Céard atá ar siúl? Cá dtiocfaidh mé orthu? Céard atá i ndán dúinn? – na ceisteanna is mó roimh theacht ar ais chluichí CLG

Os cionn 30 cluiche ar fad atá le himirt an deireadh seachtaine seo, idir chluichí peile, iomána agus camógaíochta

Céard atá ar siúl? Cá dtiocfaidh mé orthu? Céard atá i ndán dúinn? – na ceisteanna is mó roimh theacht ar ais chluichí CLG

Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Tar éis briseadh seacht mí, fillfidh na cluichí idirchontae an deireadh seachtaine seo agus na foirne ag fáil réidh do na dúshláin nua a bheidh rompu in aimsir an Covid-19.

Baineadh an-sásamh as cluichí na gclubanna le roinnt míonna anuas ach, agus líon na gcásanna ar fud na tíre anois chomh hard agus a bhí siad ag tús na ráige, b’fhéidir nach dtabharfaidh na cluichí idirchontae an t-ardú meanman céanna don phobal agus a cheap daoine.

Noreen Coen (Gaillimh) agus  Ereena Fryday (Tiobraid Árann). Pictiúr: INPHO/Brian Reilly-Troy

Céard iad na cluichí atá ar siúl?

Os cionn 30 cluiche ar fad atá le himirt an deireadh seachtaine seo, idir chluichí peile, iomána agus camógaíochta.

Imreofar péire de na cluichí is tábhachtaí tráthnóna amárach i mbabhtaí leathcheannais na Craoibhe Peile Faoi 20. Bhí na cluichí seo le bheith i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig ach, seacht mí ón lá a raibh siad le bheith ann, tabharfaidh Tír Eoghain aghaidh ar Áth Cliath agus casfaidh Gaillimh ar Chiarraí chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann. An deireadh seachtaine seo freisin a imreofar na chéad bhabhtaí i gcraobhacha mionúir na Mumhan, Laighean agus Uladh.

Beidh cluichí suimiúla sa tSraith Náisiúnta Peile chomh maith. Tá cluichí idir Gaillimh agus Maigh Eo agus idir Dún na nGall agus Tír Eoghain i measc na gcluichí móra i Roinn 1 an deireadh seachtaine seo agus neart foirne atá ag iarraidh ardú céime a bhaint amach, nó ísliú céime a sheachaint, san iomaíocht sna Ranna eile.

Tá cluichí ceannais iomána le himirt idir Antroim agus Ciarraí, idir an Dún agus Doire agus idir Sligeach agus Liatroim i Roinn 2A, Roinn 2B agus Roinn 3B na sraithe agus cuirfear tús le craobhacha camógaíochta na hÉireann an deireadh seachtaine seo agus seaimpíní sinsir na hÉireann 2019, Gaillimh, ag cur tús lena bhfeachtas i gcoinne Loch Garman Dé Domhnaigh.

Duine de roghnóirí na Gaillimhe, Mícheál Ó Domhnaill, agus bainisteoir na foirne, Pádraic Joyce. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Céard é staid na himeartha sa tSraith Náisiúnta Peile?

Tá sé chomh fada ó bhí cluichí againn gur éasca dearmad a dhéanamh ar céard a bhí ag tarlú sa tsraith. Tá cinneadh déanta gan cluichí ceannais a imirt i mbliana ach tá go leor fós idir dhá cheann na meá.

I Roinn 1, tá An Mhí ag bun an tábla agus gan aon chluiche buaite acu agus é cinnte go mbeidh siad ag imirt i Roinn 2 an bhliain seo chugainn. Tá Maigh Eo go mór i mbaol agus d’fhéadfadh go ndíbreofaí ó Roinn 1 iad má chailleann siad in aghaidh na Gaillimhe Dé Domhnaigh.

Níl ach trí phointe ag Maigh Eo tar éis chúig chluiche agus cé nach bhfuil Muineachán agus Dún na nGall ach dhá phointe chun tosaigh ar fhoireann James Horan, fuair na hUltaigh an ceann is fearr ar Mhaigh Eo nuair a d’imir siad i gcoinne a chéile san earrach agus tá na torthaí sin ina mbuntáiste acu anois.

Bhí Gaillimh ar mhuin na muice sular tháinig stop leis an tsraith agus ceithre chluiche as cúig cinn buaite acu faoi stiúir Phádraic Joyce. Sa dara háit atá Ciarraí ar sheacht bpointe, pointe chun tosaigh ar Thír Eoghain agus ar Áth Cliath, foireann nach bhfuil faoi lán seoil fós faoi cheannas Dessie Farrell.

Beidh cluiche tábhachtach ann i Roinn 2 amárach nuair a thabharfaidh na foirne atá ag barr an tábla, Ard Mhacha agus Ros Comáin, aghaidh ar a chéile. Tá seans fós ag an gCabhán, An Iarmhí agus Laois ardú céime a bhaint amach ach pé acu Ard Mhacha nó Ros Comáin a bhuafaidh, bheidís beagnach cinnte d’áit i Roinn 1 an bhliain seo chugainn.

D’fhéadfadh cúrsaí ag bun an tábla a bheith níos tábhachtaí fós. Níl aon fhógra déanta ag Cumann Lúthchleas Gael faoi Chorn Tailteann 2021, an chraobh d’fhoirne i Roinn 3 agus Roinn 4 na sraithe, agus mar atá an córas faoi láthair ní mór d’fhoirne a bheith i Roinn 1 nó Roinn 2 ag deireadh na bliana seo chun a bheith cinnte go mbeidh siad san iomaíocht do Chorn Mhig Uidhir an bhliain seo chugainn.

