Osclófar dhá thaispeántas ag an am céanna sa Bhlascaod Mór agus Uibhist a Tuath ag a seacht a chlog tráthnóna inniu. In Ionad an Bhlascaoid Mhóir a osclófar ‘Scéal Hiort’ agus i dTaigh Chearsabhagh (Ionad Ealaíon agus Cultúir) i Loch nam Madadh ar Uibhist a Tuath a osclófar ‘Fairscin Inise’.
Cruthóidh an dá thaispeántas nasc idir an dá cheantar Gaelach.
Is é John McDonald, a bhfuil cónaí anois air i gCionn tSáile i gContae Chorcaí ach ar rugadh a athair Calum in Hiort, a bheas mar phríomhaoi anocht. Scríobh Calum McDonald a scéal féin sa leabhar From Cleits to Castles sa bhliain 2010 ina bhfuil cur síos ar an saol iargúlta in Hiort agus an méid a bhain dó i Londain tar éis dó an t-oileán a fhágáil.
Craolfar chomh maith eagrán den tsraith Turas Húicéara, a rinne an léiritheoir agus fear farraige Donncha Mac Con Iomaire trí bliana ó shin faoina thuras chuig Oileán Alban.
Bailiúchán grianghraf ón mBlascaod Mór a thaispeánfar i dTaigh Chearsabhagh. Beidh Mícheál de Mórdha, Bainisteoir Ionad an Bhlascaoid Mhóir, agus beirt cheoltóirí, Breandán Ó Beaglaoich agus Feargal Mac Amhlaoibh, i láthair ag an ócáid seolta anocht.
D’fháiltigh an tAire Simon Harris, a bhfuil cúram speisialta air in Oifig na nOibreacha Poiblí, roimh an ócáid inniu.
“Is aoibhinn liom mo bheannachtaí a sheoladh ar an gcomhoibriú seo. Ionad allabhrach do chuairteoirí is ea Ionad an Bhlascaoid Mhóir atá faoi chúram an OPW; suite mar atá sé ar Leithinis Chorca Dhuibhne, léiríonn sé scéal oidhreachta an Bhlascaoid. Tá comhshamhail ag scéal na nOileánach agus a slí bheatha le scéal agus oidhreacht Uibhist a Tuath ins sna hOileáin Siar. Táim cinnte go mbeidh an-tóir ag daoine ar an dá thaispeántas agus go mbainfidh cách taitneamh astu,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Ceangal Ceilteach idir an Blascaod Mór agus Eileain Siar na hAlban'