‘Nuair a bhím ag seinm mothaím nach bhfuil a dhath cearr le m’intinn’ – is é an ceol crann taca na cuimhne

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Tá ‘dhá chloigeann’ ar mháthair ár gcolúnaí, dar léi féin. ‘Cloigeann an cheoil’ agus ‘an ceann eile, nach bhfuil ag obair i gceart.’

‘Nuair a bhím ag seinm mothaím nach bhfuil a dhath cearr le m’intinn’ – is é an ceol crann taca na cuimhne

Mí na Nollag seo a chuaigh thart, chaith mé féin agus mo mháthair cúpla lá corraitheach i gcathair Liospóin. Bhí eachtra tar éis tarlú san aerfort a léirigh dúinn beirt go raibh rud éigin tromchúiseach cearr lena hintinn, eachtra a spreag comhrá inar ghlac sí leis, faoi dheireadh, go raibh sé in am di cuairt a thabhairt ar an dochtúir. 

Lá nó dhó i ndiaidh an chomhrá sin, bhí an bheirt againn inár suí ar an gcéibh, ag breathnú amach ar abhainn an Tejo. Tharla go raibh cabhlach na Portaingéile ag ceiliúradh seacht gcéad bliain a bhunaithe an lá sin; bhí na scórtha longa cogaidh bailithe le chéile i mbéal na habhann, longa seoil chomh maith le cinn nua-aimseartha. Ar an gcearnóg taobh thiar dínn, bhí móruaisle na Portaingéile i mbun aithisc fhadálacha. Nuair a bhí an chaint thart, thosaigh banna práis an chabhlaigh i mbun ceoil. Ar an bpointe boise, gan aon choinne, phléasc mo mháthair amach ag gol. A leithéid de racht ní fhaca mé riamh cheana: snaganna caointe, a glór plúchta, a súile ag sileadh na ndeor.

Leag mé mo lámh ar a gualainn.

‘A mham, céard atá cearr leat?’

Chroith sí a ceann agus rinne gáire tríd na deora.

‘Tada… Níl ann ach go bhfuil an ceol sin chomh hálainn!’

Ba é sin an chéad uair go bhfaca mé le mo dhá shúil féin go bhfuil tionchar mór millteach ag ceol ar aigne an duine a bhfuil néaltrú ag teacht air nó uirthi.

Tá raidhse taighde ar fáil a léiríonn go bhfuil cumhacht dhiamhrach ag an gceol cuimhní a bheadh caillte i gceo na díchuimhne a thabhairt chun solais arís. Tá sin amhlaidh i gcás duine ar bith a mbeadh galar Alzheimer nó néaltrú de chineál eile air nó uirthi, ach tá ceangal ar leith idir an ceol agus aigne mo mháthar.

Múinteoir ceoil a bhí inti ar feadh dhá scór bliain.

I mbanna práis a baile dúchais a thosaigh slí bheatha mo mháthar sa cheol agus cá bhfios nárbh ar an gcúis sin gur chorraigh ceol an bhanna práis a bhí ag seinm ar an gcéibh i gcathair Liospóin í an oiread sin. 

An fheadóg mhór an chéad uirlis ar bhain mo mháthair ceol aisti, ach in imeacht na mblianta rinne sí a cuid féin den phianó agus den dordveidhil freisin. Lena chois sin bíonn sí ag canadh, agus go dtí an lá atá inniu ann, fiú agus galar Alzheimer uirthi, tá sí páirteach i dtrí cheolfhoireann éagsúla agus i gcór amháin. 

Cuid lárnach dá saol sóisialta iad cleachtaí seachtainiúla na gceolfhoirne agus an chóir, ach feictear dom féin agus do mo dheartháir óg gur tábhachtaí fós an dianchleachtadh a dhéanann mo mháthair ag baile, go laethúil. Dhá uair an chloig ar an dordveidhil, uair an chloig ar an bpianó ina dhiaidh sin, agus uair an chloig eile ar an bhfeadóg má bhíonn fuinneamh fágtha agus mura mbíonn an gairdín á mealladh amach.

‘Nuair a bhím i mbun ceoil, mothaím amhail is nach bhfuil a dhath cearr le m’intinn,’ a deir mo mham. ‘Tá dhá chloigeann orm na laethanta seo. Mo ‘chloigeann ceoil’ agus an ceann eile… an ceann nach bhfuil ag obair i gceart.’

Insíonn mo mháthair an méid sin dom chuile lá, gach uile uair dá labhraímid ar an bhfón, faoi dhó nó faoi thrí sa chomhrá céanna má fhaigheann sí an deis. Athrá, sin ceann de phríomhchomharthaí sóirt ghalar Alzheimer. Ach chomh fada agus a chuireann an ceol ar a cumas neamhaird iomlán a thabhairt ar an ngalar atá uirthi ar feadh seal fada gach lá, is cuma liom éisteacht lena dea-scéal arís agus arís eile.

Fág freagra ar '‘Nuair a bhím ag seinm mothaím nach bhfuil a dhath cearr le m’intinn’ – is é an ceol crann taca na cuimhne'