Ceiliúradh beartaithe ag cumainn óige Bhéal Feirste agus a maoiniú tugtha ar ais dóibh

Dúirt oibrí de chuid Ghlór na Móna go raibh cruinniú ‘ionraic agus dearfach’ ag na hionadaithe le hÚdarás an Oideachais agus go bhfuil sé ‘an-sásta’ go bhfuil an t-airgead tugtha ar ais

Ceiliúradh beartaithe ag cumainn óige Bhéal Feirste agus a maoiniú tugtha ar ais dóibh

Tá ceiliúradh beartaithe ag lucht na gcumann óige i mBéal Feirste oíche anocht mar gheall ar an scéala go bhfuil an maoiniú a baineadh díobh ag deireadh na míosa seo caite tugtha ar ais.

Chinn an tÚdarás Oideachais Dé Máirt an maoiniú a baineadh de cheithre chumann óige, Cumann Óige Uachtar Cluanaí, Cumann Óige Machaire Botháin, Cumann Óige an Ghleanna agus Cumann Óige na bhFál ar an 31 Márta a thabhairt ar ais. Bhí an t-airgead á chur ar fáil ón Údarás Oideachais faoi ‘Scéim Sínithe an Aire’ ón mbliain 2012 agus is ar thuarastal na n-oibrithe óige a caitheadh cuid mhaith den mhaoiniú sin.

Bhuail beirt ionadaithe ón eagraíocht Glór na Móna, beirt bhall de chumainn óige Bhéal Feirste, agus beirt pholaiteoirí de chuid Shinn Féin, Pat Sheehan agus Paul Maskey, le Príomhfheidhmeannach an Údaráis Oideachais Dé Luain leis an scéal a phlé.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, ó Ghlór na Móna, le Tuairisc.ie go raibh cruinniú “ionraic agus dearfach” ag na hionadaithe leis an bPríomhfheidhmeannach agus go bhfuil sé “an-sásta” go bhfuil an t-airgead tugtha ar ais.

“Tá [an Príomhfheidhmeannach] ag iarraidh comhrá ionraic a bheith aige linn faoin obair óige Ghaeilge a bheidh ar bun i mBéal Feirste ar bhonn fadtéarmach,” a dúirt sé.

Ba i ndiaidh cruinniú eile le hionadaithe na Seirbhísí Óige a cinneadh an maoiniú a baineadh a thabhairt ar ais. Beidh an t-airgead sin á chur ar fáil ón Déardaoin, an tseachtain seo chugainn.

Dúirt Ó Muadaigh go bhfuil ríméad ar na daoine óga atá ina mbaill de na cumainn óige i mBéal Feirste, ar a dtuismitheoirí agus ar na hoibrithe óige féin faoin scéal.

“Is bua mór a bhí ann do na tuismitheoirí agus do na daoine óga a chuir in aghaidh na gciorruithe seo le seachtain anuas. Ní é seo deireadh an chomhrá, tá rudaí le socrú ar bhonn níos fadtéarmaí ach is bua a bhí i gcinneadh na seachtaine seo do chumainn óige Ghaeilge na cathrach,” a dúirt sé.

D’fhreastail 500 duine ar chruinniú a eagraíodh i gColáiste Feirste Dé Máirt seo caite leis an scéal a phlé. Bhí 400 duine i láthair ag an agóid a bhí ar siúl taobh amuigh d’Údarás an Oideachais Déardaoin seo caite.