Caithfidh an tAire Oideachais fógra a dhéanamh láithreach faoi na cúrsaí Gaeilge nua atá molta don Ardteist chun stop a chur le “one of the most utterly ridiculous propositions…ever heard”.
B’in a bhí le rá ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív sa Dáil agus é ag tagairt do chás na siollabas nua – T1 agus T2 – atá molta don Ghaeilge san Ardteist.
Dúirt an tAire Oideachais go rabhthas ag fanacht faoi láthair ar thoradh an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a eagraíodh faoi na moltaí agus nach bhféadfaí teacht roimhe sin trí ráiteas a dhéanamh.
Ach dúirt Éamon Ó Cuív gur cur amú ama agus airgid a bhí ann a bheith fiú ag caint ar chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí a thabhairt isteach gan aon chúiteamh breise a thabhairt do dhaltaí a roghnódh é.
Ba chóir go gcuirfeadh na tAire stop láithreach leis an gcaint sin, ar sé.
Dúirt Ó Cuív go raibh “an-bhuairt ar thuismitheoirí a bhfuil Gaeilge mhaith ag a ngasúir mar gheall ar an scéal: go mbeidh dhá churaclam Gaeilge ann ach nach mbeidh buntáiste dá laghad ann dóibh siúd a dhéanann an ceann is dúshlánaí”.
“Caithfimid córas a bheith againn a chuirfidh stop leis an gcur amú ama atá i gceist leis na moltaí áiféiseacha atá á gcur chun cinn ag eagrais atá in ainm is cinntí stuama a dhéanamh,” arsa Ó Cuív.
“Sílim, mar sin, gur cás eisceachtúil é seo. Sin an fáth go bhfuilim ag iarraidh idirghabháil a dhéanamh anseo chun deireadh a chur leis an moladh go mbeadh dhá chúrsa ann, ceann níos deacra ná an ceann eile, ach na marcanna agus na creidiúintí céanna ag dul leis an dá cheann.
“Is deacair liom a chreidiúint an méid airgid atá caite againn ar an gcomhairliúchán go léir go dtí seo, ar cheann de na moltaí is áiféisí amach is amach atá cloiste riamh agam. Ba cheart go mbeadh sé diúltaithe scun scan ón tús mar rud nárbh fhiú aon phlé a dhéanamh air.”
Dúirt Ó Cuív go bhféadfaí an scéal a choinneáil ón mugadh magadh dá ndéarfadh an tAire anois nach dtabharfaí an dá chúrsa isteach gan cúiteamh breise a bheith i gceist leis an gceann níos dúshlánaí, an cúrsa T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile.
“Cé a dhéanfadh é [an cúrsa T1]? Cé a chuirfeadh an dua air féin é a dhéanamh i gcás mar sin? Cinnte ní bheadh mise i ndiaidh aon spreagadh a thabhairt do mo ghasúir féin a leithéid a dhéanamh nuair a bhí siadsan ag dul don Ardteist, cé gurb í an Ghaeilge teanga an bhaile againn.”
Thacaigh Teachta Dála eile ó pháirtí an Aire Oideachais, Pádraig O’Sullivan, le héileamh Uí Chuív.
“Ba cheart dúinn daltaí a mhealladh chun an t-ábhar a thógáil ag an leibhéal is airde gur féidir leo, seachas labhairt faoi T1 agus T2 a bheith ar comhchéim ó thaobh pointí de. Ba cheart dúinn deireadh a chur leis an raiméis mar gheall ar T1 agus T2 a bheith ar comhchéim. Má chaithfimid pointí bónais a thabhairt don chaighdeán níos airde, caithfimid déileáil leis sin láithreach,” a dúirt O’Sullivan, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sé tábhachtach tuairimí a fháil ó oiread daoine is ab fhéidir agus scagadh a dhéanamh ar na tuairimí sin. Bheadh tuarascáil eatramhach faoin bpróiseas comhairliúcháin ar fáil mí an Mheithimh, a dúirt sí.
“Glacaim leis go bhfuil na bheirt Teachtaí diongbháilte faoi na tuairimí láidre atá curtha in iúl acu anseo. Mar sin féin tá sé tábhachtach, ar mhaithe le cothrom na Féinne agus leis an bpróiseas atá ar siúl, go dtabharfar deis do gach dream a gcuid tuairimí a chur in iúl. Is chuige sin go díreach atá an próiseas seo ar bun – deis tuairimí éagsúla a chloisteáil.
“Níl aon amhras orm nach mbeidh malairt tuairimí ag daoine a ghlacfaidh páirt sa phróiseas comhairliúcháin. Glacaim leis go gcaithfear torthaí an phróisis seo a fhoilsiú ar dtús. Déanfar sin.
“Tá sé tábhachtach, áfach, go ndéanfaí tuairimí meáite gach duine a ghlac páirt sa phróiseas a mheas agus feicfidh na Teachtaí go raibh rannpháirtíocht iontach ag daoine sa chomhairliúchán seo.”
Dúirt an tAire go raibh anailís mhion á déanamh ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ar an aiseolas ar fad a fuarthas faoin moladh T1 agus T2. Dúirt sí go rabhthas ag súil go mbeidh tuarascáil eatramhach an chomhairliúcháin á cur faoi bhráid chomhairle an NCCA mí an Mheithimh. Is gearr go mbeidh tuairisc ar an nGaeilge sa tSraith Shóisearach á cur faoi bhráid na comhairle céanna, a dúirt sí.
Seán
Cén Iriseoir atá ag scríobh an truflais seo? Nach bhfuil aon rud eile ag Tuairisc chun scríobh faoi? Suíomh leadránach, leamh atá agaibh anois. Déanaigí iarracht níos fearr…ailt diúltachta i gcónaí.
Seán ÓM
Táim ag ceapadh go dteipfidh ar an gcur chuige seo ina iomlán ag an bpointe seo. Tá praiseach iomlán déanta den chur i bhfeidhm.
Beidh orainn tarraingt siar go dtí Plean B leis an dara ábhar cosúil leis an “matamaitic fheidhmeach” le haghaidh “Litríocht na Gaeilge” nó “Gaeilge fheidhmeach”.
Is trua é seo. Ach ní fheicim aon bhealach eile mura thagann na pointe breise.
(Seachas an brionglóid – fáil réidh leis an Ardteistiméireacht agus córas CAO go hiomlán dár ndóigh).
Antóin
Samhlaigh cúrsa Béarla/Fraincise/Mata níos dúshlánaí a thabhairt isteach gan aon chúiteamh breise a thabhairt do dhaltaí a roghnódh é.
Cheapfá nár chuir an tAire a cos thar thairseach scoile riamh.