Caomhnú na gcrann in Éirinn agus scrios na hAmasóine

Ba léir dár gcolúnaí ag ócáid a reáchtáladh mar chuid den tSeachtain Oidhreachta go nglactar leis go háitiúil nach féidir a bheith beag beann ar an athrú aeráid níos mó agus gur mian leis an bpobal gníomh a dhéanamh

Caomhnú na gcrann in Éirinn agus scrios na hAmasóine

Ava Grace (ar chlé) ag labhairt leis an slua

Tharla go raibh cara liom in Uíbh Fhailí páirteach le déanaí in ócáid a reáchtáladh mar chuid den tSeachtain Oidhreachta agus thug sé cuireadh dom dul ann.

‘Forests of Ferbane’ a tugadh ar an tsiúlóid timpeall ar an bhFéar Bán chun aird an phobail a tharrac ar na crainn agus na coillte is tábhachtaí ar an mbaile. Tá Coiste na mBailte Slachtmhara ag iarraidh sonraí na gcrann a thaifeadadh chun a luach oidhreachta a thuiscint agus tuilleadh coillte a chur sa cheantar amach anseo. Bhí scéal na hAmasóine go mór i mbéal an phobail an lá úd, agus bhíos in ísle brí faoin scrios a bhí á dhéanamh ar an bhforaois bháistí agus an tionchar uafar a bheadh ag an loscadh orainn go léir. Agus mé ar mo shlí soir, níor rith sé liom go ndéanfaí ceangal idir an tsiúlóid choille agus cúrsaí na Brasaíle ach b’in go díreach a tharla.

Crann maorga darach sa Choill Mhór, An Féar Bán

Bhí amhráin, filíocht agus óráidí beaga in úsáid le linn na siúlóide chun an tábhacht a bhaineann le caomhnú na gcrann a chur abhaile ar dhaoine. Cé go raibh an lucht eagraithe ag súil le slua beag, tháinig níos mó ná daichead duine amach idir óg agus aosta. Thug Foróige leanaí scoile ann agus bhí an duine ba chríonna níos mó ná 80 bliain d’aois. Dúradh an t-amhrán clúiteach áitiúil ‘Green Fields ʼRound Ferbane’, léadh sliocht cliste faoi chrainn as Ulysses agus labhair Oifigeach Oidhreachta Uíbh Fhailí ní hamháin faoi chaomhnú na gcrann ach beacha agus peidhleacáin chomh maith. Seoladh aip nua a chabhróidh leis an bpobal crainn a thaifeadadh agus eolas a sheoladh isteach chuig bunachar sonraí náisiúnta bithéagsúlachta.

Ceithre dhuine dhéag a theastaigh chun slabhra daonna a dhéanamh timpeall an tseanchrainn teile i reilig an teampaill Phrotastúnaigh agus ina dhiaidh sin tugadh sinn chomh fada le crainn teile nua-churtha ar thaobh an bhóthair. Faoi anáil ag Greta Thunberg, tá déagóirí agus daoine óga go mór chun tosaigh sa bhfeachtas faoin ngéarchéim aeráide agus ba thráthúil gur labhair dalta scoile áitiúil, Ava Grace, faoin gceangal idir caomhnú na gcrann agus loscadh na hAmasóine agus sinn bailithe in aice na gcrann teile nua. Tá Ava ag freastal ar Phobalscoil na Gailinne, áit ar bunaíodh coiste gnímh faoin ngéarchéim aeráide le déanaí. Duine de na múinteoirí Gaeilge, Aoibhinn Molloy Roche, a thosnaigh an coiste leis na daltaí agus le linn na siúlóide, léigh sí an dán álainn ‘Corr a’ Chrainn’ le Caitríona Ní Chléirchín.

An slua bailithe ar dhroichead an tseaniarnróid

Mhínigh Aoibhinn dom gur chuir na daltaí an-suim i bPortach Chlóirthigh nuair a thug sí ann iad chun an bhithéagsúlacht a chur ar a súile dóibh. Ní raibh eolas ag go leor acu faoin bportach agus iad ina gcónaí in aice leis – léiriú gléineach ar an tslí a bhfuil an ceangal idir an duine agus an timpeallacht á bhriseadh le fada an lá.

Tá go leor pleananna ag muintir an Fhéir Bháin chun oidhreacht agus timpeallacht an bhaile a chaomhnú. Shiúlaíomar an seaniarnród le ciumhais na habhann chomh fada leis an seanstáisiún traenach, rian atá le forbairt mar chonair ghlas. Dúirt daoine liom go rabhadar buartha faoin athrú aeráide agus go deimhin luadh an Bhrasaíl cúpla uair agus an tagairt a dhein Ava Grace don bhforaois bháistí.

An slua i reilig an teampaill Phrotastúnaigh

Tá sé suntasach gur tháinig slua chomh mór sin chuig ócáid mar seo i gceantar ina bhfuil an oiread den bpobal ag brath ar fhostaíocht ó Bhord na Móna agus ba léir dom arís tábhacht na hóige san athrú meoin ar chúrsaí aeráide atá ag borradh i mbailte beaga agus móra na hÉireann. Taibhsíodh dom an tráthnóna gréine úd gur gníomhaíochas le ‘G’ beag ab ea an tsiúlóid, freagra áitiúil amháin ar uafás na hAmasóine agus ar an ngéarchéim aeráide atá chomh cinniúnach sin don gcine daonna agus do gach neach beo eile. Is cinnte go mbeidh dúshlán ag an bhFéar Bán, dála bailte beaga tuaithe eile, glacadh leis an aistriú chuig an ngeilleagar ísealcharbóin agus caithfear a chinntiú gur aistriú is ea é atá bunaithe ar chothrom na Féinne.

Ach ba léir dom an lá úd go nglactar leis go háitiúil nach féidir a bheith beag beann ar an aeráid níos mó agus gur mian leis an bpobal gníomh a dhéanamh. Ní leigheasfaidh muintir an Fhéir Bháin ná aon phobal eile an ghéarchéim as a stuaim féin ach is é an baol is mó atá ann go bhfaigheadh an t-éadóchas an lámh in uachtar ar dhaoine. Údar misnigh atá sna siúlóidí coille agus sna coistí scoile seo agus caithfear an dóchas sin agus an fheasacht araon a chothú.

Fág freagra ar 'Caomhnú na gcrann in Éirinn agus scrios na hAmasóine'

  • eoghan o néill

    athscapeadh na gcrann dúchasacha go dtí 35% de thalamh na hÉireann atá de dhíth anois rud a thabharfadh fostaíocht do mhuintir na tuaithe, ioncaim do úinéirí na talún agus gearradh siar ar CH4 (methane) agus neartú ar an seana-nasc idir na Gaeil agus na coillte.

  • Campa na nGael

    Alt suimiúil. Nach álainn an crann darach sin?

    Cé mhéid uair a chuala tú daoine ag Electric Picnic a rá go bhfuil gá le “Campa na nGael” a bhunú dúinn fhéin áit éigin. Ní mór feirm lártíre a chuartú. Níl na contaethe lártíre siad báite turasóirí.