Tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh “toradh éigin” ag an mórshiúl Cearta a eagraíodh i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn ar an mBuiséad atá le fógairt an mhí seo chugainn.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc nach bhfuil “aon am á chur amú” ag an eagraíocht teanga i ndiaidh do na sluaite bailiú san ardchathair Dé Sathairn seo caite lena míshástacht faoi pholasaithe an rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur in iúl.
“Táimid i mbun oibre leis an bpobal cheana féin faoin gCáinaisnéis. D’fhógair muid ‘Gníomh’ ar ár suíomh cheana féin, an fóram a bhíonn againn roimh thoghcháin agus a leithéid, agus táimid ag moladh do dhaoine é sin a úsáid. Beidh cruinniú ag lucht eagraithe an mhórshiúil ar an Aoine bheag seo agus beimid ag breathnú céard is féidir a dhéanamh anois.
“Bhíomar i dteagmháil leis na polaiteoirí agus leis na hairí tar éis an mhórshiúil agus tá súil againn go mbeidh toradh éigin le feiceáil sa Cháinaisnéis. An maoiniú an t-éileamh is suntasaí i gcomhthéacs na Cáinaisnéise, agus na hacmhainní cuí a bheith ag Údarás na Gaeltachta don tithíocht,” a dúirt de Spáinn le Tuairisc.
Shiúil isteach is amach le 20,000 duine ó Chearnóg Parnell i dtuaisceart na cathrach go Teach Laighean tráthnóna Dé Sathairn sa mhórshiúl a d’eagraigh an Conradh leis na ceithre éileamh atá acu a léiriú don rialtas.
Ba é mórshiúl an tSathairn seo caite an mórshiúl ba mhó ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta le cuimhne na ndaoine. Maítear go raibh 100,000 duine i láthair ag ócáid ar son na teanga i 1910 ach is deacair an figiúr sin a dheimhniú, rud a fhágann gur dócha ná a mhalairt gurbh é mórshiúl na bliana seo an agóid teanga ba mhó a tharla in Éirinn.
Tá an Conradh ag éileamh go gcuirfear “maoiniú sásúil” ar fáil trí na háisíneachtaí stáit le “freastal go cothrom ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”. Baineann an dara héileamh le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus an “ceart ag pobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais”.
Tá an eagraíocht teanga ag éileamh chomh maith go mbeidh sé “de cheart ag gach dalta scoile thuaidh agus theas freastal ar an nGaelscolaíocht” agus go mbeidh an ceart ag daltaí i scoileanna lán-Bhéarla “eispéireas sásúil foghlama Gaeilge” a bheith acu.
Is é an ceathrú héileamh atá ag an gConradh ná go “gcomhlíonfar agus go gcuirfear gach ceart teanga, reachtaíocht teanga, agus gealltanas rialtais a baineadh amach le tamall de bhlianta anuas i bhfeidhm”.
Dúirt Julian de Spáinn, atá ina ard-rúnaí ar an gConradh le fiche bliain anuas agus atá tar éis freastal ar na mórshiúlta ar fad a eagraíodh i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus in áiteanna eile in Éirinn i gcaitheamh na mblianta sin, gur thug sé féin suntas d’aois na ndaoine a bhí i láthair Dé Sathairn.
“Ceann de na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa ná an aoisghrúpa a bhí i gceist ag an deireadh seachtaine. Bhí an-chuid daoine óga páirteach sa mhórshiúl, agus sin iad an chéad ghlúin eile. Léirigh an agóid go bhfuil an chéad ghlúin eile spreagtha chun gnímh,” a dúirt de Spáinn.
Tar éis do na mílte a mbealach a dhéanamh trí lár na cathrach go Teach Laighean, thug cúigear cainteoirí ó chúlraí éagsúla teanga óráidí uathu ón ardán mór.
D’impigh Heulyn Rees, cathaoirleach na heagraíochta teanga Menter Caerdydd sa Bhreatain Bheag, ar a raibh cruinnithe “gan an Ghaeilge a labhairt i gcogar” ach í a bhéicíl agus a ceart a éileamh. Dúirt sé go dteastaíonn “ní hamháin focail agus bearta siombalacha” ach “reachtaíocht, infheistíocht, agus deiseanna fónta” leis an teanga a úsáid.
“Táimid sa Bhreatain Bheag tar éis troid, agus táimid fós ag troid, le go gcluinfí ár dteanga sna scoileanna, i dtithe an rialtais, agus ar ár sráideanna. Agus tá a fhios againn é seo, nuair a fhaigheann teanga bás, faigheann cuid d’anam an domhain bás léi. Ach nuair a bhíonn sí faoi bhláth, nuair a labhraítear go dána agus go bródúil í, bíonn sí ina lóchrann, ina forógra nach scriosfar.
