Léigh mé i Tuairisc.ie le gairid go raibh an naoú plean teanga faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, plean teanga do Mhaigh Eo Thuaidh sa gcás seo.
Luadh san alt céanna go bhfuil trí phlean teanga eile curtha faoi bhráid an Aire Stáit ag Údarás na Gaeltachta, plean teanga na Ceathrún Rua ar cheann acu.
Mar an té a rinne comhordú ar an bplean áirithe sin, d’ardaigh sé arís eile dom an cheist atá dhá cur agam orm féin, ar oifigigh Údarás na Gaeltachta agus ar Roinn na Gaeltachta le míonna anois: céard atá tarlaithe do Phlean Teanga na Ceathrún Rua?
Tá sé beagnach dhá bhliain go leith ó sheol Coiste Pleanála Teanga na Ceathrún Rua a bplean teanga chuig Údarás na Gaeltachta. An chéad phlean teanga a seoladh chuig an Údarás, go deimhin. Ach ar údar eicínt nach bhfuil soiléir ar chor ar bith, tá naoi gcinn de phleananna teanga ar fud na Gaeltachta faofa ó shin agus gan aon fhaomhadh déanta ar phlean na Ceathrún Rua. Cé go maítear go bhfuil Plean Teanga na Ceathrún Rua curtha faoi bhráid an Aire, is mór é m’amhras.
Ach cén fáth an mhoill?
Tá sé trí bliana go leith ó cuireadh tús leis an bplean teanga don Cheathrú Rua a ullmhú. I mí an Aibreáin 2016, sheol Coiste Pleanála Teanga na Ceathrún Rua Plean Teanga don Limistéar Pleanála Teanga chuig Údarás na Gaeltachta. D’aontaigh muid leasuithe ar an bplean leis an Údarás ina dhiaidh sin. Ach, agus naoi gcinn eile de phleananna teanga faofa ó shin, tá sé soiléir go bhfuil an chéad phobal a sheol plean ar aghaidh fágtha ar gcúl. Tá ceisteanna curtha againn faoin moill ach tá freagraí thar a bheith gann.
Ag an am céanna, tá gnéithe tábhachtacha de Phlean Teanga na Ceathrún Rua á gcur i bhfeidhm ag an Státchóras cé go bhfuil an plean teanga féin fágtha fós gan faomhadh.
Ar cheann de na príomhmholtaí sa chéad leagan den phlean bhí an moladh: “Post ardbhainistíochta a chruthú in Údarás na Gaeltachta le freagracht go sonrach as pleanáil, stiúradh agus feidhmiú phróiseas na pleanála teanga”.
Tamall tar éis an moladh seo a dhéanamh, ceapadh Bainisteoir Pleanála Teanga san Údarás.
Tá moladh i bPlean Teanga na Ceathrún Rua: “Ceanncheathrú Ghaeltachta an Gharda Síochána a lonnú ar an gCeathrú Rua i ngeall ar a lárnaí is atá an ceantar, ceanncheathrú a dhéanfadh freastal ar na stáisiúin Ghaeltachta ón Spidéal go Carna go hÁrainn le foireann a bheadh inniúil a ngnó iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge.”
Tá ceanncheathrú nua don Gharda Síochána fógartha don Cheathrú Rua.
Ar mhaithe le go mbeadh soláthar dochtúirí agus altraí le Gaeilge ar fáil sa nGaeltacht, mhol Plean Teanga na Ceathrún Rua: “Go gcuirfeadh Údarás na Gaeltachta dlús le scéim scoláireachta do mhic léinn leighis le Gaeilge, scéim faoina mbeadh ar na mic léinn sin agus iad cáilithe mar dhochtúirí teaghlaigh, tréimhse aontaithe blianta a chaitheamh ar dualgas i gceantair Ghaeltachta mar chúiteamh ar an gcúnamh airgid a chuirfeadh na scoláireachtaí ar fáil. Moltar scéim scoláireachtaí altrachta, leis na coinníollacha céanna, a reáchtáil d’altraí pobail.”
Tá an moladh seo anois lárnach i bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 an Rialtais a seoladh le gairid.
Mar chuid den ullmhúchán don phlean teanga, rinne an Coiste Pleanála Teanga suirbhé cuimsitheach ar iompar Gaeilge sa phobal. Déanadh suirbhé cuimsitheach eile ar iompar teanga i measc an óige. Déanadh suirbhé cuimsitheach eile fós ar chaiteachas ón Státchiste ar an nGaeilge i bpobal na Ceathrún Rua. Thaispeáin gach suirbhé go bhfuil an Ghaeilge láidir sa phobal. Thaispeáin na torthaí freisin go dtugann “tionscal” na Gaeilge isteach beagnach €28 milliún in aghaidh na bliana (2015) sa gCeathrú Rua.
Is liosta le háireamh an tsraith leathan moltaí stuama atá i bPlean Teanga na Ceathrún Rua a dhéileálann le nithe praiticiúla, ó sheachadadh na Gaeilge ag baile go dtí soláthar fostaíochta sa phobal. Seachas na moltaí atá i bplean na Ceathrún Rua atá dhá gcur i bhfeidhm cheana féin, tá an plean ar an leagan amach céanna le pleananna eile atá faofa cheana. Tá a fhios agam sin mar bhí baint lárnach agam leis an obair.
D’iarr Údarás na Gaeltachta ar Choiste Pleanála Teanga na Ceathrún Rua an plean teanga a chur ar fáil go dátheangach, ach dhiúltaigh an coiste don iarratas ar an mbonn gur cainteoirí laethúla Gaeilge 85% den phobal.
Shamhlófá go bhfuil an Státchóras ag tabhairt aird ar na moltaí atá i bPlean Teanga na Ceathrún Rua agus roinnt acu curtha i bhfeidhm cheana féin. Shamhlófá, dá réir sin, go mbeadh Plean Teanga na Ceathrún Rua faofa faoin tráth seo.
Cé go raibh Plean Teanga na Ceathrún Rua ar an gcéad phlean teanga a cuireadh faoi bhráid Údarás na Gaeltachta, tá an plean céanna seo fós gan faomhadh agus pobal na Ceathrún Rua thíos leis dá réir.
Cén fáth?
Mairéad
Níl cúis nach mbeadh an plean faofa. Tá mugadh magadh déanta den phróiséis pleanála teanga ón tús atá théis lagmhisneach a chur ar an bpobal ar fud na Gaeltachta. An rud a théanns i bhfad téann sé i bhfuaire. Nach raibh ar an eagraíocht deonach Teacht Aniar na coistí pleanála teanga a bhailiú le chéile chun aithne a chur ar a chéile!. Airgead suarach atá curtha ar fáil ag Joe Mc Hugh dos na coistí deonacha. An fada eile a mhairfeas an deathoil i measc na noibrite pobail deonacha seo go hhfuil slánú na Gaeilge bronnta mar job urthu? Ní mór an cúnamh Údarás gan údarás chun cúrsaí teanga a fheabhsú.
Páid Ó Donnchú
Ní fheicim aon fhadhb i ndáiríre.
Bhí an próiséas pleanála teanga déanta suas ag státseirbhísí na Rinne agus curtha
isteach focal ar fhocal in Acht na Gaeltachta beag beann ar tuairimí na heagraíochtaí
Gaeilge agus muintir na Gaeltachta.
Níl aon bhrú ar na daoine a scríobh na rialacha, jab déanta!