Cén fáth nach bhfuil an diabhal rud seo ag bogadh?’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Cailleann duine a bhfuil galar Alzheimer air cuid dá neamhspleáchas agus cuid dá chuid féinmhuiníne nuair a thagann an lá go gcaithfear an carr a dhíol

Cén fáth nach bhfuil an diabhal rud seo ag bogadh?’

Tráth dá saol, nuair a bhí cónaí ormsa in Éirinn fós, thiomáineadh mo mháthair óna teach féin san Ísiltír go dtí mo theachsa i gcathair na Gaillimhe gan aon stró: aistear 700 ciliméadar anuas ar thuras ar dhá bhád farantóireachta.

Ag tús na bliana seo, nuair a bhí mé féin i mo shuí in aice léi sa charr go deireanach, chuir sí ceist orm: ‘Cén fáth nach bhfuil an diabhal rud seo ag bogadh?’

Bhí a cos ag luí ar an luasaire agus bhí an giarluamhán á láimhseáil go fíochmhar aici, ach ní raibh an carr ag dul in aon áit.

Ní raibh sí tar éis an t-inneall a lasadh fós.

Níorbh é sin an chéad uair gur tharla a leithéid.

Fiú sular deimhníodh go raibh galar Alzheimer ar mo mháthair, thiar i mí Aibreáin, b’ábhar imní dom féin, do ghaolta eile agus do chairde mo mham go raibh sí fós ag tiomáint. Bliain go leith ó shin, ba bheag nár leag sí bean ar thrasrian síogach. Tharla go raibh mise agus m’aintín sa charr. Murach ár gcuid béicíola, seans maith go marófaí an bhean bhocht. Bhí muid ag taisteal ar luas sách ard agus pé ní a bhí ar siúl in intinn mo mháthar, ní ar an trácht a bhí a haird.

Ach in ainneoin muidne a bheith ag tathant uirthi, ní dhíolfadh mo mháthair an carr. Mar ba dhual d’Ísiltíreach maith tá dhá rothar ag mo mham agus níl cailleadh ar an gcóras iompair poiblí san áit a bhfuil cónaí uirthi, ach ós rud é go mbraitheann cuid mhór dá saol sóisialta ar uirlis cheoil mhór anásta, an dordveidhil, shíl sí nach bhféadfadh sí maireachtáil d’uireasa a cairr. Lena chois sin, ceist féinmhuiníne a bhí ann. Bean an-neamhspleách a bhí i mo mháthair riamh; ní maith léi a bheith ag brath ar chabhair chomharsan ná chairde.

Suimiúil go leor, dúirt an geiriatraí a dheimhnigh go raibh galar Alzheimer ar mo mháthair nach bhféadfadh sí cosc a chur ar mo mháthair tiomáint; léirigh na tástálacha nach raibh cúrsaí dona a ndóthain le go mbainfí a ceadúnas di ar an bpointe boise.

Sin ráite, bheadh ar mo mham scrúdú tiomána a dhéanamh gach bliain le go bhféadfadh sí a ceadúnas a choinneáil. Nuair a fuair mo dheartháir óg amach nach mbeadh mo mham faoi árachas go dtí go ndéanfadh sí an scrúdú sin, chuir muid cosc uirthi tiomáint go ceann ceithre mhí: bhí an liosta feithimh don tástáil chomh fada sin.

Ach nuair a bhí an ceithre mhí sin thart, bhí meabhair mo mham imithe in olcas an oiread sin gur léir di féin, faoi dheireadh, go raibh sé in am an carr a dhíol.

Bhí go maith agus ní raibh go holc. Faoin am sin, bhí córas síob curtha i bhfeidhm: bhí daoine sna ceolfhoirne éagsúla ina bhfuil mo mham páirteach breá sásta bealach a thabhairt di féin agus dá dordveidhil.

Mar sin féin, bhí an carr fós ag teacht idir í agus codladh na hoíche. Ba é an chaoi go raibh an carr páirceáilte in aice leis an teach i gcónaí. Chuile uair dá dtéadh mo mham amach, d’fheiceadh sí an carr agus chuireadh an radharc sin i gcuimhne di nach bhfuil ar a cumas tiomáint a thuilleadh, go bhfuil cuid dá neamhspleáchas caillte aici, agus – an rud is measa – nach bhfuil a hintinn ag obair i gceart. Meabhrúchán buan a bhí ann go bhfuil galar Alzheimer uirthi.

Bhí plean agam féin agus ag mo dheartháir óg an carr a dhíol, ach ós rud é go bhfuil cónaí ar mo dheartháir óg i gcathair eile agus go bhfuil cónaí orm féin thar sáile bhí dúshlán praiticiúil i gceist. Lena chois sin, cairrín deas a bhí inti nár baineadh oiread úsáide aisti agus mheas muid go bhfaighimis praghas maith uirthi, €2,000 ar a laghad.

Cara de chuid mo mháthar a dúirt liomsa agus le mo dheartháir go raibh codladh na hoíche á chailleadh ag mo mham, agus gurbh é an síorchuimhneamh ar an gcarr ba chúis leis sin. Níorbh é an chéad uair é gur tharla a leithéid: is leasc le mo mháthair ‘trioblóid’ a chothú dá clann. Ar an bpointe boise, shocraigh muid gur tábhachtaí sláinte mheabhrach ár máthar ná an luach a gheobhaimis ar an gcarr. Laistigh de sheachtain, dhíol muid an carr leis an gcéad duine a cheannódh í. 

€600 an praghas a fuair muid uirthi. 

B’fhiú chuile euro nach bhfuair muid é.

‘Tá mé chomh sásta go bhfuil an carr imithe!’ a dúirt mo mháthair liom an lá ar díoladh an carr. 

Agus an lá ina dhiaidh sin. 

Agus an lá ina dhiaidh sin arís.

Fág freagra ar 'Cén fáth nach bhfuil an diabhal rud seo ag bogadh?’'