Cén t-údar a bhfuil Marty Walsh sáite i dtoghchán Bhoston?

Níl sé ráite ag Marty Walsh go bhfuil sé sa tóir ar aon phost polaitiúil amach anseo, ach tá an chaint tosaithe arís

Cén t-údar a bhfuil Marty Walsh sáite i dtoghchán Bhoston?

Tuige a raibh Marty Walsh ag labhairt a Dé Máirt ag slógadh de chuid iarrthóir atá ag seasamh i dtoghchán na Comhairle Cathrach i mBoston? D’fhéadfadh cúpla cúis a bheith leis seo ach is léir nach bhfuil a dhroim tugtha ar fad leis an bpolaitíocht ag an iarMhéara, agus iarcheannasaí ar Roinn Saothair Stáit Aontaithe Mheiriceá.

B’imirceoirí as Ros Muc agus Carna i gConamara iad tuismitheoirí Marty Walsh. Chomh maith le bheith ar an bpolaiteoir ba mhó a raibh tacaíocht aige i mBoston, bhí sé ar an bpolaiteoir ba mhó a bhí in ann slua a tharraingt chuige i gConamara freisin, beagán blianta ó shin

Tá comhartha amháin amach ar aghaidh theach Mharty Walsh i Lower Mills sa gcathair agus an t-ainm Frank Baker in airde air.

Chomh maith le toghchán do phost an Mhéara, tá toghcháin ann freisin do bhaill na Comhairle Cathrach i mí na Samhna, agus tá Marty Walsh gaibhte a’ chúnamh d’iarrthóir darb ainm Frank Baker, as Dorchester.

Tá Baker sa tóir ar cheann de na suíocháin ar a ndéantar vótáil ar fud na cathrach, nó ‘Councillor at Large’ mar a thugtar orthu i Meiriceá

Meastar go gcaithfeadh Baker duine de lucht tacaíochta an Mhéara, Michelle Wu, a chur as a bhróga dá mba leis an suíochán a bhuachan.

Feictear do chuid de na tráchtairí gur cineál reifreann a bheidh anseo maidir leis an tacaíocht pholaitiúil a bheadh ag Marty Walsh anois.

Caithfidh sé Baker a thabhairt i dtír más leis stádas polaitiúil a choinneáil sa gcathair.

As Dorchester, ceantar dúchais Mharty Walsh é Frank Baker. Bhí sé ina Chomhairleoir Cathrach roimhe seo ach d’éirigh sé as ar feadh tamaill. Is beag ómós polaitiúil a bhí aige don Mhéara atá ar Bhoston anois, Michelle Wu. Bhíodh sé ina chogaíocht focal eatarthu. Bealaí traidisiúnta na nDaonlathach a bhain le Baker; áirítear Wu imeasc an bhranda liobrálach cantalach nua sna Daonlathaigh. Ní thaitníonn an claonadh sin le Marty Walsh.

Labhair sé amach tar éis chliseadh Kamala Harris i dtoghchán na hUachtaránachta, agus bualadh faighte ag na Daonlathaigh ar fud na tíre. Dúirt go gcaithfeadh an páirtí a dhul ar ais ar an nádúr sa bpolaitíocht, agus teaghmháil a chothú leis na daoine.

Caithfear a chur sa comhaireamh go bhfuil aithne ag Walsh ar Frank Baker le fada an lá. D’fhéadfadh Walsh a rá gur lámh chúnta do sheanchara polaitiúil atá san iarraidh seo. Go cinnte, bheadh Walsh ag iarraidh an claonadh faoi chlé – mar a fheictear i Meiriceá é – san gComhairle Cathrach a mhaolú. Chuideodh suíochán do Baker leis an gcuspóir sin. Ach an bhfuil níos mo ná sin i gceist?

Níl sé ráite ag Marty Walsh go bhfuil sé sa tóir ar aon phost polaitiúil amach anseo, ach ní laghdaíonn sin an tuairimíocht. “You never say never,” a dúirt sé liom féin tamall ó shin nuair a d’fhiafraigh mé de an dtabharfadh sé faoin bpolaitíocht aríst. Cé air a mbeadh sé ag faire?

Beidh toghchán do Ghobharnóir an Stáit i Massachusetts ar an 3ú lá de Shamhain, 2026. Beidh an Daonlathach, Maura Healy ag iarraidh an post a choinneáil. An bhféadfadh Walsh an ceann is fearr a fháil uirthi, agus cén bhaint a bheadh ag an tacaíocht do Frank Baker leis sin?

Bheadh cuidiú ann do Walsh dá mbeadh Comhairleoir Cathrach – a toghadh ar fud na cathrach uilig – ag tacú leis. Toghtar formhór na gComhairleoirí dá gceantar teoranta féin sa gcathair, ach tá réimse gan teorainn ag Comhairleoirí ‘at large’. Ar ndóigh, theastódh go leor tacaíochta eile uaidh ach ní drochthús a bheadh ann.

Níl a fhios againn an mbeadh Marty ag dul an treo sin ach is cinnte gur chuimhnigh sé ar iarraidh a thabhairt faoi phost an Ghobharnóra in 2021. Sa deireadh dúirt sé go dtacódh sé le Maura Healy. Ach is fada an t-achar 5 bliana sa bpolaitíocht agus d’fhéadfadh sé a rá go bhfuil a chion féin déanta aige do Healy.

Feicfidh muid linn.

Ach tá rud amháin feicthe againn anois – níl drogall ar Mharty Walsh fós seasamh poiblí, agus seasamh atá roinnt conspóideach freisin, a thógáil sa bpolaitíocht. Is leor nod don eolach.

Fág freagra ar 'Cén t-údar a bhfuil Marty Walsh sáite i dtoghchán Bhoston?'