Caidreamh casta mhionteangacha na Fraince leis an stát

Seo spléachadh ar chuid de na fadhbanna a bhaineann leis na mionteangacha sa Fhrainc

Caidreamh casta mhionteangacha na Fraince leis an stát

Domhandú cultúrtha, brú eacnamaíoch, athrú déimeagrafach, scrios timpeallachta – na príomhchúiseanna le meath na mionteangacha, tá siad aitheanta agus pléitear go forleathan iad.

Ach is minic a bhíonn cúiseanna breise i gceist, cúiseanna a bhaineann go sainiúil le gach tír. Anseo sa Fhrainc, mar a bhfuil mé i mo chónaí le breis is tríocha bliain, ba dheacair labhairt faoi aincheist na mionteangacha gan trácht ar naimhdeas stairiúil an stáit i leith a mhionteangacha féin.

Ní beag an tsuim atá agam i dteangacha áitiúla na Fraince, ní haon ionadh sin agus scéal casta coscrach na Gaeilge i mo thír féin. Maidir le mionteangacha na Fraince, tá muintearas déanta agam le roinnt mhaith daoine atá dátheangach i gcaitheamh na mblianta – daoine atá líofa sa Bhriotáinis, sa Chorsaicis agus sa Bhascais den chuid is mó (ach súil agam fós bualadh leosan a bhfuil an Alsáisis, an Ocsatáinis, an Ghascóinis nó an Ghallóis féin ar a dtoil acu), agus is ábhar mearbhaill domsa agus dóibhsean i gcónaí chomh diúltach is atá an Stát agus a chuid institiúidí ina dtaobh.

Is cinnte gur ceist ollmhór agus ilghnéitheach í an cheist í stádas na mionteangacha sa Fhrainc; ar ndóigh, tá ábhar leabhar agus tráchtais ann. Mar sin, níl anseo ach spléachadh beag uirthi – cuntas beag ar thrí eachtra bheaga a chuaigh i bhfeidhm ormsa, eachtraí a thit amach ar na saolta deireanacha agus ina bhfuil, dar liom, léargas cruinn ar chroí na ceiste.

Trouble sur L’Île de Beauté

Mí na Nollag, 2015, Ajaccio na Corsaice. I ndiaidh dá pháirtí scarúnaíoch bua beag a fháil sna toghcháin réigiúnacha, sheas a cheannaire Jean-Guy Talamoni os comhair an tionóil agus thug faoina aitheasc oirnithe go mórtasach. Baineadh siar as cuid mhaith daoine, mar is as teanga a shinsear a labhair sé, a theanga féin, an Chorsaicis – b’in é an chéad uair a rinneadh amhlaidh sa tionól. Más ócáid shuairc agus údar bróid a bhí ann do mhóramh phobal an oileáin, níor mar sin a bhí an scéal ar mhórthír na Fraince. Bhí sé ina sheanraic, agus na príomhpholaiteoirí ag sárú a chéile chun a n-uafás a chur in iúl.

Bhí an príomh-aire, Manuel Walls, an-chorraithe ar fad – “Níl ach teanga amháin sa République, agus sin í an Fhraincis!” a mheabhraigh sé go daingean. Jean-Luc Melenchon, fear láidir de chuid na heite clé, a ghiolc amach díreach gur airigh sé maslaithe go raibh “ceannaire ar thionól áitiúil ag labhairt teanga éigin nár thuig sé” (sin an fear ceannann céanna a mhaígh nach raibh ach “seict” sna scoileanna lán-Bhriotáinise Diwan agus é ina Aire Stáit Oideachais). Mhaígh Jean-Pierre Chevènement, iar-Aire Gnóthaí Baile, go raibh an scéal scannalach agus go raibh baol ann “go scriosfaí an spás náisiúnta”.

Ní rud nua sa Fhrainc an naimhdeas seo i leith na mionteangacha, níl ann ach dul na blianta siar go dtí Réabhlóid na Fraince chun teacht ar bhunús an teannais. Go hachomair, dhá fhaicsean a tháinig slán as an anord, na Jacobins agus na Girondins. Chreid an chéad dream, i bhfianaise éagsúlacht ainrialta na réigiún, go raibh gá le stát láidir aontaithe a bheadh láraithe i bPáras (sin an dream céanna a raibh dúil ainmheasartha acu sa dícheannadh). Ba mhór ag an dara dream acu an éagsúlacht chéanna agus bhí siad ag iarraidh stát cónaidhme a chur chun cinn, stát ina mbeadh neamhspleáchas ag na réigiúin. Ní gá a rá gur leis an gcéad dream, na Jacobins, a bhí an lá.

