sa Seanad. 

“Chomh fada is go bhfuil foireann mhaith timpeall air, éireoidh leis ach mura bhfuil smacht aige ar na daoine timpeall air, sin an áit go mbeidh lúb ar lár,” arsa Ó Riada.

“Ábhar gairdis agus faoiseamh mór dúinn an fear eile a bheith imithe.”

Fág freagra ar 'Ceol Sheáin Uí Riada le bheith mar chuid d’insealbhú Joe Biden in Washington'

  • Seán Mag Leannáin

    Trumpa gan teanga anois agus Biden buacach. Hurrah! hurrah!