Cearta vótála d’Éireannaigh lasmuigh den Stát le hathbhreithniú

Féachfar le cearta vótála a bhronnadh ar Éireannaigh lasmuigh den Stát agus i dtíortha thar lear má bhíonn a leithéid de bheartas inmharthana

90372496

Ag labhairt dó inniu ag seoladh Pholasaí Diaspora na hÉireann, dúirt Aire Ghnóthaí an Diaspora, Jimmy Deenihan, go bhfuil fíorthábhacht ag baint le cearta vótála d’Éireannaigh thar lear.

Tá machnamh déanta ag an Rialtas ar mholadh Choinbhinsiún an Bhunreachta go mbronnfaí cearta vótála ar Éireannaigh thar lear, a dúirt an Teachta Dála, ach tá roinnt ceisteanna ar gá dul i ngleic leo ar dtús sula bhféadfaí a leithéid de leasú a cheadú.

Níorbh fholáir oiriúnacht agus cáilitheacht vótála daoine lasmuigh den Stát a mheas, agus dá gcuirfí an líon daoine a cheaptar atá ina gcónaí lasmuigh den Stát le daonra Thuaisceart Éireann, bheifí ag caint ar 3.5 milliún duine, a dúirt an tAire.

Chaithfí socruithe a dhéanamh le go bhféadfaí na daoine seo a chlárú agus a n-iarratais a fhíorú.

Lena chois sin, bheadh ar an Rialtas staidéar a dhéanamh ar na modhanna vótála atá ann faoi láthair le go gcinnteofaí go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm. Bheadh vótáil phearsanta ag misin taidhleoireachta, vótáil poist, seachvótáil agus vótáil ar líne i gceist leis an méid seo.

Anuas air sin, ba ghá leasuithe a dhéanamh ar an mBunreacht agus ar na hAchtanna Toghcháin, a dúirt an Teachta Dála.

Níor mhór anailís ghéar a dhéanamh ar na costais a d’éireodh as na leasuithe thuasluaite lena chinntiú go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm. Chumhdófaí costais chláraithe, costais a bhaineann le vótaí a chomhaireamh, agus costais a ghabhann le heolas a chur ar fáil don diaspora faoi iarrthóirí, a dúradh.

Gheall Aire Ghnóthaí an Diaspora go rachadh sé féin agus an tAire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil, agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, i mbun staidéir ar an gceist seo agus go gcuirfidís tuarascáil faoi bhráid an Rialtais amach anseo.

Fág freagra ar 'Cearta vótála d’Éireannaigh lasmuigh den Stát le hathbhreithniú'