Taca an ama seo gach aon bhliain is beag duine nach dtagann cuimhní chucu ar na laethanta a raibh siad féin ag ullmhú don Ardteist. Ag brath ar an méid oibre a bhí déanta agat bhí tú sásta go maith, bhí tú scanraithe nó má bhí tú dírithe ar bhualadh faoin saol beag beann ar na scrúduithe, b’fhéidir go raibh tú ar nós cuma liom. Pé acu é ní i ngan fhios duit a bhí an scrúdú sin. Ba chuma cé mhéad duine a dúirt nárbh í an Ardteist tús agus deireadh an tsaoil bhí sí lárnach i ngach rud a bhí ag tarlú i do shaol ag an am!
Fearacht go leor blianta eile tá caint faoin scrúdú ag treisiú anois agus muid ag teannadh le deireadh na Bealtaine. Mar is iondúil freisin, tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus na scoláirí bochta taobh istigh d’fhuinneoga móra gloine. Is cuimhin liom é a bheith amhlaidh nuair a rinne mise an scrúdú sin – istigh i halla mór, leáite ag an teas agus an tuairim agat nach mbeadh an saol ina cheart go deo mura n-éireodh leat sa scrúdú seo. Ní inseoidh mé cén bhliain a bhí i gceist ach is iomaí rud atá athraithe ó shin!
Tá iarrachtaí go leor déanta san idirlinn leis an scrúdú a leasú agus a chur in oiriúint do riachtanais an lae inniu. Tá sraith leasuithe eile beartaithe faoi láthair a chuirfidh béim níos mó ar thionscadail agus obair ranga ar mhaithe leis an mbrú a bhaint de na daltaí. Tá taighde á dhéanamh agus tá múinteoirí i mbun idirbheartaíochta leis an Roinn.
Tamall de bhlianta ó shin bhain an chaint ar fad leis na hábhair STEM [Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic] agus cinneadh 25 pointe breise a thabhairt do dhaltaí a bhainfeadh grád ar leith amach sa mhatamaitic. Fágann sin anois déagóirí ar fud na tíre an tseachtain a bhfuil allas agus dua ar leith dá chaitheamh acu leis an mhatamaitic leis na pointí breise sin a fháil. Tá an scéal céanna amhlaidh le scoláirí eile agus an Ghaeilge. Tá an oiread agus is féidir díolúintí dá n-éileamh ag daltaí chun gur féidir leo an teanga a sheachaint agus díriú ar leithéid na matamaitice. Tráthúil go leor níl aon bhuntáiste i dtaobh pointí ar fáil dóibh siúd arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais agus a bheidh ag teastáil le freastal ar riachtanais an Achta Teanga agus seirbhís aistriúcháin an Aontais Eorpaigh.
I ndeireadh an lae baineann an córas ar fad le cruinniú pointí. Céim amháin ar chonair fhada an tsaoil – ní fál go haer é mura n-éiríonn leat na pointí ná an cúrsa is ansa leat a fháil an chéad bhabhta! Cuimhnigh go bhfuil mé á rá agus cuimhnigh nár éist mise ach an oiread nuair a dúradh liom é blianta fada ó shin – tá saol eile tar éis na hardteiste, saol fada spéisiúil. Déan do dhícheall ach ná cuireadh sé lagmhisneach ort – tá laethanta breátha romhat go fóill.
Fág freagra ar 'Céim amháin ar chonair fhada an tsaoil í an Ardteist ach ní thuigtear sin ag an am'