Cead pleanála á lorg d’aonad ospíse nua 36 leaba ar shuíomh 14 acra i nGaillimh

I ráiteas a chuir Fondúireacht Ospís na Gaillimhe amach anocht dúradh go raibh aonad cúraim nua ag teastáil mar gheall ar an méadú mór ar an éileamh atá ar sheirbhísí na hospíse le blianta beaga anuas

Cead pleanála á lorg d’aonad ospíse nua 36 leaba ar shuíomh 14 acra i nGaillimh

Tá iarratas déanta ag Ospís na Gaillimhe ar Chead Pleanála d’aonad cúram maolaithe 36 Leaba i bPáirc Mhuirlinne.

I ráiteas a chuir Fondúireacht Ospís na Gaillimhe amach anocht dúradh go raibh aonad cúraim nua ag teastáil mar gheall ar an méadú mór ar an éileamh atá ar sheirbhísí na hospíse le blianta beaga anuas.

Dúradh nach mbeifí in ann freastal san ionad atá ag an ospís ar an Rinn Mhór ar an éileamh ar a gcuid seirbhísí a bheidh ann amach anseo. Aonad 18 leaba atá ar an Rinn Mhór, áit a gcuirtear seirbhísí cúraim baile agus seirbhísí cúraim lae ar fáil chomh maith do bhreis is 730 duine.

Dúradh go raibh láthair aimsithe gar d’Ospidéal Pháirc Mhuirlinne a bheadh feiliúnach don aonad 36 leaba nua..

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhondúireacht Ospís na Gaillimhe, Mary Nash go raibh éileamh mór ar sheirbhísí ospíse le blianta beaga anuas, ar sheirbhísí cónaitheacha agus cúraim baile araon.

“Leis an ospís nua, beifear in ann cóir leighis a chur ar líon níos mó othar, le go bhfaighidh siad cúram ar an gcaighdeán is airde ag an am is mó a dteastaíonn sin uathu,” a dúirt Mary Nash.

Maítear go mbeidh a dhá oiread éilimh ar sheirbhísí ospíse in Éirinn faoin mbliain 2040.

D’aontaigh Feidhmeannnacht na Seirbhíse Sláinte an suíomh i bPáirc Mhuirlinne a dhíol le Fondúireacht Ospís na Gaillimhe in 2015 agus tabharfar an 14 acra ar lámh don Ospís ach cead pleanála a bheith faighte.

Fág freagra ar 'Cead pleanála á lorg d’aonad ospíse nua 36 leaba ar shuíomh 14 acra i nGaillimh'