Ceithre thír curtha le Liosta Glas an Rialtais agus sé cinn bainte de

Tá an Liosta Glas nua cáinte ag Aer Lingus a deir gur chóir go mbeadh scata tíortha eile air

Ceithre thír curtha le Liosta Glas an Rialtais agus sé cinn bainte de

Tá ceithre thír curtha le Liosta Glas na dtíortha gur féidir leat cuairt a thabhairt orthu gan fanacht amach ó dhaoine ar fhilleadh abhaile ar Éirinn duit.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh an Chipir, an Ghearmáin, an Pholainn agus an Íoslainn curtha leis an liosta. Fanfaidh an Fhionlainn, an Laitvia agus an Liotuáin ar an liosta agus tiocfaidh an leagan nua de i bhfeidhm Dé Luain.

Tá an Eastóin, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, an Iorua agus an tSlóvaic bainte de.

Ní gá do dhaoine a fhilleann ó na tíortha seo as seo go dtí Dé Luain féinleithlisiú a dhéanamh.

Tá an liosta nua cáinte ag Aer Lingus a deir gur chóir go mbeadh an Ghréig, an Iodáil agus an Iorua fágtha ar an liosta agus scata tíortha eile a bheith curtha leis, ina measc an tSualainn, Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, an Danmhairg, an Ísiltír, an Bheilg agus an Phortaingéil.

Déanfar uasdátú ar an liosta Glas gach Déardaoin feasta agus cuirfear leis tíortha ina bhfuil 25 cás den ghalar in aghaidh gach 100,000 duine le coicís.

Fág freagra ar 'Ceithre thír curtha le Liosta Glas an Rialtais agus sé cinn bainte de'