An bhfuil aon rún agat do 2026?
Ba mhaith liom oibriú níos déine in 2026 chun cosaintí atá ar fáil do ghrúpaí leochaileacha in Éirinn a dhaingniú – is iad sin na daoine faoi mhíchumas, an pobal LADTA+ agus dreamanna eile a dteastaíonn guthanna láidre uathu ag an mbord ag labhairt ar a son.
Agus go pearsanta, tá súil agam níos mó spáis a thabhairt don éisteacht – éisteacht i ndáiríre – leis na daoine a bhfuilim i m’ionadaí orthu agus ar a son a mbím ag obair. Iarrtar ar pholaiteoirí labhairt go minic ach is scil í an éisteacht nach n-éiríonn le go leor daoine a shaothrú mar is ceart.
Cad é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026?
Téann Éire i gceann Uachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i samhradh 2026. Is tréimhse thar a bheith spreagúil a bheidh ann ina mbeidh ceannairí agus taidhleoirí domhanda ag eitilt isteach agus amach as Éirinn.
Is deis é chun ceantair thuaithe na hÉireann a thaispeáint agus d’iarr mé cheana féin go dtionólfaí cuid de chruinnithe móra Chomhairle an AE lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
Cad é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026 nó a bhfuil imní ort faoin mbliain atá romhainn?
Tá imní orm faoi roinnt tionscnamh de chuid an Aontais agus faoin tionchar a bheidh acu ar ár bpobal feirmeoireachta. Is rudaí iad comhaontú Trádála Mercosur agus struchtúir CBT a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do cheantar tuaithe na hÉireann agus don saol faoin tuath in Éirinn. Cinnte, tá a lán oibre fós le déanamh againn ann.
Ar nóta pearsanta, táim ag tnúth le ham an earraigh agus an tsamhraidh 2026! Is féidir le hoícheanta dorcha an gheimhridh a bheith dúshlánach agus muid ag iarraidh teacht slán astu!
Cén t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026?
Tá an iomarca imeachtaí ann! Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Tiocfaidh an iliomad píosaí reachtaíochta a bhfuilim ag obair orthu chun críche in 2026. Bíonn Craobhchomórtais na Treabhdóireachta ar cheann de na hócáidí is ansa liom gach bliain agus cá bhfios, b’fhéidir go bhfreastalódh mé ar Electric Picnic an bhliain seo chugainn! Níl ann ach turas gairid ó mo theach.
Cad é an chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2026?
Tugann an beart síochána in Gaza agus na hionchais síochána san Úcráin in 2026 dóchas mór dom. Faigheann na mílte duine bás gach seachtain san Úcráin. Tá sé dochreidte in 2025, san Eoraip, go mbíonn an oiread sin fir agus mná óga á marú gach seachtain sa chath. Is é an dóchas is mó atá agam ná gur féidir linn bealach a aimsiú chun deireadh a chur leis an doirteadh fola.
Cad é an rud is tábhachtaí ba mhaith leat a bhaint amach i 2026?
Toradh cothrom d’fheirmeoirí na hÉireann maidir le saincheisteanna amhail an idirbheartaíocht agus an chaibidlíocht CBT agus caibidlíocht faoi chomhaontú trádála Mercosur. Is iad na feirmeoirí cnámh droma na gceantar tuaithe in Éirinn agus tá ról lárnach acu inár slándáil bia náisiúnta.
Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoin saol in Éirinn, in 2026, cad a d’athrófá?
Ar maidin, bhí páipéar ar staitisticí foréigin teaghlaigh in Éirinn á scríobh agam. Mar mháthair agus mar iar-abhcóide teaghlaigh, smaoiním i gcónaí ar íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh sa tréimhse roimh an Nollaig. Cuirim fáilte roimh infheistíochtaí nua i réimse an fhoréigin teaghlaigh ach caithfimid an scéal a athrú maidir le foréigean in aghaidh na mban, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Sílim go bhfuil ról ag na meáin shóisialta i gcultúr tocsaineach ar líne a thógáil agus ba mhaith liom an t-athrú sin a fheiceáil.
Fág freagra ar '‘Caithfimid an scéal a athrú maidir le foréigean in aghaidh na mban’'