Craobhacha contae buaite ar fud na Gaeltachta is craobhacha na Mumhan i gCorca Dhuibhne agus Múscraí

Caitheann Tuairisc súil siar ar chuid de na gaiscí a rinne cumainn Ghaeltachta timpeall na tíre i mbliana agus craobhacha contae agus cúige buaite acu

Craobhacha contae buaite ar fud na Gaeltachta is craobhacha na Mumhan i gCorca Dhuibhne agus Múscraí

Bliain mhór a bhí in 2025 do chumainn Ghaeltachta agus gan a n-aistear tagtha chun críche ag cuid acu go fóill.

An Mhumhain

Ag déanamh ar Chorcaigh agus Páirc Uí Chaoimh a bheidh Daingean Uí Chúis agus Cumann Caide na Gaeltachta go luath sa mbliain nua ach ní hiad fir Chorca Dhuibhne ba thúisce a thug craobh na Mumhan go dtí an Ghaeltacht in 2025 agus an gaisce sin déanta ag mná Naomh Abán.

Sháraigh Naomh Abán an dúshlán ba thábhachtaí mí Dheireadh Fómhair nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Mhainistir na Corann i gcluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí i gCorcaigh. Chlis ar mhná na Gaeltachta ag an gcéim sin in 2023 agus 2024 ach bhí an tríú huair sona ag Naomh Abán agus bua cuimsitheach bainte amach acu le cabhair Lydia Ní Dhonncha, a d’aimsigh 1-9.

Cuireadh tástáil níos déine orthu i gcluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Chluain Mhic Cuinn-Maigh Mheáin ach tháinig Naomh Abán slán in am breise chun craobh an chúige a bhaint. Cé nár éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar sheaimpíní Uladh, Cnoca Bríde, i gcluiche leathcheannais na hÉireann, is i ngrád na sinsear a bheidh Naomh Abán ag imirt i gCorcaigh an bhliain seo chugainn, dul chun cinn iontach do dream a bhí ag imirt sa gcraobh shóisir in 2022.

Ní raibh an rath céanna ar fhir Chill na Martra agus iad ag iarraidh an príomhghrád peile i gCorcaigh a bhaint amach den chéad uair riamh agus fuair Cnoc na Graí an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais na craoibhe sinsir ‘A’ mí Dheireadh Fómhair.

Ní dhéanfar dearmad ar an Domhnach áirithe sin go ceann tamaillín sa Daingean agus craobh shinsir an chontae buaite ag peileadóirí an bhaile den chéad uair ó 1948. Ba ar Chumann Aibhistín de Staic a bhuaigh an Daingean sa gcluiche ceannais agus cé gur chaith Mark O’Connor, a bhí fillte ón Astráil, agus Paul Geaney tréimhsí ar an taobhlíne sa gcéad leath, ghlac an Daingean ceannas ar chúrsaí sa dara leath agus dhá chúl ó Geaney a chinntigh go mbeadh an lá leo.

Sciob siad leo craobh na Mumhan ag tús mhí na Nollag nuair a chinntigh cic saor dhá phointe ó Conor Geaney agus an t-am caite go mbeadh an bua ag an Daingean ar Chumann Barra Naofa ó Chorcaigh théis ceann de na cluichí ceannais is fearr a imríodh le blianta fada.

Tabharfaidh an Daingean aghaidh ar Bhaile Buadáin i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann ar an 3 Eanáir agus beidh a gcomharsana ón nGaeltacht leo an lá céanna i bPáirc Uí Chaoimh agus iad ag imirt i gcoinne na Sollán sa gcraobh idirmheánach.

Thug an Ghaeltacht craobh na Mumhan leo den chéad uair ó 2017 nuair a bhuaigh siad ar Achadh Bolg roimh an Nollaig agus an obair mhór déanta sa gcéad leath nuair a d’aimsigh Éanna Ó Conchúir agus Ruaidhrí Ó Beaglaoich na cúil.

Ba é deartháir Ruaidhrí, Brian, an laoch i gcluiche ceannais an chontae nuair a fuair sé naoi gcinn de phointí sa gcéad leath i gcoinne an Fhosaidh. Ansin sa dara leath tugadh an jab dó srian a chur ar David Clifford chun bua stairiúil a thabhairt don Ghaeltacht agus iad ag triall ar an gcraobh shinsir arís.

Dream eile a bhuaigh craobh idirmheánach ná iománaithe na Rinne, a bheidh ag imirt sa bpríomhchraobh idirmheánach in 2026 tar éis dóibh an Ruán Mór a bhualadh sa gcluiche ceannais mí Lúnasa. Bhí fir na Gaeltachta sé phointe chun deiridh ag tráth amháin ach tháinig siad ar ais de réir a chéile chun an corn a bhaint.

Bliain mhaith a bhí ann do lucht na gcamán i nGaeltacht na nDéise agus craobh shóisir A an chontae tugtha leo ag foireann chamógaíochta na Rinne tar éis dóibhsean an ceann is fearr a fháil ar Phort an Chalaidh sa bhfómhar.

Connachta

Foireann Ghaeltachta eile a bhí ina ríthe i nGaillimh agus an chraobh shinsir tugtha leo ag Maigh Cuilinn den tríú huair ó 2020. Bua dhá phointe a bhí ag Maigh Cuilinn ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach sa gcluiche ceannais agus cé go raibh na foirne cothrom agus an t-am nach mór caite, chríochnaigh Dessie Conneely agus Seán Kelly go láidir chun an corn a thabhairt siar go dtí Baile Dóite.

