Táim tar éis seachtain a chaitheamh ag éisteacht le halbam popcheoil shícideiligh i gCoirnis.
Is ea, tá a leithéid ann.
Tháinig Le Kov, an dara halbam ag an gceoltóir ó Caerdydd, Gwenno, amach an tseachtain seo caite.
Bhí óige saghas ‘neamhfhorleathan’ ag Gwenno: gníomhaí teanga Breatnaise í a máthair, Lyn Mererid, agus gníomhaí teanga Coirnise é a hathair, Tim Saunders. Tógadh Gwenno sa dá theanga. Ba i mBreatnais a scríobh sí an chéad albam aici, Y Dydd Olaf, ach ba ar an gCoirnis – teanga Cheilteach a fuair bás ag deireadh an ochtú haois déag ach a ndearnadh athbheochan uirthi ag tús an chéid seo caite – a d’iompaigh sí don dara halbam aici.
Albam popcheoil a thaifeadadh i dteanga nach bhfuil á labhairt ach ag 600 duine ar a mhéad. Cén fáth a ndéanfá sin? Tugann Gwenno freagra cuimsitheach ar an gceist sin san agallamh seo ar The Guardian. Ach ba mhaith liom an chuid is tomhaiste dá freagra a phlé anseo, óir ceist í ‘cén fáth a scríobhfá rud ar bith i dteanga nach bhfuil á labhairt ach ag dornán daoine’ a mbíonn ar scríbhneoirí Gaeilge aghaidh a thabhairt uirthi go síoraí seasta freisin – in agallaimh leis na meáin, cinnte, ach ina n-aigne féin chomh maith.
‘When you have minoritised cultures,’ a deir Gwenno, ‘there’s this real desire to keep creating in them. Because nobody is going to do it for you, which is a really nice motivation to have.’
Ba gheall le faoiseamh dom dearcadh dearfach Gwenno ar an tseancheist úd a mbíonn ealaíontóirí a bhíonn ag saothrú i mionteanga á gcéasadh aici.
Bímid ‘ag caint linn féin’ a deir scríbhneoirí na Gaeilge go minic, le teann éadóchais agus le hiarracht den cháineadh, braithim, ar a bpobal féin.
‘Coinnigh ort agus cuir an rud nach bhfuil ar fáil ar fáil,’ a deir Gwenno.
Agus is cinnte nach ag caint léi féin atá Gwenno. De réir na bhfigiúirí ar a leathanach Spotify, bíonn nach mór 50,000 duine ag éisteacht léi gach mí.
Tá cúis leis sin: albam den scoth é Le Kov atá inchurtha leis an gcuid is fearr de cheol leictreonach an lae inniu. Singil mealltach, spleodrach é an traic Tir Ha Mor agus tá rúndiamhair shámh, shuaimhneach, cheomhar le brath ar an gcuid eile de na rianta is fearr, Hi a Skoellyas Liv a Dhagrow, Den Heb Taves, agus Koweth Ker.
Fág freagra ar 'Ceacht dóibh siúd a déarfadh nach mbímid ach ‘ag caint linn féin’ mar ealaíontóirí mionteanga'