Ceisteanna tráthúla pléite ag daltaí Gaelcholáistí agus Gaeltachta ar i dTeach Laighean

Pléadh ag cruinniú de choiste Oireachtais inniu bealaí chun an Ghaeilge a spreagadh sna cathracha agus conas níos mó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht agus lasmuigh di

Ceisteanna tráthúla pléite ag daltaí Gaelcholáistí agus Gaeltachta ar i dTeach Laighean

Bhí daltaí Gaelcholáiste agus Gaeltachta ó gach cearn den tír i láthair ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTeach Laighean inniu.

Trí ábhar a bhí á bplé acu – Todhchaí Éiceolaíochta na hÉireann, Pobal Gaeilge nua-aoiseach agus Athruithe sa mhargadh fostaíochta i ndiaidh an Choróinvíris. 

Bhí daltaí ag an gcruinniú ó Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg, i gContae an Dúin; ó Choláiste Mhuire i mBaile Átha Cliath; ó Choláiste na bPiarsach i gContae na Gaillimhe; agus ó Ghaelcholáiste Chiarraí, chun na habhair sin a phlé.

Bhí neart ceisteanna ag na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhí i láthair do na daltaí. Pléadh bealaí chun an Ghaeilge a spreagadh sna cathracha, conas níos mó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht agus lasmuigh di, agus na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bheith ag obair ó chian. 

D’fhiafraigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív de dhaltaí Choláiste na bPiarsach i Ros Muc i gConamara an mbainfeadh siad leas as seirbhís bus a bheadh ar fáil gach uair an chloig ó Ros Muc go cathair na Gaillimhe.

Dúirt Ríona Ní Mhainín, dalta as Coláiste na bPiarsach, go mbainfeadh cinnte, mar nach mbíonn ach bus amháin ag fágáil ón gceantar gach lá, agus é sin ag 7.30 ar maidin.

Agus í ag caint ar  chúrsaí éiceolaíochta, dúirt Caitlín de Buitléir ó Choláiste Mhuire go raibh todhchaí na héiceolaíochta ‘dorcha’ mar atá sé faoi láthair ach nach gá gur mar sin a bheadh sé. 

Agus í ag freagairt ceist ó Chathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, dúirt sí go raibh sé tugtha faoi deara aici go bhfuil i bhfad níos mó ainmhithe agus plandaí le feiceáil sa gcathair, mar a bhfuil sí ina cónaí, ná mar a bhí roimh an bpaindéim.

Rinne go leor de na daltaí tagairt do na meáin shóisialta agus iad ag caint ar phobal Gaelach nua-aoiseach. Bhí siad den tuairim go bhféadfaí na meáin shóisialta a úsáid ‘mar uirlis’ chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Luadh TG4, Coláiste Lurgan, na coláistí samhraidh, Tik Tok, Instagram agus go leor eile agus na daoine óga ag plé na mbealaí chun pobal Gaelach nua-aoiseach a chruthú.

Dúirt Kayleigh Cúipéir, Captaen Gaeilge Choláiste Mhuire, go bhfuil níos mó ná 115,000 postálacha le feiceáil má dhéantar cuardach ar #Gaeilge ar Instagram amháin.

“Cén fáth, mar sin, nach n-úsáidimid na meáin shóisialta chun an pobal Gaeilge a neartú?” a dúirt sí.

Mhol Aoife Carragher ó Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg go gcruthófaí ardán Gaeilge ar líne, ionas go mbeadh pobal na Gaeilge in ann dul i dteagmháil lena chéile.

Labhair Katie Ní Shúilleabháin ó Choláiste na bPiarsach faoin bhfadhb atá ann Gardaí le Gaeilge a aimsiú agus a lonnú ina ceantar féin i Ros Muc agus sa nGaeltacht i gcoitinne.

Chuir baill an choiste an-suim sa gceist seo agus labhair roinnt Teachtaí Dála faoin ábhar freisin, Éamon Ó Cuív agus Catherine Connolly ina measc.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly go n-athraíonn freagra na ceiste seo go mion minic, agus dúirt Éamon Ó Cuív go bhfuil aithne aige ar Ghardaí ó cheantair Ghaeltachta nach bhfuil cead acu bogadh abhaile agus bheith ag obair i nGaeilge ina gceantair dhúchais.

Agus iad ag plé an mhargaidh fostaíochta tar éis an choróinvíris, luaigh na daltaí ar fad an nós nua a tháinig chun cinn le linn na paindéime a bheith ag obair ó chian agus ón mbaile. Dúirt Bríd Nic Gearailt ó Ghaelcholáiste Chiarraí gur maith an rud é an rogha a bheith ag daoine obair ón mbaile chun fanacht slán ón gcoróinvíreas ach gur mhaith freisin an rogha a bheith ann obair ón oifig nó ón monarcha.

Dúirt duine nó beirt de na daltaí gur maith an rud é a bheith in ann obair ón mbaile mar go bhféadfá é sin a dhéanamh agus tú tinn, ach mheabhraigh an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh dóibh gur cheart lá saor a thógáil nuair a bhíonn sé dlite, cuma más sa mbaile nó san ionad oibre a bhíonn tú.

Dúirt Poipín Murphy ó Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg go bhfuil todhchaí na gcoláistí samhraidh ‘i mbaol’ agus dúirt comhscoláire léi, Aoife Carragher, go bhfuil sé i bhfad níos éasca aici Béarla a labhairt ná Gaeilge, ach go bhfuil sí sásta an iarracht sin a dhéanamh ar son na teanga.

Moladh freisin go gcruthófaí lárionaid Ghaeilge sna cathracha nó i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht chun deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí cruinniú le chéile agus an Ghaeilge a úsáid lasmuigh 

Pléadh ceisteanna go leor i rith an tseisiúin dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur thug na daltaí ‘ardú meanman’ do bhaill an choiste.  

Fág freagra ar 'Ceisteanna tráthúla pléite ag daltaí Gaelcholáistí agus Gaeltachta ar i dTeach Laighean'

  • Eimear

    Maith sibh scoláirí Ros Muc ag déanamh ionadaíochta ar son óige Chonamara. Go mba fada buan sibh.