Tá cáineadh géar déanta ag Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge ar líomhain a rinne an Taoiseach Micheál Martin go raibh “uirlis troda” á déanamh den Ghaeilge le linn an fheachtais toghcháin don uachtaránacht.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin le RTÉ News inné nár cheart go n-úsáidfí an Ghaeilge mar “arm”, nó uirlis troda, in aghaidh iarrthóirí do thoghchán na huachtaránachta. Cuireadh ceist ar an Taoiseach agus é ar a bhealach go cruinniú rialtais faoi chumas Gaeilge Jim Gavin, atá ag seasamh do thoghchán na huachtaránachta d’Fhianna Fáil.
Dúirt an Taoiseach nár cuireadh bac riamh cheana ar dhuine seasamh d’oifig an uachtaráin mar gheall ar easpa Gaeilge agus gur toghadh daoine nach raibh Gaeilge acu ina n-uachtarán cheana.
“Toghadh uachtaráin roimhe seo nach raibh cumas sa Ghaeilge acu agus bhí siad ar fheabhas mar uachtaráin. Agus is dóigh liom go bhfuil sé seo i gceist i gcás iarrthóirí eile.
“Ní hé Jim Gavin amháin [nach bhfuil Gaeilge aige]. Mar sin, is dóigh liom go bhfuil sé beagáinín mífhéaráilte, agus níor cheart an teanga a úsáid mar uirlis troda ar an gcaoi sin riamh,” a dúirt an Taoiseach taobh amuigh de Theach Laighean.
Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur cúis náire ag an Taoiseach uirlis troda a lua leis an teanga.
“Le fada an lá, tá dream ann sa tír seo atá sásta caitheamh anuas ar an nGaeilge mar “armlóin” nó drochrud, ualach gur chóir dearmad a dhéanamh uirthi, agus is náireach an rud é go bhfuil an Taoiseach ag glacadh páirte sa chur chuige céanna, go háirithe tar éis na cleasaíochta a rinne sé sa Dáil níos luaithe sa bhliain seo faoi bheith ‘ag insint bréag’.
Dúirt Ó Snodaigh nár chóir “armlóin” a dhéanamh den Ghaeilge ach nár chóir í a fhágáil ar lár ach oiread.
“Ba chóir go n-aithneofaí ní hamháin go bhfuil an Ghaeilge martcháilíocht luachmhar don phost ach go bhfuil sí mar chuid rí-thábhachtach lárnach den ról. Ní cóir go mbeadh easpa líofachta ina bhac roimh duine ar bith dul san iomaíocht, ach ba chóir go mbeadh daoine ionraic faoina leibhéal cumais sa teanga agus faoin fhís atá acu don teanga, in áit athrá a dhéanamh ar sheangheallúintí go bhfoghlaimeoidh siad í amach anseo, mar a dúirt Heather Humphreys agus í ceaptha ina haire Gaeltachta.
“Ba chóir go mbeadh an pobal ar an eolas faoin gcumas atá ag an té atá in ainm is a bheith ina ‘thaca agus dídean’ don Bhunreacht, go háirithe nuair is í an leagan Gaeilge an leagan údarásach de réir Airteagal 25.”
Cháin Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, ráiteas an Taoisigh freisin agus dúirt go raibh “an-díomá” ar an eagraíocht teanga an méid a dúirt Micheál Martin a chloisteáil.
“Ní dóigh liomsa gur cheart go raibh an Taoiseach ag rá gur uirlis troda a bhí i gceist ó thaobh na teanga de. Ag deireadh an lae, tá muid ag caint go mbeadh pé duine atá ag seasamh don uachtaránacht in ann labhairt i gcéad teanga oifigiúil na tíre le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Cén fáth nach mbeadh muid ag súil leis go mbeadh Gaeilge ag an duine atá ag seasamh don uachtaránacht? Agus sílim, an fhoclaíocht a bhí in úsáid ag an Taoiseach, nach raibh sé ceart aige na focail sin a úsáid. Mar níl aon duine ag breathnú [ar an nGaeilge] mar uirlis troda,” a dúirt de Spáinn ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné.
Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách, an t-aon iarrthóir go dtí seo atá ina cainteoir líofa Gaeilge.
Nuair a d’fhógair Connolly a feachtas don uachtaránacht, dúirt sí le Tuairisc gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán agus tá geallúint tugtha aici go mbeadh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar cheann de “téamaí móra” na hoifige dá dtoghfaí í.
Tá geallúint tugtha ag Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael do thoghchán na huachtaránachta, go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge sa chás go dtoghfaí ina huachtarán an mhí seo chugainn í.
Dúirt Humphreys go bhfuil “an cúpla focal” aici ach go gcuirfeadh sí feabhas ar a scileanna teanga dá dtoghfaí í.
Ní cainteoir líofa Gaeilge ach oiread é, Jim Gavin, iarrthóir Fhianna Fáil. Dúirt sé go bhfuil sé “báúil” don Ghaeilge agus go bhfoghlaimeodh sé í dá dtoghfaí é.
Dr Liam P. Ó Murchú
Díol suime nár luadh an scéal seo in aon chor ar Nuacht TG4 aréir. Súil eile, súil chaoch, ab ea? Níl sé luaite ach a oiread ar Irish Times an lae inniu.
Liam P. Ó Murchú,
Corcaigh.
An Teanga Bheo
Agus do aois a bheith 35 bliana gan Gaeilge ach céard faoi do Chreidheamh >
Sinéad Ní Nuáin
Ag rá go bhfoghlaimeoidh tú an Ghaeilge má fhaigheann tú an póst- sin an rud is measa a chuala mé riamh!
Ciarán O Fátharta
An bhfuil dul amú orm ach nach bhfuil baint ag deartháir Jim Gavin le Oireachtais na Gaeilge agus scoth na Gaeilge aige?
Nó an bhfuil duine éigin eile ar intinn agam.
Dr Piarda Mór
Molaimse ‘Cáit Ní Dhuibhir’ mar abhar Uachtaráin.
Tá sé ráite sa tairngireacht go mbeidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir.