‘Speáin Bill O’Leary pictiúr dochreidte sa gClochán an lá cheana. Seisear fear gardála agus a ngunnaí dírithe acu ar fhuinneog. Bhí a shrón brúite in aghaidh ghloine na fuinneoige ag fear a bhí taobh amuigh. Ní móide go bhfaca sé na gunnaí, gloine dhaite a bhí sa bhfuinneog. Ní raibh ag an bhfear amuigh ach poll beag a mbeadh feiceáil aige tríd. Dá ndéanfadh sé tuilleadh útamála is cinnte go scaoilfí leis.
Dráma.
Ach níos drámatúla, agus níos aistí fós, ba ar Capitol Hill, agus i seomra Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe a bhí an dráma contúirteach seo dá léiriú. An 6 Eanáir 2021. An lá a ndearna lucht tacaíochta Donald Trump ionradh ar thithe na Parlaiminte, an chéad uair ó 1812 gur ionsaíodh pálás na bpolaiteoirí, agus pálás an daonlathais, i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tógadh cuimse pictiúr d’imeachtaí an lae sin. Ach is beag acu a tógadh taobh istigh, agus bhí na cinn a thóg Bill O’Leary, príomhcheamaradóir an Washington Post, ar an gcuid ab fhearr acu.
Ní strainséaraí iad Bill O’Leary agus a bhean, Jackie Lyden, i gConamara. Bhí sise ina comhfhreagraí thar lear, ar feadh i bhfad, ag NPR, an stáisiún raidió a chraolann ó chósta go cósta i Meiriceá. Ba as Conamara cuid de shinsir Jackie Lyden; as Ciarraí a chuaigh sinsir Bill O’Leary trasna an Atlantaigh ceithre ghlúin ó shin. Mar chuid d’imeachtaí na Féile Ealaíon sa gClochán a rinne Jackie Lyden agus Bill O’Leary píosa cainte an lá cheana.
Caint agus cuntas drámatúil a bhí ann ó fhear a bhí sa mbearna bhaoil an lá sin in Eanáir 2021 – sa mbearna bhaoil dháiríre.
Ligeadh Bill O’Leary agus grúpa eile grianghrafadóirí isteach i seomra Theach na nIonadaithe le pictiúir a thógáil nuair a bheifí ag oscailt na mboscaí agus ag comhaireamh vótaí an Choláiste Toghchánaíochta – sin iad na vótaí a bhronnann gach aon Stát ar na hiarrthóirí, de réir mar a d’éirigh leo i dtoghchán na hUachtaránachta.
Ní raibh na grianghrafadóirí ceaptha a bheith i bhfad istigh ach d’athraigh cúrsaí an tsaoil. Thosaigh an ruaille buaille taobh amuigh agus tosaíodh ag briseadh na bhfuinneog. ‘Cén bhrí,’ arsa Bill O’Leary ‘ach ba chosúil le torann urchair an fhuaim a bhaineadh as na pánaí troma gloine dhaite. Bhí gach a raibh sa seomra scanraithe. Cuireadh glas ar dhoirse. Ní raibh tú ceaptha pictiúir a thógáil istigh ach amháin d’oscailt na mboscaí.’
Ach, choinnigh Bill O’Leary a cheamara beo.
‘Níor thug aon duine aon aird ar mo cheamara,’ ar seisean. ‘Idir pholaiteoirí, fheidhmeannaigh agus cheamaradóirí eile, bhí rud níos práinní ar a n-aire – ná cosa a thabhairt leo ón anachain.’
Ní raibh plean ná córas ann le dhul i ngleic lena leithéid sin de ghéarchéim.
‘Ansin,’ a deir Bill O’Leary, ‘léim an Feisire Comhdhála, Rubin Gallego as Arizona, iarshaighdiúir muirí in Arm Mheiriceá suas ar bhord agus chuir roinnt foighde sna daoine agus chuir comhairle orthu.’
Sa deireadh, bhrúigh na gardaí slándála na polaiteoirí amach agus rinneadh an rud céanna le lucht preasa is ceamaraí. Ní raibh stiúir ná eagar ar chosán na ngrianghrafadóirí, a deir O’Leary. Síos cosán faoi thalamh a cuireadh iad. ‘Dúradh linn a dhul i bhfolach ach b’éigean dom gáire a dhéanamh fiú is go raibh sé ina ghéarchéim. Ní raibh aon áit againn le dhul i bhfolach!’
