Céim mhór eile chun cinn ag teastáil ón gcine daonna 50 bliain ó leagadh cos ar an ngealach

Tá géarghá le gaisce eile anois leis an bpláinéad a d’fhág Neil Armstrong agus a chriú ar feadh scaithimh a tharrtháil

Céim mhór eile chun cinn ag teastáil ón gcine daonna 50 bliain ó leagadh cos ar an ngealach

Tá sé chomh maith ag iriseoirí agus ag daoine a léann a saothar an fhírinne a admháil. Is mó ár spéis i ndrochscéala ná a mhalairt.  

Teastaíonn gaisce neamhghnách chun spéis eagarthóra nó léitheora a mhúscailt. Leithéid an ghaisce a rinne Neil Armstrong an 20 Iúil 1969, éacht thar éachtaí.

Nuair a thuirling an chéad spásárthach ón bpláinéad seo ar dhromchla na gealaí, dúirt an spásaire Meiriceánach focail a gcuimhnítear orthu fós: 

‘Houston, Tranquillity Base here. The Eagle has landed.’

Cuimhnítear chomh maith ar a ndúirt Armstrong nuair a leag sé cos an chéad uair ar an ngealach:

‘That’s one small step for man, one giant leap for mankind.’

D’athraigh gaisce Armstrong agus a chomrádaithe Buzz Aldrin agus Michael Collins dearcadh gach duine ar domhan ar chumas an chine dhaonna. Breathnaíodh go dtí sin ar an ngealach mar sholas oíche sa spéir nach bhféadfaí a iniúchadh ach le teileascóp amháin.

Thaispeáin criú Apollo agus foireann NASA caoga bliain ó shin go raibh méadú as cuimse tagtha ar fhéidearthachtaí na fiosrachta agus an taistil. Ní bheifí ag brath níos mó ar theileascóip ná ar thuairimíocht amháin agus tréithe fisiciúla na gealaí á bplé.  

Ba léir don saol faoi dheireadh mhí Iúil 1969:

Go bhféadfaí spásárthach a chur ar thuras 384,400 ciliméadar chun na gealaí.

Go raibh spásárthach ábalta tuirlingt ar an ngealach. 

Go raibh an criú ábalta siúl go sábháilte ar dhromchla na gealaí.

Go raibh an spásárthach ábalta éirí in airde arís. Agus go raibh sé ar chumas an chriú filleadh ar domhan.

Faraor, fearacht gach gaisce a léirigh ardchumas an chine dhaonna, tháinig samplaí dá mhalairt go tiubh agus go tréan sna blianta tar éis d’fhoireann Apollo filleadh. Cé gur chomhoibrigh na Meiriceánaigh, na Rúisigh, na Seapánaigh, na Sínigh agus an tAontas Eorpach lena chéile agus an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta á chur ar fithis acu ó 1998, níl comhoibriú chomh héifeachtach feicthe fós ar domhan.

Cuimhneoidh an scríbhneoir aosta seo go héag ar an iontas agus ar an imní in éineacht a bhí i réim thart ar an am seo caoga bliain ó shin. Iontas, toisc go raibh éacht déanta nach raibh aon súil ag ár bhformhór leis. Imní, toisc nár theastaigh aon saineolas ó dhuine chun smaoineamh ar an turas fada dainséarach abhaile a bhí roimh an mbeirt a chonaiceamar sa bheochraoladh dubh-agus-bán ón ngealach.

Níor shíl duine ar bith an uair sin go leigheasfadh éacht na Meiriceánach mórfhadhbanna an domhain. Mar sin féin, is tuar dóchais fós a ndearna siad caoga bliain go ham seo, go háirithe agus an fhianaise faoi athrú aeráide ag carnadh agus gan gníomh éifeachtach déanta fós chun cur ina choinne.

Rinne criú Apollo éacht an 20 Iúil 1969 a bhí doshamhalta scór bliain roimhe sin. Tá géarghá le gaisce eile anois leis an bpláinéad a d’fhágadar ar feadh scaithimh a tharrtháil.

Ní theastaíonn ach samhlaíocht, saineolas, crógacht agus cur chuige, mar a léiríodh caoga bliain ó shin. 

Ar ndóigh ní hionann turas chun na gealaí agus tarrtháil an phláinéid. Teastaíonn rud amháin eile. Polaiteoirí den scoth, ar fud an domhain.

Más duine a bhíonn ag guí thú, bí ag guí. 

Fág freagra ar 'Céim mhór eile chun cinn ag teastáil ón gcine daonna 50 bliain ó leagadh cos ar an ngealach'