Tá síneadh ama eile curtha leis na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.
Ag labhairt dó i bParlaimint Westminster tráthnóna, d’fhógair Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, síneadh ama eile leis na cainteanna agus dúirt sé go raibh dóchas aige fós go dtiocfaí ar réiteach sna laethanta amach romhainn.
Dúirt Brokenshire go raibh dul chun cinn déanta sna cainteanna faoi chúrsaí teanga, cultúir agus féiniúlachta ach go raibh easaontas i gcónaí idir na páirtithe. Dúirt sé gur chreid sé gurbh fhéidir fós teacht ar chomhaontú an tseachtain seo.
Sa chás nach dtarlódh sin, dúirt sé go bhféadfadh nach mbeadh aon rogha ann ach reachtaíocht a thabhairt isteach chun údarás ar chaiteachas a thabhairt do státseirbhísigh Stormont. Dúirt sé, áfach, nach raibh tráth “na géarchéime sin” sroichte fós.
Dúirt sé go raibh dualgas air cuimhneamh chomh maith ar dháta do thoghchán tionóil eile, ach gurbh é leas an Tuaiscirt athbhunú an fheidhmeannais agus gur air sin a bheifí ag díriú “sna laethanta cinniúnacha amach romhainn”.
D’fhógair Brokenshire chomh maith tráthnóna gur thángthas ar aontú le linn na gcainteanna maidir le reachtaíocht a thabhairt isteach ó thuaidh i dtaobh síntiúis pholaitíochta.
Ba í ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart an chnámh spairne is mó le linn an bhabhta idirbheartaíochta is déanaí idir an DUP agus Sinn Féin agus ba í ceist na reachtaíochta Gaeilge ba mhó ba chúis le teip na gcainteanna.
Tá Sinn Féin ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chosanta don Ghaeilge amháin, ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas chomh maith don Ultais agus do ghnéithe den chultúr Oráisteach.
Roimh fhógra Brokenshire tráthnóna, dúirt an MLA de chuid Shinn Féin Conor Murphy “nach raibh aon phráinn le brath” i ndearcadh an DUP agus gur beag seans go dtiocfaí ar réiteach “sa ghearrthéarma”.
Dúirt Murphy nach raibh aon rogha ann ach stad den chaint toisc “a naimhdí” is a bhí na cainteanna.
“Anois agus an 12 Iúil ag teannadh linn, tá an t-atmaisféar chomh naimhdeach sin nach bhfuil bogadh ná sá i ndán don DUP faoi cheist ar bith,” a dúirt Murphy.
Mhaígh sé nach raibh an DUP sásta dul i ngleic le ceisteanna a bhain le comhionannas agus cearta, na ceisteanna céanna a chniog na hinstitiúidí sa chéad áit, dar leis.
“Tá 19 bliain ann ó Chomhaontú Aoine an Chéasta agus 10 mbliana ó Chomhaontú Chill Rímhinn agus tá an DUP fós ag cur stop le hAcht na Gaeilge, Bille Ceart, an comhionannais pósta, ceisteanna oidhreachta agus ceisteanna measa san Tionól.
“Má táthar chun na hinstitiúidí a bhunú athuair ní mór sin a dhéanamh bunaithe ar mheas agus comhionannas,” a dúirt Conor Murphy.
Dúirt Simon Hamilton, duine de lucht idirbheartaíochta an DUP ag an deireadh seachtaine, gur “bua 10-0” a bhí ag teastáil ó Shinn Féin sna cainteanna.
Tá ceist an Achta Gaeilge go mór i mbéal an phobail ó dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP, i mí Feabhra nach nglacfadh a páirtí go deo le hAcht Teanga. Chuir Foster Sinn Féin agus a n-éileamh ar Acht i gcomparáid le “crogaill a bhíonn ag iarraidh i gcónaí”, ráiteas conspóideach a chuir ceist na Gaeilge i lár an aonaigh pholaitiúil ó thuaidh.
I ndiaidh thoghchán an Tionóil i mí an Mhárta bhuail ceannaire an DUP le grúpaí Gaeilge ó thuaidh in iarracht, a dúirt sí, teacht ar thuiscint níos fearr ar chás agus ar chultúr na teanga.
Roimh thoghchán Westminster i mí an Mheithimh thug Foster le fios go bhféadfadh go dtacódh sí le hAcht Teanga a thabhairt isteach fad is go léireofaí chomh maith meas ar an Ultais, ar an gcultúr ‘Oráiste’ agus ar an gcultúr Briotanach.
Tá ceist an Achta Teanga i measc na gconstaicí is mó ó shin san idirbheartaíocht atá ar siúl maidir le hathbhunú Fheidhmeannas Stormont.
Cé go raibh easaontas ann mar gheall ar chostas an Achta is í an chnámh spairne is mó anois ná cineál na reachtaíochta a thabharfaí isteach – Acht teanga don Ghaeilge amháin, mar atá á éileamh ag Sinn Féin, nó Acht Cultúir mar atá á éileamh ag an DUP.
Tá Rialtas na hÉireann ag tacú leis an éileamh ar Acht don Ghaeilge amháin.
Gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn go dtabharfaí reachtaíocht teanga isteach, ach tá ráite ag polaiteoirí sinsearacha de chuid an DUP, iarcheannaire an pháirtí Peter Robinson ina measc, nár ghlac siad riamh lena leithéid agus gur buaileadh bob orthu le linn na gcainteanna faoin gcomhaontú sin.
Ghlac na mílte duine páirt san fheachtas ‘Dearg le Fearg’ ó thuaidh, feachtas a cuireadh ar bun chun Acht Gaeilge a éileamh.
Fág freagra ar 'Cainteanna Stormont agus ceist an Achta Gaeilge curtha ar an méar fhada arís'