Cead diúltaithe sa chúirt do mháthair in Albain a hiníon a chur go dtí Gaelscoil

Is cainteoir dúchais Gaeilge as Oileán Uibhist a Tuath í Curstaidh McDonald ar éirigh easaontas idir í féin agus a hiarfhear céile maidir leis an gcineál oideachais a chuirfí ar a n-iníon

Cead diúltaithe sa chúirt do mháthair in Albain a hiníon a chur go dtí Gaelscoil

Tá bean as Albain ar diúltaíodh cead di faoi dhó sa chúirt a páiste a chur chuig Gaelscoil i mbun feachtas bailithe airgid chun na costais a bhain lena cás a ghlanadh.

Is cainteoir dúchais Gaeilge as an oileán Uibhist a Tuath í Curstaidh McDonald ar éirigh easaontas idir í féin agus a hiarfhear céile maidir leis an gcineál oideachais a chuirfí ar a n-iníon atá cúig bliana d’aois.

Tá an cás sna cúirteanna le bliain anuas agus diúltaíodh faoi dhó d’áitiú Curstaidh McDonald go raibh sé de cheart aici gaelscoil a roghnú dá hiníon.

Deir Curstaidh McDonald go bhfuil costais dlí €60,000 le glanadh aici agus tá feachtas bailithe airgid curtha ar bun aici chun na fiacha sin a ghlanadh.

Tá £8,000 bailithe cheana aici ar an suíomh JustGiving.com agus deir sí gur ardú croí mór di an tacaíocht atá faighte aici ó dhaoine a chreideann gur “ceart daonna é oideachas a fháil i do mháthairtheanga”.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt sí gur i mBéarla amháin a chaitheann a hiníon formhór a saoil anois agus go bhfuil sí buartha nach mbeidh sí líofa sa Ghaeilge.

Dúirt sí gur spreagadh mór a bhí sa tacaíocht a bhí á fáil aici ó lucht mionteangacha ar fud an domhain tar éis “an briseadh croí” a bhain leis an gcás.

Nuair a diúltaíodh do chás Curstaidh McDonald den chéad uair, dúirt an Breitheamh gur mó na míbhuntáistí dá hiníon a bheith ag freastal ar an ngaelscoil ná “na buntáistí imeallacha a bhainfeadh leis”. Chinn sé gur scoil eile, scoil Bhéarla, an scoil ab fhearr di freastal uirthi.

“Tuigim go maith go mbeidh an-díomá ar an ngearánaí faoin gcinneadh agus de bharr a ról i bpobal na Gaeilge is éasca a thuiscint cén fáth nach dteastódh uaithi go rachadh [a hiníon] ar aon scoil eile seachas Taobh na Páirce,” arsa an Breitheamh.

“Mar sin féin rinne mise iarracht teacht ar an gcinneadh is fearr a rachaidh chun leasa di [an páiste] agus cúinsí uilig an cháis á gcur san áireamh agam.

Mar a dúirt mé leis na páirtithe ag deireadh an chruthúnais, tá mé cinnte go n-éireoidh léi barr a cumais a bhaint amach ar aon nós. Cailín beag í a bhfuil an-chion uirthi agus de réir mar a chuala mé, is mór an chreidiúint í dá tuismitheoirí.”

Diúltaíodh ina dhiaidh sin don achomharc a rinne Curstaidh McDonald faoi chinneadh an bhreithimh.

Dúirt an tOllamh Rob Dunbar ón Roinn Léann Ceilteach agus Alban in Ollscoil Dhún Éideann gur léirigh cás Curstaidh McDonald nach raibh aon tuiscint ann sa chóras dlí ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas agus nár tugadh aird ar bith sa chás ar na buntáistí sin.

“Léiríonn an cás go bhfuil claonadh neamhchomhfhiosach ann i gcoinne Gàidhlig. Léiríonn sé nach dtuigtear sna cúirteanna cad atá i gceist le sealbhú teanga ná cad atá i gceist le bheith ábalta feidhmiú go hiomlán i mionteanga.

“Easpa tuisceana ar chás an dátheangachais atá ann, ar cad a bhíonn le déanamh ag tuismitheoir ar cainteoir Gaeilge é lena chinntiú go mbíonn Gàidhlig líofa ag a pháiste agus go bhfaigheann sé na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas.”

Dúirt an tOllamh Rob Dunbar nach raibh aon rogha eile ann i gcás mar seo ach dul i muinín an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine agus argóint a dhéanamh go bhfuil cinneadh na gcúirteanna ag cur isteach ar chearta an duine.

“Faraor, níl ach fíorbheagán cearta teanga ann. Tá ceart chun oideachais ann ach bhí drogall ar na cúirteanna Eorpacha go dtí seo a rá gurb ionann sin agus ceart a bheith ag duine ar oideachas i mionteanga.”

Fág freagra ar 'Cead diúltaithe sa chúirt do mháthair in Albain a hiníon a chur go dtí Gaelscoil'

  • Lillis Ó Laoire

    Is mór an náire an stát Gallda.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Is mór go deimhin.