Feictear an naimhdeas seo go sonrach i scéal na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Rinne an Fhrainc an Chairt a shíniú i 1992, ach ó shin i leith ní dhearna í a dhaingniú sa dlí. Bhí síniú na cairte mar ghealltanas toghcháin ag ceathrar uachtarán i ndiaidh a chéile (Chirac, Sarkozy, Hollande, Macron faoi seach) , ach níor tharla dada go nuige seo. Chun í a dhaingniú, níor mhór airteagal bhunreacht na Fraince maidir le príomháit na Fraincise a leasú, agus sin rud is leasc le haon cheannaire i gcumhacht a dhéanamh ar eagla go gcuirfí olc ar an bhfaicsean Jacobin a bhfuil tionchar as cuimse aige fós. Ar an gcaoi sin, tá lucht labhartha na mionteangacha sa Fhrainc ag fanacht anois le 30 bliain le cairt mionteangacha – gan amhras táthar ann abhus a bheadh in éad leis na hÉireannaigh ó thuaidh nach bhfuil ag fanacht le hacht teanga ach le 15 bliain!

Maidir leis an gCorsaicis féin, ní miste a chuimhneamh gurb í an teanga sin an chéad teanga a bhí ag an bhFrancach ba mhó cáil agus ba mhó gaisce dá raibh ann riamh –  Napoléon Bonaparte féin. Nuair a cuireadh ar scoil é ar an mórthír, ní raibh ach drochFhraincis aige, agus rinneadh magadh gránna faoina chanúint. Mar sin féin, níorbh eisean an t-aon duine amháin a bhí thíos leis an idirdhealú seo; ag an tréimhse sin, ar an 22 milliún daoine a bhí sa Fhrainc, meastar nach raibh ach 3 milliún in ann Fraincis a labhairt, agus i bhfad níos lú fós in ann í a scríobh – is í an Fhraincis féin a bhí ina mionteanga san aimsir sin.

L’affaire Fañch

Mí na Bealtaine, 2017, Quimper na Briotáine. Rugadh buachaill beag ar mhian lena thuismitheoirí Fañch a bhaisteadh air. Is ársa agus seanbhunaithe an t-ainm baiste é Fañch i dtír na mBriotanach; tá an tilde chomh riachtanach sa Bhriotáinis is atá an síneadh fada i nGaeilge chun an fuaimniú a thabhairt slán. Bhí go maith, ach tháinig cor sa scéal nuair a diúltaíodh i gclárlann na cathrach an t-ainm a aithint ar an mbonn nach raibh an diacritic seo ceadaithe de réir reachtaíocht an République.

Bhí tús curtha leis an aighneas ar ar baisteadh ‘Caismirt an Tilde’, aighneas a mhair ar feadh na mblianta agus atá fós ar siúl. Tá cuntas grinn agus cruinn air i leabhar a foilsíodh le déanaí, “Fañch, le prénom breton qui a fait trembler la République”. I ndiaidh cásanna cúirte, achomhairc agus athbhreithniú, i gcúirteanna beaga is móra, sa Bhriotáin agus i bPáras, i ndiaidh plé achrannach, idir phointí teicniúla teangeolaíochta agus bhunphrionsabail an bhunreachta, níor thángthas ar aon réiteach. Scéal áiféise a bhí ann, agus ar ndóigh baineadh amach buaicphointe na háiféise leis an mbreith a thug ardbhinse Quimper ar an gceist – mar dhea, “gurbh ionann glacadh leis an tilde agus scrios a dhéanamh ar chumas an stáit aontacht agus comhionannas na tíre a chaomhnú beag beann ar bhunús a saoránach.” Áiféis agus íoróin sa bhreis sa scéal – le linn na conspóide cé a bhí ina aire stáit ar Ghnóthaí Baile, ach fear de bhunús Portaingéalach, fear darb ainm Laurent Nuñez.

Níl réiteach ann fós, ach ar an dea-uair, de réir dealraimh bhí bua beag ag an bpragmatachas, mar glactar anois leis an tilde ar bhonn áitiúil agus go discréideach neamhoifigiúil. Is maith an rud agus is mithid do Fañch atá in aois a ainm a scríobh le tamall maith. Idir an dá linn, deirtear go bhfuil cuid mhaith Fañch eile tagtha ar an saol sa Bhriotáin, agus cúpla Aña agus João i gceantair eile. Agus de réir na dtuairiscí is déanaí tá an République fós ina sheasamh.

La Loi Mollac

Mí Aibreáin, 2021, L’Assemblée Nationale, Páras. Ritheadh faoi dheireadh an Loi Molac, saghas acht teanga à la sauce républicaine a raibh mar phríomhfhoráil aige maoiniú a cheadú do scoileanna a chuireann ar fáil tumoideachas sna teangacha áitiúla. Na scoileanna Diwan agus Ikastolas a bhí i gceist go príomha, scoileanna lán-Bhriotáinise agus lán-Bhascaise, a bhfuil an-rath orthu le caoga bliain anuas, scoileanna a bhfuil thart ar 10,000 dalta ag freastal orthu faoi láthair, líon atá ag ardú go seasta. Rud dochreidte, de réir dhlíthe an République, bhí cosc iomlán ar mhaoiniú stáit go nuige seo.