Níl aon fhoireann díbeartha ó Roinn 2 fós ach snámh in aghaidh easa é ag Fear Manach agus iad ag iarraidh fanacht ansin. D’iarr siad ar CLG an cluiche atá acu in aghaidh an Chláir, foireann eile atá gar do bhun an tábla, an deireadh seachtaine seo a chur ar athlá de bharr Covid-19 a bheith ar roinnt imreoirí dá gcuid ach diúltaíodh dá n-achainí.

I Roinn 3, beidh ardú céime saothraithe ag Corcaigh amárach chomh fada agus nach gcailleann siad i gcoinne chontae Lú, foireann nár bhuaigh aon chluiche go dtí seo sa tsraith. Tá cluiche tábhachtach eile ann i Roinn 3 idir Doire agus An Longfort agus iad féin ag iarraidh ardú céime a bhaint amach, agus is amhlaidh an scéal ag an Dún.

D’fhéadfadh Luimneach an beart a dhéanamh i Roinn 4 má bhuann siad ar Loch Garman ach tá Aontroim, Cill Mhantáin agus Sligeach fós san iomaíocht sa roinn sin.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cá mbeidh na cluichí le feiceáil?

Cé nach mbeidh cead isteach ag lucht féachana go dtí cluiche ar bith an deireadh seachtaine seo, tá iarracht déanta na cluichí uile a chur ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh iad a fheiceáil.

Beidh ceithre chluiche beo ar an teilifís amárach, na cluichí faoi 20 ar TG4, an cluiche idir Áth Cliath agus an Mhí ar eir Sports agus an cluiche idir Ard Mhacha agus Ros Comáin ar RTÉ.

Ansin Dé Domhnaigh, beidh na cluichí idir Gaillimh agus Maigh Eo agus idir Dún na nGall agus Tír Eoghain le feiceáil beo ar TG4 agus beidh craoladh iarbheo acu ar an gcluiche idir Cill Dara agus an Cabhán.

Na cluichí sraithe nach mbeidh á gcraoladh ar an teilifís, is féidir beoshruthú a dhéanamh orthu sin ar fad ar GAAGO. Costas €5 an cluiche a bheidh orthu.

Tá sé fógartha ag CLG Uladh go bhfuil beoshruthú le déanamh ar na cluichí i gcraobh mhionúir an chúige (€5 an ceann) agus beidh an Cumann Camógaíochta ag cur na gcluichí ar fáil saor in aisce ar Facebook agus ar YouTube.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Céard atá á dhéanamh ag foirne chun baol an Covid-19 a mhaolú?

Tá córas tástála gasta Covid-19 curtha ar fáil d’imreoirí idirchontae. Tabharfar tús áite d’imreoirí a bhfuil cluichí acu an tseachtain sin agus tá sé i gceist torthaí na tástála a thabhairt d’imreoir taobh istigh de 24 uair an chloig.

Tá imreoirí imithe i gcleachtadh ar na hathruithe atá i bhfeidhm maidir le traenáil. Tá suas le ceithre sheomra feistis in úsáid ag contaetha chun imreoirí a scaradh amach óna chéile agus go minic iarrtar orthu an feisteas imeartha a bheith orthu ag teacht ag an bpáirc agus fanacht go dtí go mbeidh siad ar ais sa bhaile chun cith a thógáil.

Beidh dúshláin bhreise ag baint le cluichí, áfach. Tá cead ag foirne busanna a úsáid chun taisteal go dtí cluichí ach tá Ciarraí ar cheann de na foirne a bhfuil cinneadh déanta acu go dtabharfaidh na himreoirí faoin turas as baile ina gcarranna féin. Aistear cúig uaire an chloig atá roimh imreoirí Chiarraí agus iad ag dul suas go Muineachán anocht agus tiomáinfidh siad abhaile ansin i ndiaidh an chluiche amárach.

Imreoir na hIarmhí, John Heslin. Pictiúr: INPHO/Ryan ByrneCéard atá i ndán dúinn?

Cé gur ábhar mór faoisimh é do go leor daoine go bhfuil na cluichí idirchontae le tosú arís, tá amhras ann chomh maith ar cheart do na cluichí a bheith ag dul ar aghaidh agus líon na gcásanna sa tír ag dul i méid i gcónaí.

Níl sé deimhnithe go raibh nasc idir cás den víreas agus duine a d’imir cluiche CLG ach mar sin féin, tá imreoir na hIarmhí, John Heslin, tar éis a rá go bhfuil imní airsean fúthusan a bheidh ag imirt cluichí idirchontae i mbliana agus tá iar-imreoir Ros Comáin, Shane Curran, ina measc siúd a bhfuil cáineadh déanta aige ar na cluichí a bheith á n-imirt arís.

Tá Cumann na nImreoirí (GPA) tar éis tuairimí a lorg ó na himreoirí faoi cé acu a bhfuil siad sásta nó nach bhfuil dul ar ais ag imirt i mbliana nó an bhfuil siad sásta leis na beartais atá curtha i bhfeidhm chun srian a choinneáil ar an gCovid-19.

Beidh torthaí an tsuirbhé sin tábhachtach agus is tábhachtaí fós go rachaidh cluichí an deireadh seachtaine seo ar aghaidh gan aon fhadhb agus gan aon duine a chur i gcontúirt.

Má bhíonn an phraiseach chéanna ann agus a bhí i gcampa fhoireann sacair na hÉireann le seachtain anuas, d’fhéadfadh go mbeadh na craobhacha i mbaol.

Fág freagra ar 'Céard atá ar siúl? Cá dtiocfaidh mé orthu? Céard atá i ndán dúinn? – na ceisteanna is mó roimh theacht ar ais chluichí CLG'