Cén drogall atá ar Fhianna Fáil toghchán uachtaránachta a throid?

Tuigeann ár gcolúnaí don Realpolitik ach fiafraíonn sé cad é mar a bhaineann tú cluiche mura n-imríonn tú? Cad é is fiú geansaí mura gcaitheann tú é?

Cén drogall atá ar Fhianna Fáil toghchán uachtaránachta a throid?

Micheál Martin. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá na ráflaí le feiceáil ar fhoilseacháin mheasúla agus dhímheasúla – níl fonn ar Fhianna Fáil dul sa bhearna bhaoil agus iarrthóir uachtaráin a chur chun cinn in éadan Mhicheál D (sa chás go seasann sé arís). Níl ainm mór le rá ar bith ar na ráflaí go fóill. Caint ar an tsráidbhaile atá ann, dúirt bean liom go ndúirt bean léi, nod don eolach…

Tuigeann tú d’Fhianna Fáil agus don Realpolitik gan amhras. Tá airgead i gceist le toghchán a throid. Tá dua i gceist le hiarrthóir fiúntach a aimsiú, duine inteacht a chuirfidh an lasóg i mbarrach na vótóirí. Tá Fianna Fáil eaglach roimh mheáin Bhaile Átha Cliath agus an clábar a chaithfear leo faoi mhíghníomhartha airgeadais an ama atá caite. Sea, tuigeann tú don Realpolitik.

Mar sin féin, mar sin féin, mar sin féin…

An amhlaidh go bhfuil Fianna Fáil ag smaoineamh gan dul san iomaíocht d’uachtaránacht na hÉireann arís? An amhlaidh nach bhfuil fonn ar pháirtí an leathfhreasúra iarracht a dhéanamh le bua – siombalach féin – a bhaint amach in éadan a gcéilí comhraic, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin?

Is doiligh a chreidbheáil gur mar sin atá. Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil páirtí mór náisiúnta sásta páirc na himeartha a ghéilleadh an dara huair. Is trom, gan amhras, na cúraimí atá ar cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin. Tá go leor tráchtairí den tuairim go bhfuil toil an phobail le Micheál D agus ní cosúil go bhfuil na meáin le ceisteanna ródheacair a chur air mar gheall ar a thréimhse san áras go dtí seo. 

An t-iriseoir, David Quinn, an duine is mó a chuir ceist faoin ról a shamhlaíonn Higgins lena oifig agus scríobh in 2016 “…the President and his wife between them have turned the presidency into a pulpit for a left-wing point of view … The only way Michael D gets away with this is because he has the backing of most of the media, and because political parties have been content to let him at it…”

Mar sin féin, tabharfaidh mórán iriseoirí agus polaiteoirí droim láimhe le critic Quinn – siocair gur Quinn a scríobh. An bhfuil an ceart aige? An séanfaidh Fianna Fáil vóta ar an phobal, agus ar a lucht tacaíochta féin, siocair gur binn béal ina thost?

Nach bhfuil sé fíor le rá go bhfuil fís pholaitiúil ag Higgins, fís nach mbeadh ag mórán daoine i bhFianna Fáil, fís nach ndearna maith ar bith do Pháirtí an Lucht Oibre, páirtí Higgins, páirtí nár bhain olltoghchán riamh sa Stát? An ionann an tuigse atá ag Higgins ar stair na hÉireann agus ag an ghnáthbhall i bhFianna Fáil, gan a bheith ag caint ar an ghnáthvótóir?

Is cinnte go bhfuil gean ag daoine ar Higgins, duine gealgháireach go minic é, duine atá ann a bhfuil spéis aige sa litríocht agus sna healaíona – agus tá Gaeilge aige, rud a shásaíonn cuid mhór de lucht na teanga. (Is minic a mhaitheann lucht na Gaeilge gach aon locht ach Gaeilge a bheith ag an té atá lochtach! Abair sin go gasta faoi thrí!)

Ach an amhlaidh nach féidir le Fianna Fáil iarrthóir maith a aimsiú? Cad é an drogall atá orthu toghchán náisiúnta a throid? Níl na coinníollacha i gceart, an ea? Cibé faoi bheith ina cheannaire ag Fianna Fáil, samhlaíonn tú nach mbeadh Micheál Martin ró-iontach agus é i mbun an chumainn áitiúil pheile: “Raidht, leaids, mar seo atá sé. Tá cluiche mór craoibhe le bheith ann ach tá mise den bharúil nach fiú dul sa tseans. Ní bhainfidh muid. Tá an pharóiste eile róláidir againn. Cad é a bheas de thoradh againn as uair an chloig a chaitheamh ar an pháirc? Clábar go béal? Goin agus crá croí? Fágaimis é go dtí an chéad uair eile. Beidh an traenáil déanta againn faoin am sin.”

An bhfuil duine ar bith in Éirinn a thuigeann don mheon sin? Is iomaí uair a chuir peileadóir agus iománaí geansaí club orthu féin agus fios acu gur beag seans go mbeadh an lá leo. Ach chuir siad an geansaí orthu féin ina ainneoin sin. Sin an rud a dhéanann tú. Caitheann tú an geansaí. Téann tú sa tseans, sa bhearna bhaoil, mar mhaithe leis an chlub.

Cad é mar a bhaineann tú cluiche mura n-imríonn tú? Cad é is fiú geansaí mura gcaitheann tú é?

Fág freagra ar 'Cén drogall atá ar Fhianna Fáil toghchán uachtaránachta a throid?'