Cé a thabharfaidh leo Corn Mhic Chárthaigh i mbliana?
Mártan Ó Ciardha: Tiobraid Árann.
John Allen: Deacair a rá leis an gcóras nua, ach bheadh se deacair freisin dul i gcoinne neart na Gaillimhe.
Pádraic Ó Ciardha: Tiobraid Árann. Is acu atá an painéal is láidre agus beidh sé deacair ar Ghaillimh é a dhéanamh don dara bliain as a chéile.
Cé hiad na foirne nach dtiocfaidh slán ó chraobhacha na gcúigí?
Mártan Ó Ciardha: Áth Cliath agus Uíbh Fhailí i gCúige Laighean. Corcaigh agus Port Láirge i gCúige Mumhan.
John Allen: Is deacair tuar a dhéanamh i gCúige Mumhan. B’fhéidir Port Láirge agus contae an Chláir. I gCúige Laighean, Uíbh Fháilí agus Áth Cliath
Pádraic Ó Ciardha: Áth Cliath agus Uíbh Fhailí i gCúige Laighean agus ní dóigh liom go ndéanfaidh Corcaigh agus Port Láirge an beart i gCúige Mumhan.
Cén ábhar díospóireachta is mó a bheidh ann i rith na craoibhe?
Mártan Ó Ciardha: Flúirse cluichí ar ardscóráil agus teip ar fhoirne a rinne go maith an bhliain seo caite cur leis sin i séasúr na bliana seo. Agus Cluiche Ceannais na hÉireann a bheith imeartha agus gan ach leath de Lúnasa caite.
John Allen: Measaim go mbeidh chuid maithe cainte i ndiaidh chluichí na gCúigí faoi conas mar a bhí leis an gceithre chluiche taobh istigh de 5 seachtaine.
Pádraic Ó Ciardha: Agus an oiread i cluichí cinniúnacha ar siúl ag an am céanna, go háirithe i gCúige Mumhan is cinnte go mbeifear ag trácht ar cheist na gceart teilifíse.

Roghnaigh imreoir amháin arbh fhiú súil a choinneáil air…
Mártan Ó Ciardha: Paddy Deegan (Cill Chainnigh). Cosantóir den scoth eile aimsithe ag Cody, is cosúil.
John Allen: Is suntasach an dul chun cinn a rinne Richie Leahy as Cill Chainnigh i rith an fheachtais sraithe agus táim ag súil le níos mó uaidh sa chraobhchomórtas.
Pádraic Ó Ciardha: Seán Loftus as Gaillimh. Bíonn gá ag curaidh na hÉireann le fuil nua agus d’fhéadfadh gurb é Loftus a thabharfaidh spreagadh dóibh.
An gcuirfidh an struchtúr nua feabhas ar an gcraobh?
Mártan Ó Ciardha: Cuirfidh sé brú ar fheirmeoirí Thiobraid Árann an féar a bheith sábháilte acu faoin lá deireanach de Mheitheamh agus bodhróidh lucht an traidisiúin muid, ach seachas sin siad na foirne céanna nach mór a bheidh sna babhtaí ceathrú agus leathcheannais.
John Allen: Caithfear fanacht go dtí deireadh na bliana chun tuairim cheart a thabhairt faoin gceist sin.
Pádraic Ó Ciardha: Ní chuirfidh, bainfidh sé beagáinín den draíocht a bhí ag baint i gcónaí le cluichí móra i gCraobh na Mumhan.
Fág freagra ar 'Cé a thabharfaidh leo Corn Mhic Chárthaigh i mbliana? Rogha fhoireann CLG Tuairisc.ie…'