Ceathrar Gaeltachta ainmnithe do ghradaim All-Star i bPeil na mBan

Tháinig an scéal ar maidin freisin nach bhfuil comhbhainisteoirí Chiarraí, Declan Quill agus Darragh Long, ag filleadh ar an bhfoireann an bhliain seo chugainn

Ceathrar Gaeltachta ainmnithe do ghradaim All-Star i bPeil na mBan

Tá ceathrar ban Gaeltachta ina measc siúd atá ainmnithe do ghradam All-Star TG4 agus an liosta fógartha tráthnóna.

Tá beirt ó Chumann Caide Ban Chorca Dhuibhne a bhí mar chuid d’fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh Shinsir na hÉireann i mbliana, Louise Ní Mhuircheartaigh agus Niamh Ní Chonchúir, ainmnithe do na gradaim.

Tá Ní Mhuircheartaigh, Imreoir na Bliana 2023, sa tóir ar a cúigiú gradam All-Star tar éis di cinn a bhuachan in 2012, 2013, 2022 agus in 2023. Is é seo an chéad uair ag Ní Chonchúir ainmniúchán a fháil do ghradam All-Star tar éis di sárbhliain a bheith aici i líne leatosaithe na Ríochta.

Tá Ní Mhuircheartaigh agus Ní Chonchúir ar bheirt de chúigear déag ar fad ó Chiarraí a fuair ainmniúchán tráthnóna.

Ní fios fós an mbeidh Ní Mhuircheartaigh ag imirt do Chiarraí an bhliain seo chugainn agus é fógartha nach mbeidh comhbhainisteoirí na foirne, Declan Quill agus Daragh Long, ag filleadh in 2025. Tá ráite ag Ní Mhuircheartaigh go mbeadh tionchar ag cinneadh na beirte ar a cinneadh féin bliain eile a thabhairt don chluiche idirchontae.

Fuair Ciarraí an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann mí Lúnasa agus naonúr ón bhfoireann chloíte sin atá ainmnithe. Ina measc tá beirt as Conamara, an lánchúlaí Sarah Ní Loingsigh ó chumann Naomh Anna, Leitir Móir, agus captaen na foirne, Ailbhe Davoren as Maigh Cuilinn ach a imríonn le cumann Chill Mochuda i mBaile Átha Cliath.

Tá ochtar ó fhoireann Ard Mhacha a bhain babhtaí ceannais na hÉireann amach ainmnithe do na gradaim chomh maith le cúigear ó Áth Cliath, ceathrar ó Chorcaigh agus duine an taobh ó chontae na Mí, Tiobraid Árann, Cill Dara agus Port Láirge.

Beidh ócáid bhronnta na ngradam All-Star in Óstán an Bonnington i mBaile Átha Cliath ar an 16 Samhain agus fógrófar Imreoir na Bliana sna craobhacha sinsir, idirmheánach agus sóisir an oíche chéanna.

Ainmniúcháin ghradaim All-Star TG4 2024

Cúl Báire: Anna Carr (Ard Mhacha), Dearbhla Gower (Gaillimh), Ciara Butler (Ciarraí).

Líne Lánchúil: Grace Ferguson (Ard Mhacha), Clodagh McCambridge (Ard Mhacha), Melissa Duggan (Corcaigh), Leah Caffrey (Áth Cliath), Kate Geraghty (Gaillimh), Sarah Ní Loingsigh (Gaillimh), Kayleigh Cronin (Ciarraí), Eilís Lynch (Ciarraí), Ciara Murphy (Ciarraí).

Líne Leathchúil: Lauren McConville (Ard Mhacha), Cait Towe (Ard Mhacha), Sinéad Goldrick (Áth Cliath), Aoife Ní Cheallaigh (Gaillimh), Nicola Ward (Gaillimh), Aoife Dillane (Ciarraí), Deirdre Kearney (Ciarraí), Aishling O’Connell (Ciarraí), Emma Murray (Port Láirge).

Lár na Páirce: Caroline O’Hanlon (Ard Mhacha), Máire O’Callaghan (Corcaigh), Jennifer Dunne (Áth Cliath), Ailbhe Davoren (Gaillimh) Anna Galvin (Ciarraí), Mary O’Connell (Ciarraí).

Líne Leatosaithe: Bláithín Mackin (Ard Mhacha), Aoife McCoy (Ard Mhacha), Emma Cleary (Corcaigh), Caoimhe O’Connor (Áth Cliath), Olivia Divilly (Gaillimh), Louise Ward (Gaillimh), Niamh Carmody (Ciarraí), Niamh Ní Chonchúir (Ciarraí), Síofra O’Shea (Ciarraí).

Líne Lántosaithe: Katie Quirke (Corcaigh), Carla Rowe (Áth Cliath), Róisín Leonard (Gaillimh), Emma Dineen (Ciarraí), Louise Ní Mhuircheartaigh (Ciarraí), Danielle O’Leary (Ciarraí), Róisín Byrne (Cill Dara), Emma Duggan (An Mhí), Aishling Moloney (Tiobraid Árann).

 

Fág freagra ar 'Ceathrar Gaeltachta ainmnithe do ghradaim All-Star i bPeil na mBan'