CATHAL CROWE: ‘Ní bheidh aon leisce orm an Ghaeilge a úsáid sa Dáil’ – Gaeilgeoirí nua na Dála

Sa tsraith seo castar leis na Gaeilgeoirí a toghadh chuig an Dáil den chéad uair in olltoghchán na míosa seo. An geábh seo, tá Cathal Crowe ó Fhianna Fáil linn

CATHAL CROWE: ‘Ní bheidh aon leisce orm an Ghaeilge a úsáid sa Dáil’ – Gaeilgeoirí nua na Dála

Cathal Crowe, Fianna Fáil, contae an Chláir

1) Inis dúinn fút féin agus an Ghaeilge? 

D’fhreastail mé ar Scoil Mhuire, Míleac, i gContae an Chláir agus Ardscoil Rís i gCathair Luimnigh ina dhiaidh sin. Le linn mo thréimhse scolaíochta bhí an t-ádh dearg liom go raibh múinteoirí Gaeilge den scoth agam. Bhain mé céim amach sa stair agus sa pholaitíocht in Ollscoil Luimnigh, agus d’fhás mo chuid suime i gcúrsaí polaitíochta go mór. Go gairid ina dhiaidh sin, thug mé faoi iarchéim sa bhunmhúinteoireacht i gColáiste Mhuire Gan Smál. Sular toghadh mé mar Theachta Dála, bhíos ag múineadh i Scoil Náisiúnta an Phairtín i gContae an Chláir.  Is mór agam mo theanga dhúchais agus is gné dár gcultúr í nár cheart dearmad a dhéanamh uirthi go deo.

2) Cé chomh minic atá sé i gceist agat Gaeilge a labhairt sa Dáil?

Mar is eol do dhaoine a bhí ag éisteacht le himeachtaí na Dála nua an tseachtain seo caite, d’úsáid mé Gaeilge i mo chéad óráid pharlaiminte. Ag féachaint chun cinn, ní bheidh aon leisce orm an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir liom. Le linn mo thréimhse mar chomhairleoir, bhíos i gcónaí ar fáil le hagallaimh a dhéanamh leis na meáin Ghaeilge agus ní chím cúis ar bith nach ndéanfainn amhlaidh anois.

3) Cad é ba mhaith leat a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus tú mar Theachta Dála?

Beidh muid ag tacú go láidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus ag obair chun í a neartú agus nuair is gá í a chur in oiriúint d’athruithe sa tsochaí. Tá go leor bearta eile inár manifesto réamhthoghcháin a bheadh chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheas muid ag iarraidh a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'CATHAL CROWE: ‘Ní bheidh aon leisce orm an Ghaeilge a úsáid sa Dáil’ – Gaeilgeoirí nua na Dála'

  • Aodán Ó Sé

    An bhfuil Doppelganger ag Máiréad Farrell/??!!

  • Padraig O Flannabhra

    Comhghairdeas leat a Chathail. Ta suil agam go mbeidh curam an Gaeilge agat in aon rialtas nua a bheas againn. Is Duine inspioraideach thu!

    Go n-eiri leat agus muid ag faire amach duit feasta!!

  • Seán Mag Leannáin

    Comhghairdeas leis. Eisean an chéad duine tofa a dhiúltaigh do chuireadh Charlie Flanagan páirt a ghlacadh sa tseirbhís athshlánaithe do na Black & Tans. Lena chois sin, murab ionann agus a chomhghleacaí Fianna Fáileach i gcontae an Chláir Timmy Dooley, is Gaeilgeoir é Cathal. B’fhéidir go mbeidh sé in ann cúpla focal Gaeilge a mhúineadh do Timmy – an Timmy céanna a rinne cúis mhagaidh den síneadh fada anuraidh agus nach raibh in ann an focal Seanad a rá agus é ar thóir suíochán ann ar an gclár teilifíse The Week in Politics inné.