Cén t-iontas go ndeachaigh an croí trasna ionam nuair a chonaic mé an nóta ón scoil?

Ní mór a bheith seiftiúil le cúpla seachtain eile a bhaint as éadaí scoile na bliana seo

Cén t-iontas go ndeachaigh an croí trasna ionam nuair a chonaic mé an nóta ón scoil?

Más ar ais nó ar éigean féin é, tá na héadaí scoile ag stracadh leo. Níl uainn ach coicís eile go dtí go mbeidh saoire an tsamhraidh linn agus féadfaidh siad titim as a chéile má thograíonn siad é ina dhiaidh sin.

Cén fáth gur sna seachtainí seo a tharlaíonn na tubaistí? Tá na treabhsair scoile a bhí beagáinín rófhada roimh an Nollaig imithe beagáinín róghiortach anois agus iad á bhfáisceadh thart ar an mbásta, agus tá na géaga ag síneadh amach thar mhuinchillí na ngeansaithe.

Más smál é ar chufa na léine, ordóg coise ag gobadh amach as barr na bróige, nó stróiceadh mór i dtóin na mbrístí, ní mór a bheith seiftiúil ag iarraidh an cúpla seachtainín eile a bhaint as éadaí na bliana seo.

Cén t-iontas é go ndeachaigh an croí trasna ionam an lá cheana nuair a chonaic mé an nóta ón scoil maidir le lá na nbpictiúr ag an scoil. Níl a fhios agam an é go raibh mé ag iarraidh ligean orm féin nach raibh an nóta feicthe agam, nó an é gur cheap mé go raibh neart ama agam agus go mbeinn sách luath ag réiteach, ach dhún mé an r-phost agus rinne mé dearmad glan air.

‘Ní fhéadfaidh tú an treabhsar sin a chaitheamh amárach,’ a dúirt mé le Beainín na Naíonáin Bheaga. ‘Tá a fhios agam,’ a deir sí, ‘níl mé á gcaitheamh tá lá na bpictiúirí againn amárach.’

Is beag abairt eile a chuirfidh scáth agus faitíos isteach i gcroí  máthar agus a chuir an abairt sin ormsa. Ní raibh a fhios agam cá dtosóinn. ‘An bhfuil aon bhróga dubha sa teach againn?’ an chéad abairt a tháinig amach as mo bhéal.

‘Is cuma faoi na bróga Mamaí,’ a deir an Babaí, údarás grianghrafadóireachta an tí, ‘ní bheidh mo chosa le feiceáil sa bpictiúr.’

Is cuimhin liom mo mháthair ag iarraidh muid a réiteach nuair a thagadh lá na bpictiúr scoile. Tharraingíodh sí amach na gúnaí maithe nach dtagadh amach ach faoi Nollaig agus aimsir na Cásca. Is minic go mbíodh gúna éirithe róbheag idir ócáid amháin agus ócáid eile is bhíodh gá le míorúiltí.

Tá pictiúr amháin againn agus gach uair a bhfeicim é cuimhním ar mo Mhama bhocht ag iarraidh na cnaipí a dhúnadh ar chúl mo chába agus mé ag gearán go raibh sí ag iarraidh mé a thachtadh. (Chuile sheans go raibh faoin am go raibh muid ar fad gléasta aici).

Seasann pictiúirí scoile ó ghlúin go glúin mar chuimhneachán ar an aois inar tógadh iad is tugann siad leideanna dúinn maidir leis an saol mar a bhí ag an am.

Chuimhnigh mé air sin le deireanas nuair a tháinig mé trasna ar phictiúr scoile ó na 1950idí agus scéal an bhochtanais á insint ann. Bhí gasúir le feiceáil sa bpictiúr nach raibh aon bhróg orthu agus cuma chaite ar na héadaí a bhí á gcaitheamh acu.

D’inis an grianghraf scéal eile, áfach, scéal an ghrá agus an chúraim sa mbaile agus gach éadan sciúrtha glan agus a gcuid gruaige nite, cíortha, slíoctha do lá na bpictiúr ag an scoil.

Fág freagra ar 'Cén t-iontas go ndeachaigh an croí trasna ionam nuair a chonaic mé an nóta ón scoil?'