Ba ansin a thug an Feisire Comhdhála, Rubin Gallego lámh chúnta dóibh aríst. Thug Feisire Arizona dídean dóibh ina oifig agus caitheadh an tráthnóna ag éisteacht leis an rí rá taobh amuigh, agus ag breathnú ar an léirsiú ar an teilifís.
Ar inn ar éigean a ligeadh Bill O’Leary amach ina charr as an bhfáinne slándála níos deireanaí an tráthnóna sin. Bhí a chroí ina bhéal nó go dtabharfadh sé a phictiúr stairiúil ar ais chuig a sheomra nuachta; na gardaí slándála istigh i halla Thithe na Comhdhála agus a ngunnaí dírithe acu ar an bhfear sa bhfuinneog.
‘An pictiúr is fearr le fada riamh an lá,’ a deir Eagarthóir an Washington Post. Bhí sé ansiúd i lár báire ar an gcéad leathanach lá arna mhárach. Bhí an domhan ag faire air.
An bhféadfadh sé sin, nó a mhacasamhail, tarlú aríst mí Eanáir 2025?
Níl raibh aon amhras ar an mbeirt, Bill O’Leary agus Jackie Lyden, faoi sin.
‘Tá rud fíorshuntasach tarlaithe i Stát Georgia,’ a deir Jackie. ‘Caithfear na vótaí uilig a chomhaireamh de láimh. Lucht tacaíochta Trump a rinne an beart sin.’
Dúirt Lyden go bhfuil dlí, nó coinníoll éigin thall, go gcaithfear deireadh a chur le comhaireamh taobh istigh d’achar áirithe ama.
‘Ní chuirfinn as an gcomhaireamh ach go bhféadfaí a leithéid a thriail i stát Georgia,’ a deir sí. ‘Sa gcás sin, chuirfí vótaí Georgia as an gcomhaireamh uilig.’
D’fhéadfadh, a deir an bheirt, go mbeadh bua i Georgia fíorchinniúnach do Kamala Harris.
Is léir go bhfuil luí an-láidir ag Bill O’Leary agus Jackie Lyden leis na Daonlathaigh. Cuireann bua eile do Trump scéin iontu, a deir siad. ‘Tá thart ar 1,000 ciontaithe go dtí seo as scliúchas, gortú agus marú an 6 Eanáir 2021,’ a deir O’Leary. ‘Chuile sheans go dtabharfar pardún Uachtaránachta dóibh sin má éiríonn le Trump sa toghchán. Ar ndóigh, tá deimhniú tugtha anois freisin nach féidir Uachtarán a chiontú agus é i seilbh an Ti Bháin; b’iontach an compord a thabharfadh sé sin do Trump.’
‘Tuige an bhfuil an saol mar seo i Meiriceá?’ ceist a cuireadh ar Jackie Lyden agus Bill O’Leary ón urlár. Bhí freagra soiléir ag dul ó mheabhair orthu. Arsa O’Leary: ‘Silim go bhfuil cuimse daoine sa saol anois agus tádar ar nós cuma liom faoin bpolaitíocht agus faoi riar Mheiriceá, agus tíortha eile freisin. Easpa suime agus, b’fhéidir, leisce.’
Bhí Jackie Lyden níos dóchasaí ina freagra. ‘Sílim go bhfuil an baol atá ann don daonlathas tuigthe ag níos mó daoine sna Státaí anois agus gur cás tromchúiseach leo – go háirithe daoine óga – gach a bhfuil ar siúl.’
Beifear ag súil go mbeidh pictiúir níos suaimhní i bhfuinneoga Thithe na Comhdhála mí Eanáir 2025 ach d’fhéadfadh sin a bheith ag brath ar thoradh an toghcháin, mí na Samhna, 2024.
Fág freagra ar 'A scéal inste i gConamara ag grianghrafadóir a ghlac pictiúr cáiliúil de chíréib Chnoc an Chaipeatóil'