Bhuaigh Maigh Cuilinn craobh Chonnacht trí bliana ó shin ach níor éirigh leo corn an chúige a bhuachan i mbliana agus an ceann is fearr faighte ag Naomh Bríd ó Ros Comáin orthu i gcoimhlint ghéar.

An oíche chéanna ar bhuaigh Maigh Cuilinn an chraobh shinsir i nGaillimh, bhuaigh Carna-Caiseal an chraobh shóisir nuair a sháraigh siad Baile Liam i gcluiche drámatúil. D’aimsigh Dara Ó Conchubhair scór dochreidte agus an t-am caite chun a chinntiú go mbeadh am breise ann agus sheas fir Iorras Aithneach an fód ina dhiaidh sin chun an chraobh a thabhairt leo. Níor éirigh leo an t-ardú céime go dtí an chraobh idirmheánach a bhaint amach, áfach, agus iad sáraithe ag Baile Chláir sa gcluiche ceannais cáilithe sin.

Is sa dara grád a bheidh an Spidéal an bhliain seo chugainn tar éis dóibh an cluiche ceannais idirmheánach a chailliúint in aghaidh na Cealtraí mí Dheireadh Fómhair. Is beag a bhí idir na foirne agus an Spidéal chun tosaigh gan mórán ama fágtha ach scóráil Robbie Greene cúl chun an bua a thabhairt d’fhir oirthear na Gaillimhe.

Níor éirigh le mná Bhaile Chláir ná Naomh Anna sna craobhacha sinsir agus idirmheánach faoi seach ach bhí siad ag ceiliúradh níos luaithe sa mbliain agus na craobhacha sin buaite acu ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2025.

Laighin

Dream eile a bhí ag ceiliúradh i Ráth Chairn ag tús an tsamhraidh ná Bhulf Tón agus Corn an Aire tugtha leo den tríú huair. Bhí fir na Mí trí phointe dhéag chun deiridh ar an Tearmann agus ceathrú uaire fágtha ach rinne Bhulf Tón teacht aniar dochreidte chun an cluiche a bhuachan le trí phointe sa deireadh.

Deireadh seachtaine mór a bhí ann do na cumainn áitiúla agus an chraobh shóisir buaite ag Clann na nGael freisin Luan Cincíse. Bhí an fhoireann baile rómhaith do Naomh Náille agus gaiscí déanta ag Thomas Doyle agus Ben Corkery sa gcluiche ceannais in aghaidh Naomh Náille.

Bhí Doyle agus Corkery i lár an aonaigh arís mí Dheireadh Fómhair nuair a bhuaigh Clann na nGael ar Naomh Uinsionn i gcluiche ceannais chraobh shóisir an chontae chun an chraobh idirmheánach a bhaint amach arís ach tháinig deireadh le bliain iontach i mbabhtaí ceathrú ceannais Laighean.

Ulaidh

Dream eile a fuair spreagadh ó bhua ag Comórtas Peile na Gaeltachta ná mná Naomh Columba, a thug leo an chraobh shóisir ó Ráth Chairn i mí an Mheithimh agus chuir siad craobh shóisir an chontae leis sa bhfómhar nuair a bhuaigh siad ar Iorras. 1-9 a d’aimsigh Niamh Ní Bhaoill i gcluiche ceannais an Chomórtais Peile agus bhí an dá chúl a d’aimsigh sí cinniúnach i gcluiche ceannais an chontae freisin.

Lá ar leith a bhí sa 5 Deireadh Fómhair do Naomh Columba. D’éirigh le fir an chumainn craobh idirmheánach Dhún na nGall a thabhairt leo cúpla uair an chloig i ndiaidh bhua na mban. Bhí Naomh Columba ag treabhadh leo sa ngrád idirmheánach ó 2008 agus cluichí ceannais caillte acu in 2022 agus 2024 ach d’éirigh leo an beart a dhéanamh faoi dheireadh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Mhálainn i mbliana.

I gcraobh shinsir na bhfear, Naomh Conaill a thug leo an corn den ochtú huair tar éis dóibh Gaoth Dobhair a chloí i gcluiche ceannais a bhí lán eachtraí. Bhí Gaoth Dobhair seacht bpointe chun tosaigh ag leath ama agus iad ag iarraidh díoltas a fháil ar Naomh Conaill, a bhuaigh orthu i gcluichí ceannais 2019 agus 2023, ach ní fhéadfaí fir na nGleanntach a choinneáil faoi chois. D’aimsigh Shea Malone scór gleoite chun am breise a chinntiú agus ógánach eile, Max Campbell, a d’aimsigh an scór cinniúnach ina dhiaidh sin le cúl sa 68ú nóiméad.

I gcraobh shinsir na mban, bhí an Tearmann ag iarraidh a gceathrú craobh as a chéile a bhuachan ach fuair Gleann Fhinne an ceann is fearr orthu agus dhá chúl aimsithe ag Yvonne Bonner sa mbua naoi bpointe. Níor éirigh leo aon dul chun cinn a dhéanamh i gcúige Uladh, áfach, agus iad sáraithe ag Aireagal Ciaráin sna babhtaí ceathrú ceannais.

Gaeil Fhánada a thug leo an chraobh idirmheánach tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ard an Rátha ach ba iad Cnoca Bríde, a bhuaigh ar Naomh Abán agus a thug leo craobh na hÉireann, a fuair an ceann is fearr ar Ghaeil Fhánada in Ulaidh.

Fág freagra ar 'Craobhacha contae buaite ar fud na Gaeltachta is craobhacha na Mumhan i gCorca Dhuibhne agus Múscraí'