Cead pleanála faighte d’Ionad Oideachais agus Óige ar shuíomh Choláiste Lurgan i gConamara

Deir Údarás na Gaeltachta gur ‘forbairt shuntasach’ atá in ionad nua a rachaidh ‘chun sochair an phobail áitiúil agus Ghaeltacht Chonamara’

Tá cead pleanála faighte ag Údarás na Gaeltachta d’fhorbairt nua ar shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán i gCois Fharraige agus an chéad radharc ar an phlean nua don ionad óige agus oideachais úr curtha ar fáil.

Deir Údarás na Gaeltachta gur “forbairt shuntasach” í “a rachaidh chun sochair an phobail áitiúil agus Ghaeltacht Chonamara”.

€315,0000 a fógraíodh d’Údarás na Gaeltachta chun iarratas ar chead pleanála a ullmhú agus a dhéanamh don ionad atá le tógáil ar shuíomh Choláiste Lurgan.

Tuigtear gur €10 milliún atá luaite leis an fhorbairt.

Beidh halla ilfheidhmeach, seomraí ranga, cistin agus oifigí san ionad nua. Beidh spás spraoi agus áit pháirceála taobh amuigh. Dúradh cheana go rabhthas ag súil go mbeidh an t-ionad nua tógtha faoi fhómhar 2025.

Beidh an t-ionad faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta agus Coláiste Lurgan a bheidh mar phríomhthionónta ann le linn cúrsaí Gaeilge an tsamhraidh. An chuid eile den bhliain beidh sé ina áis oideachais, óige, spóirt agus pobail.

Dúradh go gceapfaidh an tÚdarás bainisteoir don ionad amach anseo agus bunófar coiste comhairleach chomh maith.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, gur “cúis mhór áthais agus bhróid” don eagraíocht go bhfuil cead pleanála faighte acu don fhorbairt i gCois Fharraige.

“Tá géarghá le hionad mar seo a thacóidh le forbairt phearsanta, oideachasúil agus shóisialta ár ndaoine óga sa Ghaeltacht. Táimid tiomanta do thodhchaí rathúil a chinntiú don chéad ghlúin eile agus is céim mhór chun tosaigh é seo chun é sin a bhaint amach.”

“Táimid buíoch den phobal áitiúil as a dtacaíocht don tionscadal seo agus tá súil againn tús a chur le tógáil amach anseo.”

Fág freagra ar 'Cead pleanála faighte d’Ionad Oideachais agus Óige ar shuíomh Choláiste Lurgan i gConamara'