“Deirimse libh, mar sin, ná labhraígí an Ghaeilge i gcogar. Béic í. Múin í. Éiligh í. Buailtear clog na teanga ó Bhéal Feirste go Ciarraí agus ó Dhoire go Baile Átha Cliath. Bíodh sí ina glór do bhur dtodhchaí,” a dúirt Rees.
Labhair beirt daltaí iarbhunscoile ar an ardán freisin. B’in iad Rónán Ó hÍcí atá ina oifigeach Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, agus Eibhlín Ní Bhroin, dalta i gColáiste de hÍde.
Agus é ag trácht ar chóras na ndíolúintí don Ghaeilge, mhaígh Ó hÍcí gurb í teachtaireacht an rialtais faoi láthair ná “ní duitse na Ghaeilge murar ‘dalta foirfe’ thú”. Dúirt sé freisin go bhfuil “bac eile” curtha ag an rialtas roimh bhláthú na Gaeilge sa chóras oideachais ó dheas agus é fógartha go mbainfear leathuair an chloig sa tseachtain de theagasc na Gaeilge sna bunscoileanna.
“Tá pobal na Gaeilge buartha faoi thitim na teanga, agus in ionad í a neartú sa chéad chéim dár gcóras oideachais, cuireann an rialtas bac eile ar an mbóthar. Ach amhail mar atá siad ag laghdú spáis don Ghaeilge sna seomraí ranga – glacfaidh muid an spás anseo ar na sráideanna,” a dúirt sé.
Luaigh Ó hÍcí freisin an baol do mhaoiniú do theagasc na teanga sna scoileanna ó thuaidh agus a laghad roghanna atá ar fáil do dhaltaí meánscoile atá ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal leanacht den tumoideachas Gaeilge.
“Is é ár n-éileamh ná polasaí cuimsitheach don Ghaeilge ón luath-oideachas go dtí an tríú leibhéal, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach [do Theangacha], curaclam a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge ann do chách – inimircigh, páistí le riachtanais speisialta, agus cainteoirí dúchais.
“Maidir leis an tríú leibhéal, tá an rialtas tar éis gealladh go mbeidh 20% de chomhlachtaí poiblí ábalta feidhmiú i nGaeilge faoin mbliain 2030. Ach n’fheadar conas is féidir sin a bhaint amach má tá sé dodhéanta cáilíochtaí a bhaint amach i nGaeilge? Mar mhac léinn dlí in UCD, caithfidh mé an chuid is mó de mo staidéar a dhéanamh i mBéarla agus is mar sin atá ar fud na tíre – ó dhlí go hinnealtóireacht. Níl na cúrsaí trí Ghaeilge ar fáil agus cuireann sé sin bac ar thodhchaí na Gaeilge mar theanga oibre,” a dúirt sé.
Bhunaigh Eibhlín Ní Bhroin, as Tamhlacht, an club óige ‘Na Doirse Oscailte’ do pháistí idir 9-12 bliana d’aois a tháinig go hÉirinn as tíortha eile. Labhair sí leis an slua faoin dea-thaithí a bhí aici leis an teanga mar dhalta Gaelscoile agus Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath agus gan freastal mar é ann anois ag an gcéad ghlúin eile de pháistí atá ag iarraidh oideachas a fháil i nGaeilge.
“Tá 23% de na tuismitheoirí ag iarraidh a bpáistí a sheoladh go Gaelscoil ach níl ach 6% díobh ábalta spás a fháil. Tá an t-éileamh ann, agus más rud é go raibh na spotaí seo ar fáil bheadh éileamh níos mó ann fiú. Tá gá le soláthar ionas go bhfuil gach páiste in ann an deis a fháil oideachas a fháil ina theanga dhúchais. Tá sé de cheart acu,” a dúirt sí.
Luaigh Ní Bhroin an ganntanas múinteoirí a bhfuil Gaeilge acu agus an t-ualach oibre a bhíonn ar mhúinteoirí atá ag teagasc trí Ghaeilge acmhainní a chruthú dá ndaltaí.
Ag deireadh a hóráide, ghabh Ní Bhroin buíochas leis na daoine a bhí sa slua “nach bhfuil líofa go fóill” as seasamh le pobal na Gaeilge. Dúirt sí gur “inspioráid” iad na daoine sin agus go raibh pobal na Gaeilge go mór faoina gcomaoin.
Labhair Adhna Ní Bhraonáin as an Teach Mór in Indreabhán thar ceann na heagraíochta a bhunaigh sí, Bánú, faoin ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.
Dúirt sí gur “údar ríméid agus spreagadh” é na sluaite a fheiceáil amach roimpi ar Shráid Theach Laighean agus gur “údar bróid” dá raibh i láthair go bhfuil an Ghaeilge fós “beo, bríomhar, láidir, agus inár seilbh”. Dúirt sí gur “fadhb ollmhór” í fadhb na tithíochta sna ceantair Ghaeltachta agus go bhfuil an Ghaeilge féin i mbaol a báis mar gheall uirthi.
