Cead pleanála le lorg roimh dheireadh na bliana do lárionad nua Gaeilge do chathair Bhaile Átha Cliath

€13 milliún atá geallta ag an Rialtas d’fhorbairt ionad Gaeilge ar fud na tíre ach níor caitheadh ach €77,115 den tsuim sin go dtí seo

Cead pleanála le lorg roimh dheireadh na bliana do lárionad nua Gaeilge do chathair Bhaile Átha Cliath

Dheimhnigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do Tuairisc.ie go raibh iarratas ar chead pleanála le déanamh roimh dheireadh na bliana seo le ceannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad Gaeilge do chathair Bhaile Átha Cliath.

Cuireadh €4 milliún i leataobh don lárionad teanga san ardchathair sa Phlean Forbartha Náisiúnta, Éire 2040, a fógraíodh anuraidh.

Bunaíodh coiste stiúrtha ar a raibh ionadaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Fáilte Ireland agus Conradh na Gaeilge chun forbairt an lárionaid Ghaeilge a chur chun cinn.

Beagnach dhá bhliain ó shin tugadh €40,897 don Chonradh chun staidéar féidearthachta a dhéanamh ar fhorbairt an tsuímh.

€13 milliún atá geallta d’fhorbairt ionad Gaeilge ar fud na tíre faoin phlean ach níor caitheadh ach €77,115 den tsuim sin go dtí seo, de réir an eolais is déanaí ón Roinn.

Fógraíodh i mí Aibreáin 2018 go gcaithfí €13 milliún den €178 milliún atá luaite sa phlean forbartha náisiúnta le cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus na n-oileán ar lárionaid Ghaeilge nua.

Gealladh mar chuid den phlean sin go mbunófaí ionad i mBaile Átha Cliath agus ionaid eile sna 16 baile atá aitheanta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta agus i gceantair atá aitheanta mar líonraí Gaeilge.

€4 milliún atá curtha i leataobh sa phlean don lárionad nua i mBaile Átha Cliath.

Dheimhnigh an Roinn gur caitheadh €77,115 go dtí seo ar thrí thogra agus go raibh siad ag plé le cúig eagraíocht faoi láthair maidir le hiarratais chaipitil.

Dúirt an Roinn go raibh súil acu go mbeadh “borradh faoin obair seo” de bharr na dtograí sin agus cinn eile a thiocfadh chun cinn ar an bhliain seo chugainn.

Tá go dtí 2027 ag an Roinn leis an €13 milliún d’airgead caipitil a chaitheamh.

Fág freagra ar 'Cead pleanála le lorg roimh dheireadh na bliana do lárionad nua Gaeilge do chathair Bhaile Átha Cliath'

  • Liam

    Ní thig ceann a fhorbairt gasta go leor!