Cúis ríméid agus faoisimh a bhí ann do lucht tacaíochta na scoileanna, cinnte, ach ba ghearr a mhair a lúcháir, mar bhí grúpa beag de pholaiteoirí de chlaonadh Jacobin buartha faoin bhforbairt seo agus chuir siad an reachtaíocht faoi bhráid an Conseil Constitutionnel chun í a mhionscrúdú. Is éard atá i gceist sa Conseil ná ardchúirt, an chúirt is airde sa tír, cúirt a bhfuil de chúram uirthi ceisteanna a bhaineann leis an mbunreacht a chíoradh. Dream beag d’iar-airí coimeádacha atá sa chomhairle seo, dream beag ceartaiseach a bhfuil righneas Robespierre curtha sa mhullach ar réasúnaíocht Descartes acu.

Ar tharla ansin, chuirfeadh sé i gcuimhne duit gurb í an tír seo an tír chéanna a bhronn Gluaiseacht an Osréalachais ar an saol mór, mar chinn an Conseil nach é amháin go raibh an maoiniú a bhí beartaithe neamhdhlíthiúil, ach mar bharr ar an donas, an rud a bhí á dhéanamh ag na scoileanna le caoga bliain – tumoideachas i dteangacha áitiúla – bhí sé sin neamhdhlíthiúil chomh maith, toisc é a bheith ag teacht salach ar an mbunreacht a mhaíonn gurb í an Fhraincis, agus an Fhraincis amháin, teanga an République. A bhuí le cinneadh an Conseil, an t-acht a bhí ceaptha tumoideachas a éascú, ba é an t-acht ceannann céanna faoi dheireadh a chuirfeadh bac iomlán air.

Ag an am céanna, ná bímis ródhíspeagúil faoi righneas na bhFrancach i dtaobh a mbunreachta. Tá poblacht eile san Eoraip a bhfuil, amhail an Fhrainc, tús áite tugtha aici ina bunreacht don teanga atá in ainm is a bheith ina príomhtheanga ( Airteagal 8, mar dhea). Rithfeadh sé leat dá mbeadh ag an bpoblacht seo a leath, nó an deichiú cuid fiú, den díograis atá léirithe ag na Francaigh chun a bhfuil dearbhaithe ina mbunreacht a chosaint, bheadh ar a laghad teanga amháin san Eoraip nár mhionteanga a thuilleadh í.

Ar aon chuma, maidir le ceist an tumoideachais sa Fhrainc, i láthair na huaire níl fuascailt uirthi fós, ach ar an dea-uair agus de réir a chéile tá borradh ag teacht faoin tuairim go bhfuil géarghá leis an mbunreacht a leasú chun deireadh a chur leis an díchéillí seo.

Sin spléachadh daoibhse in Éirinn ar chuid de na fadhbanna a bhaineann leis na mionteangacha sa Fhrainc. Cinnte, tá cúrsaí casta, agus ní hionann na fadhbanna abhus agus na cinn thall ach ní miste uaireanta cuimhneamh ar chéadlíne an úrscéil úd de chuid Tolstoy : ‘Gach teaghlach sona, sona  mar an gcéanna – ach gach teaghlach míshona, míshona ar a bhealach féin.’ Mar a chéile leis na teangacha é.

Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'Caidreamh casta mhionteangacha na Fraince leis an stát'

  • Kevin Ó Tuathaigh

    An-suimiúl ar fad! Tá súil agam go bhfeabhasóidh rudaí sa todhchaí óir go bfhuil luach ar leith ag baint leis na mionteangacha.

  • Cat the Baron

    “Jacobins agus na Girondins. Chreid an chéad dream, i bhfianaise éagsúlacht ainrialta na réigiún, go raibh gá le stát láidir aontaithe a bheadh láraithe i bPáras.
    Ba mhór ag an dara dream acu an éagsúlacht chéanna agus bhí siad ag iarraidh stát cónaidhme a chur chun cinn, stát ina mbeadh neamhspleáchas ag na réigiúin.”

    Samhlaigh dá mbeadh an bua ag na Girondins. Seans go mbeadh an Fhrainc ina tír ilteangacha go fóill (múnla na hÉilvéise b’fhéidir?), agus b’fhéidir nach dtiocfadh coincheap an náisiúin mar a cheaptar anois air chun cinn i naon chor!

  • brigid

    Iontach suimiúl. Bhíomar sa Fhrainc don Tour De France i 2016. Thug foireann na mBriotánach bratach dúinn saor in aisce ach bhí mearbhall orainn go raibh Francaigh eile a rá linn go mba cheart é a chaitheamh uainn. Bíonn teannas ann gan dabht.