Catherine Martin faoi bhrú i ndiaidh do Shiún Ní Raghallaigh éirí as

Deir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik go bhfuil sé ag éirí níos deacra cás a dhéanamh gur chóir d’Aire na Meán Catherine Martin fanacht ina post

Catherine Martin faoi bhrú i ndiaidh do Shiún Ní Raghallaigh éirí as

Chuir Siún Ní Raghallaigh, a d’éirigh as mar Chathaoirleach Bhord RTÉ aréir, iar-ardrúnaí Roinn Aire na Meán, Catherine Martin, ar an eolas faoi phacáiste scoir conspóideach a íocadh le bainisteoir in RTÉ.

De réir tuairisce ar an Irish Independent, phléigh Ní Raghallaigh an scéal i mí Dheireadh Fómhair seo caite le hiar-ard-rúnaí na Roinne, Katherine Licken, ar chríochnaigh a téarma an mhí seo caite.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar an gclár Prime Time ar RTÉ aréir gur tugadh eolas mícheart faoi dhó di faoin scéal gur thug Bord RTÉ a mbeannacht do phacáiste scoir Richard Collins.

Chuir Martin i leith Shiún Ní Raghallaigh nár chuir sí an t-aire ar an eolas faoin gcnapshuim scoir a bhí faofa aici. Ní raibh Martin sásta a rá go raibh muinín aici i Ní Raghallaigh.

Ina dhiaidh sin, thart ar 1am ar maidin, d’fhógair Ní Raghallaigh, ar cainteoir líofa Gaeilge agus iarchathaoirleach ar TG4 í, go raibh sí ag éirí as an mbord.

Dúirt sí ina ráiteas gur chuir sí oifigigh Catherine Martin ar an eolas faoin bpacáiste scoir i mí Dheireadh Fómhair seo caite.

I ráiteas a chuir sí amach tráthnóna, dúirt Martin gur mhaith soiléiriú a thabhairt faoi chuid “de na himeachtaí a thit amach i leith RTÉ le laethanta beaga anuas”.

“Chuir mé ceist ar an gCathaoirleach i rith dhá chruinniú ar an Luan agus ar an gCéadaoin an raibh baint ar bith aici féin nó ag an mBord le dhá phacáiste scarúna le feidhmeannaigh shinsearacha RTÉ a fhaomhadh le déanaí. Dúirt Iníon Ní Raghallaigh nach raibh baint ar bith aici féin nó ag an mBord lena fhaomhadh.

“Ar an Déardaoin, chuaigh Iníon Ní Raghallaigh i dteagmháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus dúirt sí liom nach raibh an méid a dúirt sí liom ar an Luan agus ar an gCéadaoin cruinn.

“Dúirt Iníon Ní Raghallaigh gur chuimhin léi anois gur bhuail Coiste Íocaíochtaí Bhord RTÉ, ar a raibh sí ina cathaoirleach, le chéile chun pacáiste scoir de chuid Richard Collins a fhaomhadh Deireadh Fómhair seo caite. Chuaigh sí i dteagmháil leis an Roinn leis an eolas seo, rud a léiríonn go raibh fhios aici go raibh uirthi an taifead a cheartú.

“Tá fhios agam go maíodh gur chuir Iníon Ní Raghallaigh in iúl d’iar-Ard-Rúnaí mo Roinne gur fhaomh an Bord an pacáiste scoir do Richard Collins. Phléigh mé an cheist seo leis an iar-Ard-Rúnaí inné agus inniu le seiceáil arbh é sin an cás. Tá sí an-soiléir gur cuireadh in iúl di trí ghlaoch teileafóin go raibh próiseas idirghabhála neamhspleách maidir le pacáiste scor don Uasal Collins tugtha i gcrích ar deireadh, ach ní cuimhin léi gur dúradh léi gur fhaomh Coiste Íocaíochtaí an Bhoird é.

“Bhí an-díomá orm nár thug an Cathaoirleach eolas cruinn dom nuair a luaigh mé é go sonrach dhá uaire i rith na seachtaine,” arsa an tAire Martin.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik gur briseadh as a ról Ní Raghallaigh gan aon choinne ar chlár teilifíse.

Dúirt Bacik go raibh sé ag éirí níos deacra cás a dhéanamh gur chóir don Aire Martin fanacht ina post.

Dúirt Bacik go raibh cúrsaí ina gcíor thuathail mar gheall ar an tslí ar láimhseáil Martin an scéal agus dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre nár thuig sí cén fáth nár labhair an tAire le Siún Ní Raghallaigh roimh dhul ar Prime Time.

Dúirt cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí, Brian Stanley ó Shinn Féin, gurb é a bhí tarlaithe “go bunúsach” ná gur thug Aire na Meán “bata agus bóthar” ar chlár teilifíse do chathaoirleach RTÉ

Ghabh an tAire Catherine Martin buíochas le Siún Ní Raghallaigh as a cuid oibre mar chathaoirleach ar bhord RTÉ “tráth a raibh géarchéim nár facthas a leithéid cheana sa chraoltóir náisiúnta”.

Dúirt Martin go raibh obair thábhachtach déanta ag Ní Raghallaigh i dtaca leis an athbhreithniú agus na leasuithe atá á ndéanamh ar RTÉ.

Tá cosaint déanta ag airí rialtais eile ar an agallamh a rinne Catherine Martin ar Prime Time.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee ar Morning Ireland ar RTÉ gur thug Catherine Martin “fíricí” an scéil san agallamh.

Dúirt ceannasaí RTÉ Kevin Bakhurst gur oth leis fógra an chathaoirligh go raibh sí ag éirí as. B’iontach an cathaoirleach Ní Raghallaigh agus bhí obair mhór déanta aici ar mhaithe le RTÉ a thabhairt slán ó na dúshláin atá roimhe, a dúirt sé.

 

Fág freagra ar 'Catherine Martin faoi bhrú i ndiaidh do Shiún Ní Raghallaigh éirí as'