Ceangal níos dlúithe Chonradh na Gaeilge leis an bpolaitíocht le plé ag Ard-Fheis

Tá roinnt rún molta ag craobhacha Chonradh na Gaeilge a chuirfeadh iachall ar an gConradh seasamh níos láidre a thógáil ar cheisteanna nach mbaineann go sonrach le cúrsaí teanga

Ceangal níos dlúithe Chonradh na Gaeilge leis an bpolaitíocht le plé ag Ard-Fheis

Julian de Spáinn

Tá an seans ann go gceanglófar Conradh na Gaeilge níos dlúithe leis an bpolaitíocht – idir pholaitíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta – tar éis Ard-Fheis na heagraíochta i Loch Garman an deireadh seachtaine seo.

Tá roinnt rún molta ag craobhacha na heagraíochta a chuirfeadh iachall ar an gConradh seasamh níos láidre a thógáil ar cheisteanna nach mbaineann go sonrach le cúrsaí teanga.

Tá trí rún curtha chun cinn ag craobhacha de chuid an Chonartha i nDoire, i nGaillimh, agus i mBéal Feirste ina moltar go nglacfadh Conradh na Gaeilge seasamh láidir ar cheist na Palaistíne.

Sa rún atá curtha chun cinn ag Conradh na Gaeilge Charn Tóchair moltar go gcáinfeadh an t-eagras teanga go láidir “an cinedhíothú agus an chinedheighilt sa Phalaistín” agus go gcloífeadh an Conradh “le treoir Baghcat, Dífheistiú, agus Smachtbhannaí” (BDS).

Molann Gaeil na Gaillimhe, cumann CLG i gcathair na Gaillimhe ar craobh den Chonradh é, go n-aithneodh an Conradh “tábhacht an bhaghcait” agus an rath a bhí ar bhaghcat ar Puma agus Red Hat i bPáirc an Chrócaigh. Tá an moladh céanna acu go nglacfadh an Conradh le polasaí BDS agus go mbeadh treoir BDS ag an eagraíocht do na baill agus do na craobhacha.

Beidh toscairí Choiste Cheantar Bhéal Feirste ag moladh do lucht na hArd-Fheise go gclárófaí Conradh na Gaeilge mar Limistéar Saor ó Chinedheighilt agus go bhforbrófaí polasaí BDS don eagraíocht.

Tá rún ar chlár na hArd-Fheise a bhaineann leis an bpolaitíocht náisiúnta freisin agus é molta ag Craobh 1916 go n-aithneodh an Conradh an “ról ceannasaíoch” a bhí ag baill Chonradh na Gaeilge in Éirí Amach na Cásca 1916 agus go bhfuil sé “mar dhualgas [ar bhaill reatha na heagraíochta] an fhís a bhí [ag sínitheoirí Fhorógra na Cásca] a bhaint amach. Moltar freisin go ndéanfadh an eagraíocht comóradh bliantúil ar Éirí Amach na Cásca.

Is ó Chraobh Frankfurt, sa Ghearmáin, a tháinig rún eile a bhaineann le cúrsaí polaitíochta. Tá sé molta ag muintir Frankfurt go ndúnfadh Conradh na Gaeilge “gach aon chuntas Twitter/X atá faoi stiúir dhíreach” na heagraíochta roimh dheireadh na bliana. Luaitear sa rún freisin gur chóir don eagraíocht “machnamh ar ardáin mheáin shóisialta eile a úsáid” in áit X. Ní luaitear an pholaitíocht go sonrach sa rún sin, ach mar sin féin moltar go minic do dhaoine atá i gcoinne réimeas Donald Trump i Meiriceá éirí as X mar gheall gur le Elon Musk é.

Tá an pholaitíocht fite fuaite i scéal Chonradh na Gaeilge le fada an lá, cé go maítear go minic gur ‘eagraíocht neamhpholaitiúil’ í.

Teannas polaitiúil a d’ardaigh i measc lucht an Chonartha ba chúis le héirí as an chéad uachtaráin Dubhghlas de hÍde i 1915. Níor aontaigh an Craoibhín Aoibhinn leo siúd ar theastaigh uathu go mbeadh fís pholaitiúil ag an eagraíocht – Pádraig Mac Piarais ina measc. Go deimhin, tar éis Éirí Amach na Cásca 1916, scríobh de hÍde chuig a chara John Quinn i Meiriceá “the League had been steered on the rocks by fools”.

