An osclófar na cannaí tuinnín sin san íoslach? Súil chun cinn ar nuacht idirnáisiúnta 2026

Tuilleadh den chogaíocht chultúrtha, thrádála agus hibrideach a bheidh romhainn sa bhliain úr, dar lenár gcolúnaí

An osclófar na cannaí tuinnín sin san íoslach? Súil chun cinn ar nuacht idirnáisiúnta 2026

An éireoidh le Donald Trump greim níos daingne fós a fháil ar an gcumhacht nó an gcaillfidh a pháirtí, an Páirtí Poblachtánach, an móramh atá acu i dTeach na nIonadaithe agus sa Seanad faoi láthair i dtoghchán lár téarma na Stát Aontaithe?

Sin í, seans, príomhcheist pholaitiúil na bliana atá amach romhainn, ach ní fhreagrófar í go dtí an 3 Samhain.

Ach ar chaoi ar bith, is dóichí ná a mhalairt go mbeidh an Trumpach sna ceannlínte chuile lá beo arís i mbliana, mar a bhí anuraidh.

An ndéanfaidh sé iarracht deireadh a chur le réimeas Nicolás Maduro i Veiniséala?

An leanfaidh an cogadh trádála atá á fhearadh aige ar an gcuid eile den domhan ar aghaidh fiú nuair is léir go bhfuil drochthionchar ag na táillí iompórtála ar phraghsanna an bhia agus eile i Meiriceá?

Cén leas polaitiúil a bhainfidh sé as Corn an Domhain FIFA, a bheidh ar siúl i SAM, i Meicsiceo agus i gCeanada an samhradh seo?

Níos tábhachtaí ná sin, b’fhéidir, an mbeidh rath ar iarrachtaí an Trumpaigh síocháin a chothú sa Mheánoirthear, agus idir an Rúis agus an Úcráin?

Ach cén chuma a bheadh ar a leithéid de shíocháin?

Más léir rud ar bith anois, ar thairseach na bliana úire, seo é: tá an Eoraip ar a conlán féin feasta ó thaobh cúrsaí cosanta de. Tá an cur chuige iltaobhach ba bhunphrionsabal le polasaithe idirnáisiúnta SAM ón dara cogadh domhanda i leith caite sa bhruscar ag Trump, agus ar fud na hEorpa tá íoslaigh na dtithe á líonadh le buidéil uisce agus le cannaí tuinnín ar eagla go rachadh Vladimir Putin céim níos faide ná na dróin neamhaitheanta agus na cíbearionsaithe sa chogadh hibrideach atá ar siúl aige.

An mairfidh NATO?

Agus céard faoin Aontas Eorpach?

Céard a tharlóidh, mar shampla, má bhíonn bua eile ag Viktor Orbán in olltoghchán na hUngáire i mí Aibreáin? B’aoibhinn sin le Trump agus le Putin araon, toisc go lagódh sé sin an tAontas tuilleadh.

Dhá thoghcháin eile a gcuirfear spéis mhór iontu ná an toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl i mí Dheireadh Fómhair, ina mbeidh an t-uachtarán reatha Luiz Inácio da Silva (Lula) ag iarraidh a cheathrú téarma a bhaint amach, agus an t-olltoghchán in Iosrael níos déanaí an mhí sin, ina mbeidh Benjamin Netanyahu ag iarraidh cloí leis an gcumhacht in ainneoin na líomhaintí ina choinne maidir le calaois, agus go deimhin le coireanna cogaidh.

Ag caint ar Iosrael, beidh baghcat á dhéanamh ag Éirinn, ag an Spáinn, ag an tSlóivéin agus ag an Ísiltír (agus gach seans ag roinnt tíortha eile lena gcois) ar an gComórtas Eoraifíse a eagrófar i Vín na hOstaire i mí na Bealtaine toisc go mbeidh cead ag Iosrael páirt a ghlacadh sa chomórtas sin, in ainneoin a bhfuil ar siúl i nGaza agus in ainneoin na n-iarrachtaí a rinne Iosrael anuraidh an vóta a rigeáil.

Tuilleadh den chogaíocht chultúrtha, trádála agus hibrideach a bheidh romhainn mar sin in 2026, agus cá bhfios céard iad na hiontais atá i ndán dúinn ag an intleacht shaorga (AI) – an dtitfidh an tóin as na stocmhargaí, mar shampla, má thagann an tuar faoi thairngreacht thráchtairí áirithe gur ‘bolgán’ atá san intleacht shaorga?

Guím gach rath ar léitheoirí Tuairisc.ie sa bhliain úr agus tá súil agam nach mbeidh orainn na cannaí tuinnín sin san íoslach a oscailt.

Fág freagra ar 'An osclófar na cannaí tuinnín sin san íoslach? Súil chun cinn ar nuacht idirnáisiúnta 2026'