“Gan pobal láidir labhartha Gaeilge ar bhonn laethúil, ní mhairfidh an Ghaeltacht. Agus gan an Ghaeltacht, ní mhairfidh an teanga. Is í an Ghaeltacht croí na teanga agus nuair a stopann an croí, bíonn an bás ar leic an dorais. Ní féidir pobal Gaeltachta a bheith againn gan tithe a bheith ar fáil dóibh,” a dúirt sí.
Leag Ní Bhraonáin cuid mhaith den mhilleán ar an tóir a bhí ag lucht tithe saoire ar thithe sa Ghaeltacht agus mhaígh go bhfuil sé “beagnach dodhéanta” tithe a fháil ar cíos fadtéarmach ná teach a cheannach.
D’éiligh sí go bhfoilseofaí na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá geallta ag an rialtas le ceithre bliana “láithreach” agus go dtabharfaí “aitheantas speisialta teanga” ag leibhéal an Aontais Eorpaigh don Ghaeltacht, mar atá ag ceantar caomhnaithe comhshaoil in Éirinn.
Labhair Ní Bhraonáin go paiseanta ón ardán agus dhírigh a fraoch ar na polaiteoirí i dTeach Laighean.
“Thuig an dream a bhunaigh an stát an tábhacht a bhain leis an nGaeltacht nuair a cuireadh airgead i dtreo tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, céad bliain ó shin. Bhí an tír bocht an uair sin. Tá an tír saibhir anois agus níl pingin amháin féin á caitheamh ag Roinn na Gaeltachta ar thithíocht. Ní iontas ar bith é go bhfuil géarchéim ann,” a dúirt sí.
Ar deireadh, labhair Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, a toghadh níos luaithe i mbliana. Ghabh sé buíochas “ó bhun [a] chroí” leis an slua as a bheith i láthair ag an mórshiúl agus dúirt gur “mór an spreagadh” é pobal na Gaeilge dó féin.
Dúirt Mac Giolla Bhéin, a tógadh i mBéal Feirste, gur “táirge” é féin den “ghluaiseacht spleodrach teanga” a bhí sa chathair sin agus go bhfuil an fhís a tógadh “ó luaithreach na coimhlinte” á fíorú lá i ndiaidh lae.
Ghabh sé buíochas le Heulyn Rees, fear na Breataine Bige a labhair roimhe, agus thagair do sprioc rialtas na tíre sin milliún cainteoir Breatnaise a chruthú faoin mbliana 2050.
“Cén fáth nach féidir lenár rialtas i mBaile Átha Cliath déanamh amhlaidh? Cén fáth a bhfuil an Ghaeilge fós in áit na leithphingine nuair a dúradh linn go bhfuil níos mó airgid ag an stát ná riamh?
“Is í an ghéarchéim infheistíochta a spreag an leagan is déanaí den ghluaiseacht dhearg seo a chairde, agus tá géarchéim ann. Tá grúpaí pobail ar fud na tíre ag déanamh cinnte deacra gach uile lá maidir le scéimeanna pobail a ghearradh siar, oifigí a oscailt nó a dhúnadh agus scaoileadh le baill foirne,” a dúirt sé.
Dúirt sé gur “cúis náire” iad an titim atá tagtha ar an airgead a chuirtear ar fáil don Ghaeilge ó dheas le scór blianta anuas agus an céatadán fíoríseal den bhuiséad a chaitear ar an teanga ó thuaidh.
Dúirt Mac Giolla Bhéin go gcaithfidh “deireadh teacht le ré an bhéalghrá” don teanga agus go gcaithfí a bheith “macánta faoi na laigí agus na teipeanna”.
“Caithfimid fís níos forásaí a leagan amach dúinn féin sa todhchaí leis na hathruithe móra atá os ár gcomhair. Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, bhí cur i gcéill i ndlínse amháin agus cos ar bolg sa dlínse eile. Is mithid dúinn níos fearr a éileamh, ár n-ionchais a ardú…an bhfuil muid sásta glacadh leis an sop in áit na scuaibe ar feadh céad bliain eile?”
Ba iad na craoltóirí Síomha Ní Ruairc agus Hugh Carr a bhí ina bean agus fear tí ag an ócáid agus bhí ceol ann ó leithéidí Bhreanndáin Uí Bheaglaoich, Huartan, Niamh Ní Dhubhgáin agus Ispíní na hÉireann. Mhair an agóid tuairim is ceithre uair an chloig ó thosaigh na sluaite ag cruinniú ag Cearnóg Parnell go dtí gur scaip an slua ar Shráid Theach Laighean tar éis na n-óráidí.
Fág freagra ar '‘Caithfidh deireadh teacht le ré an bhéalghrá’ – lucht agóide ag súil go bhfágfaidh mórshiúl a rian ar an mbuiséad'