Ceist íogair an ghinmhillte ag luí go trom ar lucht déanta ‘Twice Shy’

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Scéal grá atá ciotach go maith atá i ‘Twice Shy’ agus tá an bealach á láimhseálann sé ceist chigilteach an ghinmhillte leamh go maith leis

Ceist íogair an ghinmhillte ag luí go trom ar lucht déanta ‘Twice Shy’

Twice Shy
Stiúrthóir: Tom Ryan
Cliar: Shane Murray-Corcoran, Iseult Casey, Ardal O’Hanlon, Pat Shortt.

Is beag duine a d’áiteodh nach í ceist chigilteach an ghinmhillte an t-ábhar is conspóidí agus is deighiltí i sochaí na hÉireann. Tá an t-ábhar ina chnámh spairne ó aimsir cás X i leith agus rialtais i ndiaidh a chéile ag teitheadh uaidh. I gcaitheamh na mblianta tá na mílte ban tar éis a seolta a ardú chuig tíortha eile le teacht ar sheirbhísí ginmhillte. Dá bhrí sin agus uile, ’sé is dóichí ná a mhalairt ná go mbeidh reifreann ann amach anseo faoin ochtú leasú ar an mbunreacht a aisghairm. Cuirfear an lasair sa bharrach in athuair.

Cá bhfágann seo lucht scannán is iad ag dul i ngleic leis an ábhar? Tá siad i ngalar na gcás, dar liom. Is léir go raibh an t-ábhar íogair polaitiúil seo ag luí go trom ar lucht déanta an scannáin seo, agus é ríshoiléir go bhfuilid ar a gcroí díchill ag iarraidh a bheith oibiachtúil agus gan a bheith róchlaonta slí amháin nó slí eile.

Rud inmholta ó thaobh na díospóireachta, b’fhéidir, ach d’fhág sé coiscéim bhacaí sa drámaíocht.

Lánúin iad Maggie (Casey) agus Andy (Murray-Corcoran) sa mheánscoil agus is ón Aonach i dTiobraid Árann dóibh. Maireann a gcaidreamh agus iad sa choláiste i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin.

Measaim gur deineadh scéal mhadra na n-ocht gcos don gcuid seo agus óir nach raibh an scannán ach uair an chloig is fiche nóiméad ar fad, is é an cíoradh ar a meon i leith an ghinmhillte a bhí thíos leis.

Scéal grá atá ciotach go maith atá mar mháithreacha ag an scannán mar sin agus tá casadh méaldrámata maidir leis an ngaol i lár an scannáin.

Is tearc go maith a bhí radharcanna inar pléadh an ginmhilleadh. Go deimhin is mó am a caitheadh ag plé leis an ngalar dubhach a bhí ar Brendan (O’Hanlon), athair Andy.

Chun a cheart a thabhairt do  O’Hanlon tugann sé taispeántas ciúin, caolchúiseach uaidh agus is iad a radharcanna siúd cuid de na cinn is éifeachtaí sa scannán. Pat Shortt an piarda mór eile a earcaíodh ach ba chuma ann nó as é ar shlí. Ní raibh aon chur amach ag carachtar Shortt nó O’Hanlon ar céard a bhí ag tarlú agus dá bhrí sin ní fhéadfadh siad a bheith páirteach in aon chíoradh a dhéanfaí ar an téama lárnach.

Deineann an bheirt cheann feadhna a seacht ndícheall téagar a chur san ábhar sollúnta. Bhíos ag cúbadh chugam féin i rith chuid de na hiardhearcaí liobarnacha, áfach. Ba mhinic sinn i dtaobh le comhráite ciotacha, leamha.

Ar an taobh eile den scéal, áfach dheineadar cuid de na radharcanna beagfhoclacha a láimhseáil go hábalta. Tá an t-aistear ón Aonach go haerfort Bhaile Átha Cliath (ar gach cúlbhóthar dá bhfuil ann) lárnach anseo.

Tháinig an chríoch aniar aduaidh orm ábhairín agus bhí sí ábhairín débhríoch. Rud maith é sin uaireanta ach an turas seo d’eascair sé as an tslí nach raibh an táirge sách teann as féin.

Fág freagra ar 'Ceist íogair an ghinmhillte ag luí go trom ar lucht déanta ‘Twice Shy’'