Bhain conspóid le rún a cuireadh chun cinn ag Ard-Fheis an Chonartha i 1998 go seasfadh an Conradh le hAirteagal 2 de Bhunreacht na hÉireann gurbh é “oileán na hÉireann go hiomlán, maille lena oileáin agus a fharraigí teorann, na críocha náisiúnta” – airteagal a leasaíodh an bhliain chéanna trí Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Pléifear 43 rún ar fad ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl in Óstán White’s of Wexford i mbaile Loch Garman an deireadh seachtaine seo.

Ar na rúin eile a phléifear ansin beidh ceann faoi chur chun cinn na Gaeilge ar gheansaithe Chumann Lúthchleas Gael agus péire faoi dhaoine breise a fhostú ar phá san eagraíocht teanga le bheith ina ‘dtimirí’ agus mar ‘oifigeach tiomsaithe airgid’.

Tá rúin eile ar chláir na hArd-Fheise a bhaineann le géarchéim mhaoninithe Fhoras na Gaeilge, le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, agus leis an nGaelscolaíocht.

Fág freagra ar 'Ceangal níos dlúithe Chonradh na Gaeilge leis an bpolaitíocht le plé ag Ard-Fheis'

  • Aonghus Mac an tSaoir

    Cinneadh amaideach a bheadh ann don Chonradh díriú ar cheist na Palaistíne. An é go gceapann na daoine atá ag moladh an rúin go bhfuil príomhsprioc an Chonartha curtha i gcrích aige (i.e. an Ghaeilge a chur i réim arís) agus gur féidir leis díriú ar fhadhbanna uile an domhain a réiteach anois? Má chuirtear de cheangal ar an gConradh ‘labhairt amach’ ar cheist na Palaistíne, cén fáth nach ndéanfaí amhlaidh i gcás choimhlintí eile an domhain? Féach ar chás na Súdáine, cuir i gcás. Tá thart ar 150,000 duine tar éis bháis i gcogadh cathartha na Súdáine atá ar siúl le dhá bhliain anuas. Tá 11 milliún duine díbeartha as a dtithe cónaithe. Tá an calar, an t-éigniú, an glanadh eitneach agus an céasadh ina réaltacht laethúil anois. Tá thart ar 26 milliún i mbaol ocrais agus is cosúil go bhfuil gorta ag teacht chun cinn ar fud na tíre, i bhfianaise an damáiste atá déanta do chórais uiscithe agus don infreastruchtúr. An bhfuil aon rún ann chun aird a tharraingt ar chás na Súdáine?

    Cén fáth nach dtarraingeodh an Conradh aird ar an gcos ar bolg atá á dhéanamh ag an Tuirc ar an bpobal Coirdíneach, ag rialtas na Síne ar na hUigiúraigh nó ag an Asarbaiseáin ar na hAirméinigh, gan ach cúpla sampla a lua? Tá sé aisteach go dtagann go leor daoine amach chun na Giúdaigh a dhamnú nuair nach gcloistear faic ó na daoine céanna nuair atá rudaí i bhfad níos measa á ndéanamh ag tíortha eile. Má chuireann an Conradh de dhualgas air féin a bheith ag gníomhú ar son na ndreamanna ar fad atá á gcur faoi chois, ní bheidh mórán ama fágtha aige chun a bheith ag plé leis an nGaeilge. Sin nó níl i rúin na gCraobhacha maidir leis an bPalaistín ach geáitsíocht agus ina léiriú go bhfuil an Conradh ag cailliúint radhairc ar an mbunchuspóir atá aige, i.e. an Ghaeilge a athbheochan.

  • Maolra sna Driseoga

    Céard faoi na meáin mhíshóisialta eile?
    De bharr meascán de saint, eagla agus meas tá úinéirí Amasóin, Éadanleabhar, Fwatsaip srl ar a nglúine os comhair an Trumpaigh, impire féincheaptha na Stáit Scoilte.
    Nár chóir iadsan a Bhoycottáil freisin?