Ceardchumainn na múinteoirí le conspóid na ndíolúintí a phlé i dTeach Laighean

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge go gcaithfí dul i ngleic leis an scéala go bhfuil níos mó agus níos mó daltaí scoile ‘ag cailleadh na deise chun a dteanga féin a fhoghlaim’

Ceardchumainn na múinteoirí le conspóid na ndíolúintí a phlé i dTeach Laighean

Tá ionadaithe ó cheardchumainn na múinteoirí le bheith os comhair Coiste Oireachtais tráthnóna chun plé a dhéanamh ar an ardú atá tagtha ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge.

Beidh ionadaithe ó Aontas Múinteoirí Éireann, Cumann Múinteoirí Éireann, agus Cumann na Meánmhúinteoirí in Éirinn i dTeach Laighean tráthnóna do chruinniú i sraith cruinnithe atá á reáchtáil ag Coiste Gaeilge an Oireachtais ar an ábhar sin.

Deir Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhfuiltear ag iarraidh an tslí is fearr is féidir aimsiú “chun dul i ngleic leis an gclaonadh atá ag méadú le roinnt blianta anuas, an claonadh go bhfuil líon na ndíolúintí ag fás, agus go bhfuil níos mó daltaí scoile ag cailleadh na deise chun a dteanga féin a fhoghlaim”.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc go bhfuil líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bhronntar ar dhaltaí fós ag dul in airde, fiú agus córas nua curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais a mhaígh siad a dhéanfadh líon na ndíolúintí a laghdú.

Den bhreis is 390,000 dalta ag bhí san iarbhunscoil in 2021-22, bhí níos mó ná duine as gach deichniúr ag fáil díolúine ó staidéar na Gaeilge – 41,158 dalta ar fad nó 11% den iomlán.

“De thoradh claonadh gearrbhreathnaitheach mar seo, tá sciar mór leanaí ag dul tríd an gcóras oideachais, agus na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge, le foghlaim an dara teanga, á gcoinneáil uathu,” arsa Ó Snodaigh.

“Is mian linn tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla, agus go mórmhór tuairimí na múinteoirí a bhfuil dualgas orthu an Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna Béarla, a chloisteáil ag an gcruinniú inniu.”

Rinne grúpaí a bhí os comhair an choiste cúpla seachtain ó shin cáineadh ar an athbhreithniú a rinne an Roinn Oideachais i mbliana ar na hathruithe a rinneadh in 2019 ar chóras na ndíolúintí.

Dúradh gur chóir stop a chur le bronnadh díolúintí ón nGaeilge seachas i gcásanna eisceachtúla go dtí go mbeidh athbhreithniú cuimsitheach déanta ar an gcóras.

Tá imní léirithe freisin go bhfuil iallach á chur ag scoileanna ar dhaltaí rogha a dhéanamh idir an Ghaeilge agus a n-uaireanta tacaíochta foghlama breise.

Fág freagra ar 'Ceardchumainn na múinteoirí le conspóid na ndíolúintí a phlé i dTeach Laighean'

  • Antóin

    41,158 dalta a fuair díolúine sa tréimhse 2021-22. An eol do na daoine atá ag plé na ceiste seo os comhair Coiste Oireachtais an fáth a bhfuil ardú ar líon na ndíolúintí a bronnadh?

    Cá mhéad dalta den 41,158 sin a a fuair díolúine toisc go bhfuil riachtanais speisialta aige? Cá mhéad dalta den 41,158 sin atá ag déanamh staidéar ar theanga eile amhail Frainicis, Spáinnis etc? Mar shampla sa scoilbhlian 2018/19 bhí 2,231 dalta a fuair díolúine ón Ghaeilge ach a rinne scrúdú Ardteistiméireacha i dteanga Eorpach eile.

    Cá mhéad duine den 41,158 sin a tháinig isteach sa tír ar na mallaibh, agus nár fhreastail ar bhunscoil sa tír seo?

    Cad is fiú an cheist a phlé mura bhfuil an t-eolas iomlán acu?