‘Ceilt an chirt’ – bille oidhreachta mallaithe na dTóraithe

Sárú ar chearta an duine é bille oidhreachta agus athmhuintearais Rialtas na Breataine dar le híobartaigh, eagraíochtaí ceart agus na páirtithe polaitiúla uilig in Éirinn

‘Ceilt an chirt’ – bille oidhreachta mallaithe na dTóraithe

Faoiseamh, de shórt.

Bhain na Tiarnaí in Westminster plaic mhór as an mbille Oidhreachta agus Athmhuintearais a bhfuil gach éinne ina choinne ach amháin rialtas na gCaomhach.

Bhí súil ag lucht feachtais go gcuirfí moill, ar a laghad, ar an mbille a dhéanann éagóir ar íobartaigh. An bille oidhreachta agus neamhfhreagrachta a thugann go leor air is iad ag achainí ar rialtas Rishi Sunak é a chaitheamh i dtraipisí. ‘Níl ann ach ceilt an chirt’ a dúirt mac leis an Seanadóir Paddy Wilson, SDLP a d’fhreastail ar ócáid chuimhneacháin in Stormont taca an ama a raibh na Tiarnaí ag plé an bhille. Mharaigh an UDA Paddy Wilson agus Irene Andrews 50 bliain ó shin.

Ar an Luan i dTeach na dTiarnaí vótáil na baill le móramh 197 i gcoinne 185 chun an díolúine in aghaidh cúisimh a bhaint as an mbille conspóideach.

D’éirigh leo sonc breise a thabhairt don rialtas. Rith siad leasú ar an mbille chun go gcaithfeadh an Coimisiún a bhunófar faoin reacht a chinntiú go mbeadh a chuid imscrúduithe ar an gcaighdeán céanna le fiosruithe coiriúla.

Céimeanna ar gcúl iad sin a thiocfadh salach ar bhunchuspóir na reachtaíochta. Ba é sin líne a tharraingt faoi oidhreacht na dTrioblóidí. Chuige sin bheadh díolúine ó chúiseamh á tabhairt d’amhrastaigh a chomhoibreodh leis an gCoimisiún, stop á chur le cúisimh agus le hionchoisní i dtaca le heachtraí le linn na dTríoblóidí agus bac á chur ar chásanna sibhialta.

Sárú ar chearta an duine é an bille dar le híobartaigh, eagraíochtaí cearta logánta agus idirnáisiúnta agus na páirtithe polaitiúla uilig in Éirinn thuaidh agus theas. Seans go dtabharfadh rialtas na hÉireann dúshlán na reachtaíochta sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Bhí an plé ar an mbille ag céim na tuarascála nuair a d’éirigh le Teach na dTiarnaí an dá leasú sin a rith.

Bhí a fhios go maith go bhféadfadh Teach na dTeachtaí na leasuithe a chealú nó a athrú sula seolfadh siad an bille ar ais ag na Tiarnaí.

D’fhéadfadh siar agus aniar idir an dá theach leanúint go ceann tamaill, rud a chuirfeadh moill ar achtú an bhille. Nó d’fhéadfadh móramh na gCaomhach i measc na bhfeisirí stop a chur leis agus an leagan den bhille a theastaíonn ón rialtas a rith roimh an 20 Iúil mar a bhí beartaithe.

Thug rialtas Boris Johnson, a mhol an bille, agus rialtas Rishi Sunak anois an chluas bhodhar d’impíocha na ndaoine atá ag fanacht blianta le hionchoisní, le fiosruithe agus le cásanna cúirte faoi lucht gaoil leo a maraíodh.

D’eascair an plean sa chéad áit as geallúint do bhrúghrúpa i measc na dTóraithe a bhí ag éileamh go mbeadh iarfhórsaí an stáit saor ó fhiosrú nó cúiseamh beag beann ar fhianaise. Ar mhaithe leo féin atá siad, a dúirt Paul Wilson ag ócáid chuimhneacháin a athar agus daoine eile i seomra an tSeanaid in Stormont. Faoin dlí, b’éigean an díolúine ó chúiseamh d’iarshaighdiúirí a cheadú do pharaimíleataigh freisin.

Go dtí seo ba chosúil gur in Éirinn thuaidh agus theas, i Meiriceá agus san Eoraip ba mhó a bhí an freasúra do bhille na Breataine ach léirigh pobalbhreith nua go bhfuil muintir na Ríochta Aontaithe fré chéile ina choinne.

Amnesty International a choimisiúnaigh an suirbhé, a rinne Savanta. Dúirt beagnach naonúr as gach deichniúr (87%) gur cheart daoine a chúiseamh as coireanna tromchúiseacha fiú má tharla an eachtra i bhfad ó shin. Ní raibh ach 6% den bharúil nár cheart an dlí a chur orthu. Chreid dhá thrian de dhaoine go raibh gach éinne i dteideal ionchoisne.

Cé nár thug na Caomhaigh aird ar a bhfreasúra go dtí seo b’fhéidir go dtabharfadh barúil a vótóirí féin údar machnaimh dóibh. Dúirt nach mór seisear as deichniúr díobhsan (58%) nár cheart go mbeadh díolúine nó faoiseamh ó chúiseamh mar chúiteamh ar fhaisnéis le fáil ag aon duine a bhfuil cúis dúnmharaithe ó aimsir na dTrioblóidí ina leith.

Tar éis seisiún na dTiarnaí Dé Luain, is iad na feisirí Parlaiminte a bheidh ag déileáil leis an mBille anois. Is mó seans go mbeadh imní níos mó ar ionadaithe tofa faoi na vótóirí ná mar a bheadh ar na Tiarnaí neamhthofa ach ba bheag cosúlacht a bhí ar an scéal go dtí seo go n-athródh na feisirí a gcúrsa.

Leanfar leis an bhfeachtas in aghaidh an bhille go cinnte, agus má cheiltear gach rogha eile is cosúil go mbeidh na cúirteanna gnóthach le athbhreithnithe agus dúshláin.

Fág freagra ar '‘Ceilt an chirt’ – bille oidhreachta mallaithe na dTóraithe'