Caithfidh seift dhraíochtúil sa mhuinchille a bheith ag Kamala Harris

Tá ceann de na feachtais uachtaránachta is spéisiúla, is aistí agus is achrannaí le cuimhne na ndaoine romhainn i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Caithfidh seift dhraíochtúil sa mhuinchille a bheith ag Kamala Harris

Nuair a insealbhaíodh John F. Kennedy ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe i mí Eanáir 1961 d’iarr sé go gcraobhscaoilfí go raibh an lóchrann á thabhairt ar lámh chuig glúin pholaitiúil nua sna Stát Aontaithe.

Nuair a tugadh an óráid sin, bhí Joe Biden naoi mbliana déag d’aois agus Donald Trump cúig bliana déag agus bhí an Cinnéideach sa gcré sular rugadh Kamala Harris. Meas tú nár cheart achainí an Chinnéidigh a mheabhrú d’iarrthóirí na bliana seo más le polaitíocht agus sochaí na Stát Aontaithe teacht slán ón deighilt atá ansin faoi láthair.

Bhí deacrachtaí móra ag Joe Biden – ní hamháin go chruthaigh sé chomh dona sin sa díospóireacht ach mar bharr ar an mí-ádh fuair sé ráig den Covid a d’fhág cuma níos cráite agus níos éidreoraí ná riamh air.

Ansin thosaigh níos mó dá chomhghleacaithe sa bpáirtí Daonlathach ag impí air seasamh i leataobh agus ghéill sé don bhrú agus thug a bheannacht do Harris a bheith ina hiarrthóir ina áit.

Rinneadh iarracht Donald Trump a fheallmharú – ní féidir sin a shéanadh ná an chomhbhá don iarUachtarán a chothaigh an eachtra i measc go leor de phobal na Stát Aontaithe. Tá an chosúlacht air anois go bhfuil dearmad déanta ar chásanna cúirte, ar na hiarrachtaí torthaí toghcháin a chur as a riocht agus ar na bréaga.

Is cosúil gur cuma, dá réir sin, cé a bheidh mar iarrthóir ag na Daonlathaigh ag an tráth seo. Tá borradh faoi Kamala Harris ó fógraíodhgo mbeadh sí san iomaíocht agus í ag déanamh níos fearr ná mar a bhí Biden de réir na bpobalbhreitheanna is luaithe a tháinig amach i ndiaidh an fhógra.

Mar sin féín, ceapann go leor nach mbeidh ar a cumas an ceann is fearr a fháil ar Trump mí na Samhna agus bheadh sé deacair ar aon duine áit Biden a ghlacadh sa bhfeachtas agus gan ach ceithre mhí fágtha.

Tá fuinneamh nua sna Daonlathaigh le seachtain anuas agus méadú ollmhór taghtha ar líon na síntiús atá á fháil acu. Inseoidh an aimsir an mairfidh an fuinneamh sin.

Agus na Daonlathaigh san fhaobach, tá éirithe leis na Poblachtaigh aontú go daingean ina gcuid tacaíochta do Trump, cé go bhfuil orthu anois a dteachtaireacht a chur in oiriúint d’iarrthóir nua.

Anuas air sin tá an chéad ghlúin eile tugtha isteach i lár an aontais sin ag Trump leis an té atá ainmnithe aige mar leas-uachtarán J.D. Vance. Bhí Vance ag fáil réidh cheana féín le dul in achrann le Kamala Harris.

Níl an dá scór bainte amach ag Vance go fóill, tá tuairimí an-láidir aige faoi cheisteanna sóisialta ar nós an ghinmhillte, mar atá ag Kamala Harris ar an dtaobh eile agus tá sé ar dhuine de na polaiteoirí is daingne a sheas le Trump le roinnt blianta.

Deir Vance go bhfuil sé ag tacú leis an gcuid sin de phobal na Stát Aontaithe atá ag fulaingt de bharr ardú mór ar an gcostas maireachtála, an dífhostaíocht agus an lagbhrí leanúnach sna stáit chinniúnacha sin i lár na Stát Aontaithe agus is ar na daoine sin a bhíonn go leor dá chuid cainte dírithe.

Tugann scéal a bheatha chun cuimhne an aisling a labhraítear go minic uirthi i bpolaitíocht na Stát Aontaithe. Má ghlactar leis mar leas-uachtarán faoi Shamhain beidh seasamh an Trumpaigh lárnach sa gcóras thall go ceann blianta.

Idir an dá linn, ní léir glúin nua a bheith ag teacht chun cinn i measc na nDaonlathach le borradh a chur faoin bpáirtí. Ní hiontas gur leagadh brú mór ar Biden éirí as agus go raibh an aird ar laige an iarrthóra seachas ar an gcath in éadan Trump.

Tá seilbh Trump ar an bpáirtí Poblachtach slán agus cé go bhfuil an chosúlacht i gcónaí air go mbeidh an Teach Bán faoina stiúir in athuair an geimhreadh seo tá ceann de na feachtais is spéisiúla agus achrannaí le cuimhne na ndaoine romhainn.

Is críonna an té a déarfadh gurb é sin leas na Meiriceánach ná an domhain go mbeadh Trump ar ais i gcumhacht ach is i dtreis a rachaidh a chumas cumarsáide agus polaitíochta mura dtarlódh go bhfuil seift dhraíochtúil sa mhuinchille fós ag na Daonlathaigh agus Kamala Harris nach bhfuil curtha faoinár mbráid go fóill.

Má tá, níor mhór dóibh í a nochtadh láithreach bonn.

Fág freagra ar 'Caithfidh seift dhraíochtúil sa mhuinchille a bheith ag Kamala Harris'