Ó ghlúin go glúin – an dochar ó luath-thaithí thrámach sa Tuaisceart

Anuas ar na mílte a d’fhulaing go díreach in eachtraí móra na dTrioblóidí, d’fhág an foréigean a rian ar iliomad daoine eile agus bhí tionchar tubaisteach ar pháistí aige

Ó ghlúin go glúin – an dochar ó luath-thaithí thrámach sa Tuaisceart

Drochthionchar ar oideachas, ar shláinte intinne agus choirp, ar iompar sa bhaile agus lasmuigh. Níl ansin ach blaiseadh den damáiste atá déanta ag luath-thaithí ar fhoréigean i dTuaisceart Éireann, idir eachtraí a bhain leis na Trioblóidí agus imeachtaí anróiteacha sna seacht mbliana fichead ó Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Níorbh údar iontais é d’éinne go ndearna taithí ar fhoréigean dochar do sciar mór den phobal. Céard eile a mbeifeá ag súil leis? Tá léargas lom á fháil ag fiosrú na hÓmaí faoi láthair ar an éagóir agus ciapadh a d’fhulaing na híobartaigh san uafás sin, idir ghaolta na marbh, na sluaite a gortaíodh agus na daoine a chonaic iarmhairt na pléisce. Pian as cuimse.

Anuas ar na mílte a d’fhulaing go díreach in eachtraí móra bhí drochéifeacht ag foréigean ar iliomad daoine eile agus tionchar tubaisteach ar pháistí. Tá déine agus scóip an dochair nochta den chéad uair ag staidéar ar an ábhar i measc daoine fásta ar fud an Tuaiscirt. Is léir gur dhúshlán suntasach é do Stormont i dtaca le polasaithe agus seirbhísí poiblí. Foilsíodh an tuairisc dar teideal ‘The Prevalence and Impact of Adverse Childhood Experience in Northern Ireland’ ar an Déardaoin.

Scoláirí ó Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh a rinne an taighde thar ceann an Fheidhmeannais don chlár in aghaidh an pharaimíleatachais agus na coiriúlachta eagraithe. Ordaíodh an scrúdú nuair a thug foireann an chláir in aghaidh pharaimíleatachais faoi deara cé chomh fairsing is a bhí an suaitheadh iarchoimhlinte.

Catagóir ar leith a aithnítear go hidirnáisiúnta is ea luath-thaithí thrámach [Adverse Childhood Experience] nó ACE. Cuimsíonn ACE cineálacha éagsúla mí-úsáide, faillí, fadhbanna teaghlaigh a airíonn duine faoi bhun 18 bliain, chomh maith le taithí ar fhoréigean, go háirithe le linn coimhlinte.

Rinne an mheitheal, faoi cheannas an Dr Colm Walsh ó Ollscoil na Ríona, scrúdú ar shampla 1,200 duine fásta ar fud an Tuaiscirt ag scrúdú a dtaithí maille lena héifeacht ar a sláinte agus a saol go ginearálta. D’fhreagair seisear as gach deichniúr, 60%, gur fhulaing siad eachtra thrámach amháin mar pháistí agus duine as gach seisear, 17.6% ceithre ACE nó níos mó. Dúirt 30% gur fhulaing siad de bharr na dTrioblóidí. Dúirt beagnach 9% díobh gur maraíodh duine gaoil leo, 12% a ndearna paraimíleataigh bagairt orthu agus 47.5% a chonaic gníomhartha foréigneacha.

Luíonn sé le réasún gur mó an taithí a bhí ag daoine aosta ar thráma a bhain le foréigean na dTrioblóidí ach b’údar suntais é gur dhúirt daoine idir 18 -24 go raibh taithí éigin acu ar fhoréigean, go díreach nó go hindíreach agus ar bhagairtí ó pharaimíleataigh. Sin iad an ghlúin a rugadh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, fianaise, dá mba ghá é, go bhfuil sé thar am ag na húdaráis déileáil leis na coirpigh a thugann paraimíleataigh orthu féin.

Is i gceantair bhochta is mó a bhí daoine a raibh luath-thaithí ar go leor eachtraí le linn na dTrioblóidí acu, an éagothroime fhollasach. Dúirt an Dr Walsh go raibh difríocht ollmhór idir cinniúint na ndaoine sin (lenar bhain ceithre cinn d’eachtraí ACE nó níos mó) agus daoine nár fhulaing a leithéid. Bhí naoi n-oiread seans gur sheachain sé nó gur ruaigeadh ón scoil an duine leis na ceithre eachtra ACE nuair a bhí sé ina ghasúr, ocht n-oiread seans gur gabhadh é/í am eicínt agus trí oiread seans go mbeadh drugaí mídhleathacha tógtha aige le bliain anuas mar dhuine fásta.

Dhearbhaigh an tuairisc go bhfuil iarmhairtí na luath-thaithí ar thráma agus míbhuntáiste fite fuaite lena chéile. Fáinne fí is ea é freisin mar gur minic a seachadtar tráma ó ghlúin go glúin – ag buanú drochthorthaí oideachais, drochshláinte agus míchumas. Luaitear freisin iompar contúirteach, ólachán, drugaí, féinghortú le roinnt daoine ar bhain suaitheadh dóibh ó fhoréigean baile nó na Trioblóidí.

Cuireann an tuairisc seo faisnéis ar fáil don bhFeidhmeannas in Stormont chun a dhul i ngleic leis na fadhbanna – gnó do na ranna oideachais, sláinte, dlí, pobail agus airgeadais ag feidhmiú i gcomhar lena cheile chomh maith le feachtas in aghaidh an bhochtanais a fheidhmiú. Chífimid.

Fág freagra ar 'Ó ghlúin go glúin – an dochar ó luath-thaithí thrámach sa Tuaisceart'

  • Carraig

    An tráma is measa ar fad ná bás anaibí linbh.
    Cuimhnigh, mar sin, ar an tráma do-inste atá agus a bheidh in Gaza sna glúinte atá le teacht.